^Top of Page

1970-1979

Cistíocht
Sna seachtóidí bhunaigh fochuideachta le Gael Linn, Cairde Gael Linn, crannchur príobháideach. Cuirtear an brabús ar fáil do obair Gael Linn féin. Bhí Gael Linn ar cheann de na heagraíochtaí tosaigh Gaeilge ar éirigh léi pátrúnacht a fháil ó chomhlachtaí gnó. Fuarthas airgead ó Player Wills don scannánaíocht, ó Aer Lingus, Iarnród Éireann agus ó Bhanc na hÉireann do Slógadh agus ó Bhainc-Aontas Éireann agus ón Irish Times do na díospóireachtaí.

De réir a chéile thoiligh an Rialtas cabhair airgid a chur ar fail do scéimeanna ceapáirithe a bhí ar bun ag eagraíochtaí Gaeilge, Gael Linn ina measc agus chuige sin osclaíodh líne ar leith buiséid - Ciste na Gaeilge. Maoinítear an Ciste ón gCrannchur Náisiúnta agus tá sé faoi chúram Foras na Gaeilge.

Eachtra
Thosaigh Gael Linn cúrsaí eachtraíochta do dhaoine óga i 1970 agus lean siad ar feadh na mblianta. Eachtra a tugadh ar an scéim seo. Tá teacht go héasca anois ar áiseanna eachtraíochta ach ba ghníomh eile ceannródaíochta é ag Gael Linn a leithéid a dhéanamh i 1970.

Sa Ghaeltacht is mó a eagraíodh na cúrsaí seo - Tír Chonaill, Acaill agus an Leitriúch. Ní cúrsaí Gaeilge a bhí iontu ach múineadh spóirt eachtraíochta, dála kayakóireacht, seoltóireacht, rianadóireacht agus creagadóireacht do dhaoine óga, a raibh déanamh a ngnó de Ghaeilge cheana féin acu. Bhí iomlán an teagaisc i nGaeilge.

Slógadh
Ach gan dabht, ba é Slógadh, ógfhéile na n-ealaíon, beart mór Gael Linn don ghlúin óg. I 1969 a tosaíodh an fhéile agus bhí an chéad Slógadh Náisiúnta i gColáiste Phádraig i nDroim Chonrach tráth na Cásca 1970. Eagraíodh an fhéile ar leibhéil éagsúla. Bhíodh Slógaí Áitiúla ann san Fhómhar, ar bhonn contae de ghnáth. Chuaigh na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na Slógaí Réigiúnacha go luath san athbhliain agus ba iad a mbuaiteoirí-sean a ghlac páirt sa Slógadh Náisiúnta le linn sheachtain na Cásca. Bronnadh pearsa mór le rá éigin, Uachtarán na hÉireann nó aire rialtais, na duaiseanna ag an mbailchríoch.

Bhí comórtais cheoil den uile chineál ann - ceol traidisiúnta, popcheol, ceol tíre is tuaithe, ceol clasaiceach, amhránaíocht, cóir, ceol uirlise aonair, ceoldrámaí etc. Bhí drámaíocht ann, mímeadóireacht agus agallaimh bheirte. Ní comórtais stáitse amháin a bhí ar fáil ach comórtais litríochta agus ealaíne chomh maith. Ní comórtasaíocht ar fad a bhíodh ann óír bhíodh seisiúin, céilithe, dioscónna, léamh filíochta agus ceolchoirmeacha ar siúl fosta.

Thar aon rud eile, thug Slógadh an Ghaeilge chun beochta don aos óg. Úsáideadh í mar mheán beo nua-aimseartha. Agus an fhéile i mbarr a réime sna luath-ochtóidí, bhíodh os cionn 50,000 duine páirteach inti bealach amháin nó bealach eile. Tháinig grúpaí mar Clannad, na Hothouse Flowers, Altan agus Dolores O'Riordan chun tosaigh trí Shlógadh agus ba é Slógadh a chéad chuir filíocht Chathail Uí Shearcaigh os comhair mhuintir na hÉireann. Seachas an Urdd Eistedfodd sa Bhreatain Bheag, ní raibh aon ógfhéile eile dá sórt san Eoraip inchomórtas léi ó thaobh méid nó scóipe de. Thagadh daoine óga as ceithre hairde na hEorpa ag triall uirthi - ón mBreatain Bheag, ó Albain, ón mBriotáin, ó Fhlóndras, ón Occitáin agus fiú ón tSlóivéin.

Sna seachtóidí, thosaigh Gael Linn comórtas díospóireachta eile, do lucht na gcoláistí tríú leibhéal.

Foghlaim agus Sealbhú na Gaeilge
Thuig Gael Linn ón tús a thábhachtaí is a bhí sé áiseanna den scoth a chur ar fáil don phobal chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus chun a gcumas sa teanga a fheabhsú. Dhírigh an eagraíocht ar an aos óg agus ar dhaoine fásta araon. Sna blianta dar gcionn, bhunaigh Gael Linn coláistí samhraidh d'ardchaighdeán do dhaoine óga san aoisghrúpa 11 -18. Faoi láthair tá trí choláiste ag an eagraíocht - Coláiste Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill, Coláiste Riocaird Bairéid ag an Eachléim i nGaeltacht Iorrais agus Coláiste Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí. Tairgíonn Gael Linn scoláireachtaí do dhaoine óga ón Tuaisceart ón uair nach raibh an deis chéanna acusan an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil is a bhí ag a gcomhionann ón bPoblacht.

Machaire Rabhartaigh
Maidir le daoine fásta, bhunaigh Gael Linn institiúid mhúinte teanga ar a tugadh Foras na Gaeilge. D'fhéach an Foras le dianchúrsaí a chur ar fáil do fhoghlaimeoirí ó Éirinn agus ó thíortha i gcéin chomh maith. Baintear torthaí suntasacha amach i gcónaí a bhuíochas do chaighdeán na gcúrsaí agus an teagaisc.

Chomhoibrigh Gael Linn i soláthar cúrsaí féinmhúinte freisin, ina measc Teach Yourself Irish, Buntús Cainte agus Cúrsa Gaeilge Linguaphone - Gael Linn.

Cúrsaí Craolacháin
Ceapadh Ceannasaí Gael Linn, Dónall Ó Móráin, ar Údarás RTÉ ar feadh dhá thréimhse agus é ina Chathaoirleach cuid den am. Rinne sé a sheacht ndícheall an Ghaeilge a chur chun cinn in RTÉ agus bhí baint nach beag aige le bunú Raidió na Gaeltachta i 1971.