^Top of Page

Nuacht Archive

Scléip Gael Linn...dáta deiridh iontrála buailte linn !

Scléip Gael Linn...dáta deiridh iontrála buailte linn !
Tá Gael Linn ag glacadh le hiarratais don chomórtas tallainne SCLÉIP 2018 faoi láthair….ach tá an dáta deiridh iontrála buailte linn…Dé Luain, 23 Deireadh Fómhair 2017 ! Tá Scléip dírithe go sonrach ar na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge.

Tá sé (6 ) rannóg ar fad i gceist sa chomórtas – Amhranaíocht Aonair le féintionlacan, Grúpaí Amhránaíochta le féintionlacan, Slua-Amhránaíocht, Ceol Aonair, Rince Cruthaitheach agus Sceitse Nuachumtha.  Beidh deis ag scoláirí dul ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. 

Beidh na réamhbhabhtaí réigiúnacha seo a leanas á n-eagrú:

Dé Máirt, 21 Samhain 2017: An Taibhdhearc, Gaillimh
Dé Céadaoin, 22 Samhain 2017: Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Muí, Co. Chorcaí
Dé Máirt, 28 Samhain 2017: Amharclann CLASACH,  Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath
Déardaoin, 30 Samhain 2017:  Amharaclann an Gharáiste, Muineachán

Beidh an Craobhchomórtas ar siúl in Amharclann CLASACH,  BÁC ar an gCéadaoin, 31 Eanáir 2018

Tá gach eolas faoin gcomórtas, mar aon le foirm iontrála, ar fáil anseo ! 

IS LIBHSE AN STÁITSE !





< View All News