Buaiteoirí Chomórtas Díospóireachta Gael Linn don Tríú Leibhéil ag ceiliúradh !

Ó chlé: Aindriú Ó Faoláin agus Eoin Ó Murchú ón gColáiste
Ollscoile, Baile Átha Cliath ag glacadh le Corn Gael Linn/The Irish Times
ó Phríomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin, tar éis a mbua
ag an gcomórtas díospóireachta a reáchtáil Gael Linn don tríú léibhéil
le linn Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne.
Tá foireann díospóireachta ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ag ceiliúradh tar éis a mbua i gComórtas Díospóireachta Gael Linn ar na mallaibh. Reáchtáil Gael Linn an comórtas seo do lucht tríú leibhéil i gcomhar le hAodhán Ó Deá, Comhordaitheoir na gCumann Gaelach agus le Peadar de Blúit, Aontas na Mac Léinn in Éirinn.
Eagraíodh réamhbhabhta cáilithe i mBaile Átha Cliath roimhré, agus bhí an chraobhchomórtas ar siúl san Óstán Brehon, Cill Áirne ar an Satharn, 5 Samhain 2011, le linn Oireachtas na Gaeilge, ar a raibh na céadta macléinn ag freastal ó choláistí tríú leibhéil ar fud na tíre. Ceithre fhoireann ar fad a bhí páirteach ann - Coláiste Phádraig, Droim Conrach, BÁC ( Paula Melvin, Síomha Ní Mhuirí ); Coláiste na Tríonóide, BÁC ( Pádraig Schaler, Níamh Ní Chróinín ); Coláiste na hOllscoile, Corcaigh ( Fodhla Ní Chonchúir, Ciara Wallace ) agus An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ( Eoin Ó Murchú, Aindriú Ó Faoláin)
Phlé na foirne an rún tráthúil ‘Réiteodh réabhlóid fadhbanna na tíre seo!’ agus labhair gach cainteoir ar feadh seacht nóiméad. Bhí cead ag baill an fhreasúra pointí eolais a thabhairt do na cainteoirí agus iad i mbun óráide, agus bhí díospóireacht bhreá bhríomhar ann mar thoradh ! D’éirigh leis na cainteoirí uile suim, spéis agus fiosracht an lucht éisteachta a mhúscailt ! Is é Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, a bhí mar chathaoirleach agus a stiúraigh an ócáid go paiteanta. Chuir aoichainteoir na hoíche, an t-iriseoir Tomaí Ó Conghaile, an-spéis sa mhéid a bhí le rá ag na cainteoirí uile a labhair agus mhol sé go hard iad as a scileanna díospóireachta!
Triúr a bhfuil bua na cainte acu féin a bhí ag moltóireacht– Áine Hensey, Gerry Motherway agus Kevin de Barra – agus bhí jab deacair le déanamh acu ! Fógraíodh ar deireadh gurb iad Eoin Ó Murchú agus Aindriú Ó Faoláin ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, na curaidh agus bronnadh Corn Gael Linn/The Irish Times agus duais €100 an duine orthu. Bronnadh €50 an duine ar Paula Melvin agus ar Shíomha Ní Mhuirí ó Choláiste Phádraig, Droim Conrach a tháinig sa dara háit. Agus é ag tréaslú leis na duaiseoirí, dúirt Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Antoine Ó Coileáin ‘Tá Gael Linn le fada an lá ag tacú le comórtais díospóireachta sna coláistí tríú leibhéil. Is áthas linn go bhfuil Corn Gael Linn/The Irish Times le bronnadh arís ar chainteoirí chumasacha. Tá fréamhacha Gael Linn san earnáil seo agus aithnímid go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath cuid mhór ar an earnáil chéanna i gcónaí.’

Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmannach Gael Linn, Na buaiteoirí, Aindriú Ó Faoláin agus Eoin Ó Murchú
ag tréaslú le foireann Choláiste Phádraig, Droim le heagraí na hócáide agus cathaoirleach na hoíche,
Conrach, Síomha Ní Mhuirí (ar chlé) agus Paula Melvin Seán Ó Ceallaigh.
(ar dheis), tar éis dóibh an dara háit a bhaint amach
sa chomórtas.