Is chun bunscileanna scannánaíochta a thabhairt do dhaltaí iarbhunscoile an cúrsa seo. Foghlaimeoidh siad conas a chuirtear scannán le chéile, ó phleanáil agus eagrú go húsáid trealaimh agus eagarthóireacht. Beidh deis acu gearrscannán a phleanáil, a dhéanamh agus a chur in eagar iad féin. Beidh cóip dá saothar acu ar DVD ag deireadh an chúrsa.
Ábhar an chúrsa
- scríobh scripte
- cruthú clárscéil
- eagrú foirne & suíomh
- úsáid ceamara
- cumadh seatanna
- úsáid solais
- taifeadeadh fuaime
- eagarthóireacht
Suíomh an Chúrsa: Ionad Gael Linn, Eachléim, [An Fód Dubh], Co. Mhaigh Eo.
Fad an Chúrsa: Tráthnóna Domhnaigh go tráthnóna Aoine /
Uaslíon: 20 dalta per cúrsa
Táille: Clúdaíonn an táille de €200 an dalta, teagasc, lóistín & béilí. Níl taisteal san áireamh
Eolas: Fergus Mac Suibhne ag 086.8843489 nó fergus@gael-linn.ie
Gearrchúrsaí Scannánaíochta
Clár samplach
Lá 1:
Teacht go dtí an ionad & socrú lóistín
Buneolas
o trealamh agus a úsáid
o cumadh scéil
o clár a chur ar scéal
o scríobh scripte/ roinnt cúraimí
Lá 2 go Lá 4
obair scannánaíochta
9:30a.m. - 5:00p.m.
Lá 5:
léiriú scannán
Dul abhaile
D’fhéadfadh go leanfadh an obair scannánaíochta ar roinnt oícheanta ó 7.00 go 9.30p.m. d’fhonn scannán a chríochnú.
Eagrófar imeachtaí eile ar dhá oíche ar a laghad, mar bhriseadh ón scannánaíocht [m.sh. dreapadóireacht falla, babhláil, pictiúrlann, srl.]
< Daltaí Iarbhunscoile