^Top of Page

Co. Dhún na nGall 1

                                         


Tá Machaire Rabhartaigh suite in iarthuaisceart Dhún na nGall siar ó thuaidh ó Leitir Ceanainn i nGaeltacht Chloch Cheann Fhaolaidh, leath bealaigh idir Gort an Choirce agus Cnoc Fola. Tá radharc iontach ar Inis Bó Finne agus ar Oileán Thoraidh ó na dumhcha agus ón trá, a shíneann ar feadh trí mhíle ar fad. Is iad na dumhcha agus trá seo an Machaire in ainm na haite. Tá Coláiste Mhachaire Rabhartaigh, coláiste samhraidh Gael Linn, lonnaithe san ionad pobail agus sna scoileanna náisiúnta. Tá baint ag Gael Linn leis an gceantar seo le breis agus tríocha bliain. Faoin am seo tá an coláiste mar dhlúthchuid den phobal seo, ag a bhfuil oidhreacht shaibhir teanga agus cultúir.

Maireann na cúrsaí i mí Iúil agus Lúnasa ar feadh 22 lá agus tá siad oscailte do dhaltaí idir 11 agus 18 mbliana d’aois. Is aidhm na gcúrsaí seo feabhas a chur ar líofacht na ndaltaí agus cumas agus muinín a chothú iontu an Ghaeilge a labhairt. Tugann na cúrsaí seo deiseanna praiticiúla do na daltaí an Ghaeilge a úsáid.

Cúrsa speisialta is ea an cúrsa i mí an Mheithimh, atá dírithe ar dhaltaí idir 11-14 bliana d’aois ó Thuaisceart Éireann nach bhfuil ach bliain nó dhó déanta acu i staidéar na Gaeilge. Maireann an cúrsa seo ar feadh coicíse.


< Coláistí Gaeltachta