1990-1999
Foilsitheoireacht
D'eascair foilseacháin oideachasúla eile as an nuachtán Anois - leabhair do dhaltaí Gaeilge sna hiarbhunscoileanna, Staighre, Céim agus Dréimire. D'fháiltigh múinteoirí Gaeilge rompu seo agus tá siad in úsáid i scoileanna ar fud na tíre.
Ina theannta sin d'fhoilsigh Gael Linn, i bpáirt le Granada Learning, CD rom dar teideal An Scríbhneoir Óg/Young Writers' Workshop chun scileanna scríbhneoireachta agus teanga a fhorbairt i nGaeilge, i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis.
Tráth na gCeist
I 1992, thosaigh Gael Linn sraith de thráthanna ceist do mhic léinn iarbhunscoile sa Tuaisceart - Tráth na gCeist - Gael Linn.
D'eagraigh Gael Linn, i bpáirt le BBC Radio Ulster, quizchláracha do dhaoine fásta. Craoladh iad faoin teideal Freagair.
Chraol RTÉ 1 quizchlár eile a d'eagraigh Gael Linn. Ba do dhaoine fásta freisin an tsraith seo. Ceist Agam Ort a tugadh uirthi.