Fáilte chuig Gael Linn

Bunaíodh Gael Linn i 1953 agus tá cáil na fiontraíochta air ó shin, go háirithe trí na gnóanna a bhunaigh an comhlacht sa Ghaeltacht. Leanann an comhlacht leis an bhfealsúnacht fiontraíochta a chur chun cinn tríd an réimse leathan d’imeachtaí a dtugann foireann Gael Linn fúthu ó bhliain go bliain.

Is í príomhaidhm na heagraíochta ná an Ghaeilge agus a hoidhreacht a chothú agus a chur chun cinn ar fud na hÉireann i réimsí polasaí agus pobail, mar theanga bheo agus mar spreagadh féiniúlachta. Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tácú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.