^Top of Page

Nuacht Archive

Comórtas Díospóireachta An Phiarsaigh 2012 - Craobhacha Réigiúnacha Buailte Linn !

          Tá Craobhacha Réigiúnacha de chuid Comórtas Díospóireachta an Phiarsaigh 2012 buailte linn !

Comórtas é seo atá á reáchtáil go bliantúil ag Gael Linn ó 1959 i leith do scoileanna dara leibhéil ar fud na tíre.  Thosaigh ós cionn 150 foireann amach sa chomórtas  ag tús mhí na Samhna seo caite, agus 32 foireann, idir foirne sóisearacha agus sinsearacha, atá tagtha chun cinn go dtí na Craobhacha Réigiúnacha.  Tá an-chreidiúint ag dul do mhúinteoirí na bhfoirne as tabhairt dá gcuid ama chun na cainteoirí óga a stiúradh.

Tá eolas faoin gceithre Chraobh thíos. Bronnfar gradaim aitheantais ar na cainteoirí ar fad a bheidh páirteach san díospóireachtaí seo.Rachaidh foireann amháin ar aghaidh ó gach díospóireacht ( idir Sóisear agus Sinsear ) go dtí Craobh na hÉireann.  Is ar an 28 nó 29 Márta 2012 a bheidh Craobh na hÉireann, agus socrófar ionad lárnach ag brath ar na foirne a bheidh páirteach ann.

Go n-éirí go geal leis na foirne uilig sna babhtaí amach anseo !  Coinnigh súil amach anseo agus ar leathanach Facebook Gael Linn do thorthaí agus do ghrianghraif ó na hócáidí ar fad.
 
Craobh 1:
Ionad: Fermoy Suite, Óstán Randles Court, Cill Airne, Co. Chiarraí
Dáta: Dé Céadaoin, 22 Feabhra, 2012              
5.00p.m.- CRAOBH NA SÓISEAR
Foireann A: Coláiste na Toirbhirte, An Mhairdíog, Corcaigh     (I bhfabhar an rúin)
Foireann B: Coláiste an Chroí Naofa, Carraig na bhFear, Co. Chorcaí      (I gcoinne an rúin)
Foireann C: Meánscoil na Trócaire, Trá Lí, Co. Chiarraí      (I bhfabhar an rúin)
Foireann D: An Scoil Idirmheánach, Cill Orglan, Co. Chiarraí     (I gcoinne an rúin)
Rún: Cuireann na hollmheáin chumarsáide an iomarca béime ar chúrsaí spóirt!
6.15p.m. – CRAOBH NA SINSEAR
Foireann A: Coláiste na Toirbhirte, An Mhairdíog, Corcaigh     (I bhfabhar an rúin)
Foireann B: Coláiste Íde agus Iosef, Mainistir na Féile, Co. Luimnigh     (I gcoinne an rúin)
Foireann C: Scoil Mhuire, Ráth Luirc, Co. Chorcaí    (I bhfabhar an rúin)
Foireann D: Meánscoil an Chroí Naofa, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí    (I gcoinne an rúin)
Rún: Is rud maith é go bhfuil deireadh ag teacht le cultúr an tí tábhairne in Éirinn!
 
Craobh 2:
Ionad: Óstán McWilliam Park, Clár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo
Dáta: Dé Luain, 27 Feabhra, 2012         
5.00p.m.-  CRAOBH NA SÓISEAR
Foireann A: Pobalscoil Ghort Inse Guaire, Gort Inse Guaire, Co. na Gaillimhe     (I bhfabhar an rúin)
Foireann B: Colaiste Bhreandáin Naofa, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo      (I gcoinne an rúin)
Foireann C: Coláiste Naomh Sheosaimh, Gearrbhaile, Co. na Gaillimhe               (I bhfabhar an rúin)
Foireann D: Coláiste Pobail Átha Luain, Áth Luain, Co. na hIarmhí                        (I gcoinne an rúin)
Rún: Cuireann na hollmheáin chumarsáide an iomarca béime ar chúrsaí spóirt!
6.15p.m. – CRAOBH NA SINSEAR
Foireann A: Meánscoil Mhuire gan Smál, Ros Comáin     (I bhfabhar an rúin)
Foireann B: Coláiste Pobail Átha Luain, Áth Luain, Co. na hIarmhí     (I gcoinne an rúin)
Foireann C: Coláiste Ghearóid Naofa, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo     (I bhfabhar an rúin)
Foireann D: Pobalscoil Ghort Inse Guaire, Gort Inse Guaire, Co. na Gaillimhe     (I gcoinne an rúin)
Rún: Is rud maith é go bhfuil deireadh ag teacht le cultúr an tí tábhairne in Éirinn!
 
Craobh 3:
Ionad: Óstán an Glenroyal, Maigh Nuad, Co. Chill Dara
Dáta: Dé Luain, 5 Márta, 2012         
5.00p.m.-  CRAOBH NA SÓISEAR
Foireann A: Meánscoil Naomh Mhuire, Glasnaíon, BÁC                             (I bhfabhar an rúin)
Foireann B: Coláiste Chiaráin, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara             (I gcoinne an rúin)
Foireann C: Coláiste De La Salle, Dún Dealgan, Co. Lú                              (I bhfabhar an rúin)
Foireann D: Meánscoil Iosaif Naofa, Leamhcán, BÁC                                 (I gcoinne an rúin)
Rún:
Tá áit go fóill ag an reiligiún i saol an déagóra in Éirinn!

6.15p.m. – CRAOBH NA SINSEAR
Foireann A: Meánscoil Mhuire, An Longfort                                                   (I bhfabhar an rúin)
Foireann B: Meánscoil Naomh Mhuire, Glasnaíon, BÁC                               (I gcoinne an rúin)
Foireann C: Meánscoil Iosaif Naofa, Leamhcán, BÁC                                  (I bhfabhar an rúin)
Foireann D: Iarbhunscoil Mhá Nuad, Maigh Nuad, Co. Chill Dara               (I gcoinne an rúin)
Rún:
Is méanar dóibh siúd atá fostaithe san earnáil phoiblí in Éirinn!
 
Craobh 4:
Ionad: Óstán Mhainistir na Laoise, Mainistir Laoise, Co. Laoise
Dáta:  Dé Máirt, 6 Márta, 2012       
5.00p.m.-  CRAOBH NA SÓISEAR
Foireann A: Meánscoil Cnoc Ainbhil, Baile na nGabhar, BÁC                     (I bhfabhar an rúin)
Foireann B: Clochar na Toirbhirte, Durlas, Co. Thiobraid Árann                (I gcoinne an rúin)
Foireann C: Coláiste Íosagáin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise                      (I bhfabhar an rúin)
Foireann D: Coláiste Pháirc Mhucrois, Droichead na Dothra, BÁC            (I gcoinne an rúin)
Rún:
Tá áit go fóill ag an reiligiún i saol an déagóra in Éirinn!

6.15p.m. – CRAOBH NA SINSEAR
Foireann A: Scoil an Linbh Íosa, Cill Iníon Léinín, BÁC                                 (I bhfabhar an rúin)
Foireann B: Meánscoil na nUrsulach, Durlas, Co. Thiobraid Árann             (I gcoinne an rúin)
Foireann C: Meánscoil Loreto, Cluain Meala, Co. Thiobraid Árann             (I bhfabhar an rúin)
Foireann D: Mainistir Loreto, Deilginis, BÁC                                                   (I gcoinne an rúin)
Rún: Is méanar dóibh siúd atá fostaithe san earnáil phoiblí in Éirinn!



< Gach Nuacht