Cliceáil anseo do bhróisiúr Comenius
Suíomh an Chúrsa Tá na cúrsaí seo á reáchtáil i nGaoth Dobhair, ceann de na ceantair is deise sa tír. Tá radharcanna ann nach bhfuil á sárú áit ar bith, idir chnoic, thránna agus lochanna. Tá sé suite ar chósta thiar thuaidh Dhún na nGall agus is é an ceantar Gaeltachta is láidre sa tír.
An Cúrsa
Mairfidh na cúrsaí seacht lá agus beidh an bhéim ar chumarsáid. Beidh ranganna ann do leibhéil eagsúla cumais - ón nglantosaitheoir go dtí na daoine a bhfuil leibhéal réasúnta líofachta acu cheana.
Déanfar gach iarracht blas den Ghaeltacht a thabhairt do na foghlaimeoirí trí léachtaí agus imeachtaí sóisialta. Ceann de na haidhmeanna atá leis an chúrsa ná a chruthú gur teanga bheo bheathach í an Ghaeilge.
Riail 58
Tá cúrsaí Gaeltachta Gael Linn i nDún na nGall aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar chúrsaí inseirbhíse faoi théarmaí Riail 58.
Aitheantas SCG
Tá cúrsaí Gael Linn i nDún na nGall aitheanta ag an Roinn Oideachais Eolaíochta agus shásaíonn siad an riachtanas gur gá do mhúinteoirí a oileadh lasmuigh den Stát freastal ar chúrsa aitheanta Gaeltachta Beidh léachtanna/ceardlanna do mhúinteoirí amháin comh maith leis an gnáth clár oibre.
Maoiniú Comenius
Tá maoiniú ar fáil faoi scéim Comenius Choimisiún na hEorpa do mhúinteoirí chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta Gael Linn. Faoin scéim seo is féidir le múinteoirí i scoileanna de gach leibhéal san Eoraip (seachas Poblacht na hÉireann) deontas a fháil a chlúdóidh costais taistil, lóistín, teagasc agus imeachtaí sóisialta. Tá freastal ar na cúrsaí seo oscailte fosta do líon teoranta daoine atá ag obair le ranganna oíche ar bhonn deonach nó do dhaoine atá ag obair i scoileanna agus a mbíonn Gaeilge de dhíth orthu de bharr a gcúraimí sa scoil.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. Fón: (01) 6751200
Praghas/Táille: Iarratasóirí ginearálta €250
Iarratasóirí Comenius €650
Ionad: Gael Linn 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2, Co. Bhaile Átha Cliath / +353.1.675.1200 / eolas@gael-linn.ie
Amchlár: Gaoth Dobhair - Tosóidh na ranganna sa Ghaeltacht ag 9.45 a.m.
Dátaí: Cúrsa A 30/06/2013 – 06/07/2013
Cúrsa B 04/08/2013 – 10/08/2013
Clárú: Is féidir íoslódáil a dhéanamh ar an bhfoirm iarratais ón suíomh idirlín. Le do thoil seol an fhoirn chomhlánaithe i dteannta leis an éarlais €100 chuig Gael Linn. Glactar le VISA agus Mastercard. Ní mór táille iomlán an chúrsa a íoc roimh dháta tosaithe an chúrsa.
< Cúrsaí sa Ghaeltacht