Buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn fógartha !

Scoláirí Choláiste na nUrsulach, Sligeach ag ceiliúradh a mbua lena múinteoir,
Marta Ní Laoi, le Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta, Gael Linn (ar chúl)
agus le Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár, RTÉ Raidió na Gaeltachta (chun tosaigh).

Ag glacadh lena nduais don dara háit ó Sheáin Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár,
RTÉ Raidió na Gaeltachta (ar dheis), agus ó Sheán Ó Ceallaigh, Bainisteoir
Scéimeanna Náísiúnta Gael Linn (sa lár), tá scoláirí Ghairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór,
Tír Chonaill. Sa phictiúr chomh maith tá príomhoide na scoile, Máire Uí Dhochartaigh.
Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár, RTÉ Raidió na Gaeltachta, (ar dheis) agus
Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir Scéimeanna Náisiúnta Gael Linn (sa lár), ag tréaslú le scoláirí
Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean agus a múinteoir, Pádraig Ó Dubhaigh (ar chlé),
tar éis dóibh an tríú háit a ghnóthú.
Is iad scoláirí Choláiste na nUrsulach, Sligeach, buaiteoirí náisiúnta Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2012. Fógraíodh na torthaí le linn an chláir ‘SBB Tráthnóna’ Dé hAoine seo caite, 20 Aibreán, a craoladh ó Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh. Is é Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir Stiúrtha Clár RTÉ Raidió na Gaeltachta, a roghnaigh na duaiseoirí náisiúnta, agus chuir caighdeán na n-iarrachtaí lúchair air.
Mar a spreag Sligeach Dracula ! an t-ainm a bhí ar an gclár raidió a chuir na daltaí scoile le chéile faoi stiúir a múinteora Marta Ní Laoi agus bronnadh duais €650, urraithe ag RTÉ Raidió na Gaeltachta, orthu. Clár fáisnéise a bhí anseo faoi mar a spreag máthair Bram Stoker, Charlotte Thornley, agus a scéalta faoin eipidéim calar i Sligeach in 1832, an t-údar chun an úrscéal is cáiliúla faoi vaimpírí i litríocht an Bhéarla – Dracula – a scríobh. Cailleadh Bram Stoker céad bliain ó shin, cothrom an ama seo.
Tháinig scoláirí Ghairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhór, Tír Chonaill, sa dara háit le Oileán na dTaibhsí -clár ar cheist na dtaibhsí ar Oileán Árainn Mhóir agus dearcadh mhuintir an oileáin ina leith, Rinneadar an chlár le cabhair a múinteora Máire Nic Cathmhaoil. Chiaraigh scoláirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne, An Daingean an cheist An Idirbhliain – an fiú é a dhéanamh ? ina gclár siúd, agus ghnóthaigh siad an tríú háit as a ndúthrach ! Pádraig Ó Dubhaigh an múinteoir a chuidigh leis na daltaí an chlár a chur le chéile. Bronnadh duaiseanna €450 agus €350 orthu faoi seach. Tá súil ag RTÉ Raidió na Gaeltachta na cláir bhuacacha seo a chraoladh ina n-iomláine sna seachtainí amach romhainn, ag tosú le clár Shligigh, a bheidh le cloisteáil ar chlár ‘SBB Tráthnóna’ ar an Aoine, 27 Aibreán ag 2p.m.
Is comórtas náisiúnta é seo atá dírithe ar mhic léinn san idirbhliain go príomha, ach tá cead ag dalta meánscoile ar bith páirt a ghlacadh ann. Clár raidió atá idir 15 agus 20 nóiméad ar fad atá i gceist. Moltar do scoileanna téama amháin a roghnú agus is féidir rogha cur chuige a úsáid – agallaimh, comhrá, ceol beo, nuacht agus eile.
Bhí suas le 60 clár san áireamh i gcomórtas na bliana seo – an líon is mó iarratas ariamh ó iarbhunscoileanna na tíre. Dúirt comhordnóir an chomórtais, Niamh de Búrca, Gael Linn: ‘Is bealach spéisiúil é leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna agus ag an am céanna, tugann sé deis do scoláirí idirbhliana ach go háirithe blaiseadh de earnáil na meáin chumarsáide’.
Tá na cláir bhuacacha le cloisteáil anseo.