^Top of Page

1960-1969

Ré na Teilifíse
I dtreo dheireadh na gcaogadaí thosaigh plé poiblí faoi sheirbhís teilifíse Éireannach a bhunú. Cheap an rialtas coimisiún chun moltaí a réiteach. Toisc a laghad eolais a bhí sa tír ag an am ar reáchtáil sheirbhís teilifíse, bhí an rialtas ag smaoineamh ar an ngnó a thabhairt amach do dhream príobháideach éigin ar bhonn saincheadúnais. Comhlachtaí ón mBreatain agus ó Mheirceá amháin a léirigh spéis sa ghnó i dtús báire. Ach baineadh siar astu ar fad [agus as an rialtas freisin, ní miste a rá!] nuair a chuir Gael Linn aighneacht isteach. Bhí an eagraíocht i ndiaidh socruithe a dhéanamh an saineolas teicniúil a cheannach isteach ó Mheirceá agus an t-ábhar a sholáthar iad féin. Bhí ríméad ar phobal na Gaeilge mar ní raibh aon amhras orthu ach go bhfaigheadh an teanga náisiúnta a ceart ar an tseirbhís nua. Ach ag an nóiméad deiridh tharraing an rialtas siar agus socraíodh gur faoin stát a bhunófaí an tseirbhís nua. Tháinig Teilifís Éireann ar an aer i 1961 agus gan de Ghaeilge air ach ceathrú uair an chloig sa tseachtain! Thóg sé 35 bliana ar phobal na Gaeilge seirbhís le cion ceart de Ghaeilge uirthi a fháil.

Cistíocht
Lean na linnte, a bhí bunaithe ar na cluichí Gaelacha ar feadh na mblianta go dtí nach raibh linnte peile mealltach a thuilleadh don phobal. Bhí uasteorainn curtha ag an dlí ar na duaiseanna, a fhéadfaí a thabhairt i linn pheile, agus in ainneoin go raibh luach an airgid ag síor-athrú, níor leasaíodh an reachtaíocht. Ach ní raibh Gael Linn gan seift. Thosaigh Gael Linn ar Bhingo a reáchtáil i roinnt pictiúrlanna i mBaile Átha Cliath. Ba leis an Rank Organisation formhór na bpictiúrlanna seo agus nuair a shocraigh an Rank Organisation ar tharraingt amach as an réimse sin gnó, cheannaigh Gael Linn na pictiúrlanna uathu. Is le Gael Linn na hallaí seo i gcónaí agus iad ligthe ar léas againn.

An Ghaeltacht
Cheannaigh Gael Linn scaireanna i gcuideachta próiseála feamainne ar an gCeathrú Rua, Tora Toinne Teoranta i 1960. Tugadh faoi thógáil coiníní i gCois Fharraige agus d'fhorbair Gael Linn beirtreacha oisrí ar Chuan Chill Chiaráin níos faide siar i nGaeltacht Chonamara. Bhunaigh an eagraíocht, i bpáirt le comhlacht eile, gnó miotalóireachta, Miotalra Teo., i gCarna i 1966. Tosaíodh gnó beachadóireachta i nGaeltacht Mhúscraí i 1961. Is fada Gael Linn éirithe as an ngnó áirithe sin ach maireann an tionscal óir tá mil den scoth ó Mhúscraí ar an margadh i gcónaí.

Cheannaigh Gael Linn sealúchas i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus úsáideadh na tithe chun turasóireacht teanga a fhorbairt sa cheantar. Cheannaigh an eagraíocht na cearta iascaigh ar abhainn na Feothanaigh sa cheantar céanna. Tháinig Gael Linn i gcabhair ar shiopa comharchumannach i nGaeltacht na Rinne agus rinne an eagraíocht é a rith ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.

Gnólachtaí
Bunaíodh Inisfree Handknits Ltd. i 1963 agus sholáthraigh an ghnólacht seo éadaí lámhchniotáilte den chéad scoth ar feadh na mblianta. D'oscail siad siopa faisin sa Creation Arcade i mBaile Átha Claith chun earraí Inisfree agus éadaí eile d'ardchaighdeán a dhíol. Osclaíodh siopa ceirníní freisin, Fónodisc, taobh leis an Donegal Shop. Bhog Fónodisc go Sráid an Diúic ina dhiaidh sin.

I 1964 cheannaigh Gael Linn scaireanna i monarcha troscán, Crannac, san Uaimh i gCo. Na Mí, agus lean de bheith gníomhach sa tionscal seo ar feadh tamall de bhlianta.

I 1967 cheannaigh Gael Linn tromlach na scaireanna i ngnó bréidín - Glens of Antrim Tweed Co. Ag Bun Abhann Dalla i nGlinnte Aontroma a bhí an mhonarca - ceann de na háiteanna deiridh ina raibh cainteoirí dúchasacha Gaeilge sa taobh sin tíre.

Scannánaíocht
I 1960, d'fhoilsigh Gael Linn Mise Éire, scannán a rianaigh stair na hÉireann ó c.1890 go dtí 1917. Úsáideadh nuachtríleanna agus ábhair chomhaimseartha eile. George Morrison a rinne an scannán agus chum Seán Ó Riada ceol ar leith dó. Ní móide gur eisíodh riamh in Éirinn scannán ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar an mhórphobal ná Mise Éire. Rinne Gael Linn scannán eile ansin, a phléigh leis an tréimhse 1917 - 1923 - Saoirse?. I 1966 tháinig scannán staire eile amach - An Tine Bheo. Mar chuid de chomóradh Éirí Amach 1916 a rinneadh an ceann áirithe seo.

Lean Gael Linn agus an Riadach orthu leis an réabhlóid cheoil - ceol na scannán, Mise Éire, Saoirse?, An Tine Bheo agus Ó Riada sa Gaiety, a luaitear mar chloch mhíle i bhforbairt an cheoil Ghaelaigh, agus, ar ndóigh na ceirníní seinmsínte le Ceoltóirí Cualann agus an t-amhránaí, Seán Ó Sé - iadsan a thug An Poc ar Buile dúinn i measc go leor amhrán eile.

Thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha coimisiún do Gael Linn i 1965 chun scannán eolais ar fhorbairt shóisialta a dhéanamh - Rhapsody of a River. I 1967 bhain scannán dár teideal Fleá Ceoil, duais ag Féile Scannán Bheirlín. An bhliain dár gcionn, bhuaigh Capallology, gearrscannán ar ghnó na gcapall in Éirinn, gradam Mhonacó ag Féile Scannán na Bruiséile. Fuarthas cuireadh i 1972 gearrscannán ar an luathoideachas, Páistí ag Obair, a chur isteach ar Fhéile Scannán Londan. Ainmníodh an scannán céanna do ghradam Oscair ina dhiaidh sin. Cá hionadh mórtas agus bród a bheith ar phobal na Gaeilge agus ar mhuintir na hÉireann i gcoitinne i ngeall ar an obair éachtach cheannródaíochta seo?

Bhí gnéscannáin eile á ndéanamh ag Gael Linn le linn an ama. Dhíol Gael Linn an comhar le lucht leanúna an CLG as a dtacaíocht sna blianta tosaigh nuair a rinneadh dhá scannán sármhaithe ar na cluichí Gaelacha - Christy Ring, ar an iománaíocht, agus Peil, ar an bpeil Ghaelach.
Christy Ring

Óstaíocht
Le blianta fada tá gnó na hóstaíochta an-tábhachtach d'eacnamaíocht na hÉireann. Cá hionadh, mar sin, gur chuir Gael Linn a lámh sa ghnó seo chun tacú leis agus chun úsáid na Gaeilge a bhrú chun cinn? I 1968 chuaigh siad i bpáirt le Gaeltarra Éireann agus páirtithe eile chun cuideachta dar teideal Gaeltearmann Teoranta a bhunú. Bhí sé mar aidhm ag an gcuideachta seo óstlanna den scoth a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta. I gCathair Uí Dhónaill i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh, a osclaíodh an chéad cheann.

Taca an ama céanna, cheannaigh Gael Linn bialann agus tábhairne ag Baile Eoin i gCo. Chill Dara. Rinneadh athchóiriú ar an bhfoirgneamh agus rith Gael Linn é ar feadh tamall de bhlianta ina dhiaidh sin faoin ainm Óstán John Devoy. An bhliain chéanna, ghlac Gael Linn ar lámha ó Chlann na hÉireann brú saoire i nGaeltacht Bhaile Ghib.