^Top of Page

Nuacht Archive

Comórtas Clár Raidió Gael Linn - ócáidí bronnta i Móta, i nGaillimh agus i Rosmuc !

Bhuaigh daltaí scoile i Móta, i nGaillimh agus i Rosmuc duaiseanna ranna i gComórtas Clár Raidió Gael Linn 2012 – comhghairdeas leo agus lena  múinteoirí a chuidigh agus a chabhraigh leo na cláir a chur le chéile ! Bronnadh na duaiseanna ( urraithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann ) ar na buaiteoirí le déanaí. Seo rogha pictiúir ó na hócáidí: 

 
Móta: Scoláirí na hidirbhliana ó Phobalscoil Mhóta ag glacadh le seic ar €300 ó Sheán Ó Ceallaigh, Gael Linn. Bhuaigh an scoil an chéad áit i Roinn B de Chomórtas Clár Raidió Gael Linn 2012 lena gclár fáisnéise ‘Ó Móta go Ceinia’, cur síos ar an nasc idir an scoil agus an carthanacht i gCeinia.   Sa phictiúr chomh maith tá a múinteoir, Bláithín Seoighe. 
 


Coláiste Éinde:
  Bhuaigh scoláirí idirbhliana Choláiste Éinde, Gaillimh an tríú háit ( €200 ) i Roinn B den chomórtas dá irischlár spéisiúil ‘Raidió Réalta’.  Seo iad lena múinteoir bródúil Siobhán Ní Lorcáin agus le Príomhoide na scoile, Siobhán Uí Chuinn.  

 
Rosmuc: Clár fáisnéise faoi phobal beag agus a bhfuil bainte amach acu i gcúrsaí spóirt dar teideal ‘Rosmuc: pobal beag le croí mór !’ a  rinne scoláirí idirbhliana Ghairmscoil na bPiarsach, Rosmuc.   Bhaineadar an tríú háit agus duais €200 amach i Roinn A den chomórtas ar a shon.  Ag ceiliúradh a mbua le príomhoide na scoile, Peadar Ó Loideáin, tá (ar chúl ó chlé ) Síle Ní Shúilleabháin, Órla Ní Fhlatharta, Heather Ní Chaisín agus (chun tosaigh, ó chlé ): Antóin Ó Ceallaigh, Shauna Nic Dhonnacha agus Mary de Búrca. 
 
Bronnfar tuilleadh duaiseanna sna seachtainí amach romhainn i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Ráth Luirc agus i nDroichead Átha – coinnigh súil amach anseo do na grianghraif. Tá na cláir bhuacacha ó na ranna éagsúla le cloisteáil anseo.



< Gach Nuacht