^Top of Page

COIRM GAEL LINN

Féile Coirm, An Muileann gCearr 2010

 Don nuacht is déanaí cliceáil anseo 


Féilte Coirm

Tá sé mar aidhm ag COIRM GAEL LINN spreagadh a thabhairt do lucht bunscoile seó i nGaeilge a chur ar an ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Sa tslí seo táimid ag súil meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith.

Na Seónna Féin
• Is éard atá i gceist le Seó Scoile ná seó i nGaeilge nach mairfidh níos faide ná 20 nóiméad ina mbeidh tallanna éagsúla na scoile á dtabhairt le chéile agus á gcur os comhair lucht féachana. Tá sé tábhachtach cloí leis an teorainn ama ionas nach gcuirfear as don chlár ama.
• Is féidir seó a léiriú ina bhfuil meascán de mhíreanna - ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus araile. Glacfar le seónna i bhfoirm scoraíochta, cabaret, ceoldráma, dráma nó sceits. Tá físeán de fhéile COIRM sa Mhuileann gCearr a ndearnadh taifead air anuraidh le feiceáil thuas.
Ní mór an Ghaeilge, bíodh sí labhartha nó canta, a bheith le cloisteáil ar feadh seacht nóiméad ar a laghad le linn an tseó. (Ní leor, mar shampla, seó a léiriú nach mbeidh ann ach míreanna ceoil agus rince tríd síos.) Ní cheadófar aon Bhéarla sa seó agus ní bheidh cead fuaimrianta le liricí Béarla a sheinm mar thionlacan lena linn.
• Chun leanúnachas a chruthú d’fhéadfaí téama a roghnú don seó ach ní bheidh sé seo riachtanach.
• D'fhonn compord agus sábháilteacht a chinntiú ní cheadófar níos mó ná 60 páiste in aon seó. Ar ndóigh is féidir seó a chur le chéile le grúpa i bhfad níos lú ná sin. Níl aon íosmhéid i gceist.
• Arís d’fhonn compord agus sábháilteacht a éascú moltar do mhúinteoirí gan páistí ó na ranganna naíonáin a bheith páirteach sa seó.
• Beidh cead ag múinteoir/duine fásta tionlacan ceoil a sholáthar do na páistí i gcás amhránaíochta, nó ceol a sheinm dóibh i gcás rince ach ní mór é a dhéanamh ó chúl/thaobh an stáitse.
• Má táthar chun frapaí a úsáid ní mór a chinntiú gur frapaí simplí, saorsheasaimh, so-iompraithe iad. Beifear ag súil go mbeidh seónna réidh le tosú taobh istigh de 5-7 nóiméad tar éis dóibh teacht ar an ardán.

Féilte Coirm
Eagraítear Féilte Coirm Gael Linn ar fud na tíre in ionaid oiriúnacha, le háiseanna maithe amharclannaíochta le linn Feabhra/Márta. (Ní eagraítear aon fhéile le linn an bhriseadh meántéarma). Socraítear na hionaid agus na dátaí nuair a bhíonn na hiarratais uile istigh agus cuirtear in iúl do na múinteoirí iad roimh Nollaig. Is féilte lánghaeilge iad féilte Coirm. Dá bhrí sin tá Coirm dírithe ar ghaelscoileanna agus ar scoileanna gaeltachta go príomha. Cuirtear fáilte áfach, roimh seónna ó bhunscoileanna eile ach na páistí a bheidh sásta Gaeilge a labhairt agus iad ar láthair na féile.
 
Féilte Coirm 2013
Eagrófar féilte COIRM ar fud na tíre in ionaid oiriúnacha, le háiseanna maithe amharclannaíochta le linn Feabhra/Márta 2013. Seo a leanas na dátaí sealadacha do na féilte.  Cinnteofar na hionaid agus na dátaí seo nuair a bheidh na hiarratais uile istigh.  

Dátaí Féilte Coirm 2013
Dé Céadaoin 6 Feabhra 2013 - Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
Déardaoin 7 Feabhra 2013 - Amharclann Naomh Mícheál, Ros Mhic Thriúin
Dé Céadaoin 20 Feabhra 2013 - Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
Dé Céadaoin/Déardaoin 27/28 Feabhra 2013 - Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Dé Máirt 5 Márta 2013 - Amharclann an Mhargaidh, Ard Mhacha
Dé Céadaoin 6 Márta 2013 - Siamsa Tíre, Trá Lí
Déardaoin 7 Márta 2013 - An Grianán, Leitir Ceanainn
Dé Céadaoin 13 Márta 2013 - An tÁras Ealaíne, An Muileann gCearr
Dé Céadaoin 20 Márta 2013 - Amharclann an Hawkswell, Sligeach

Ag brath ar líon na n-iarratas agus ar na ceantair as a dtagann siad d'fhéadfadh na hionaid sin athrú nó d'fhéadfaí cur le líon na bhféilte.

Chomh maith le bheith páirteach i bhféile Coirm, cuirfear imeachtaí spraíúla ar siúl do na páistí idir na seónna éagsúla. Beidh aoi/aíonna speisialta i láthair chun tabhairt faoi seo.  Leagfar amach clár an lae sa chaoi is go mbeidh deis ag na daltaí seónna ó scoileanna eile a fheiceáil freisin. Bronnfar cuimhneachán ar an lá ar gach uile pháiste a ghlacann páirt i bhféile Coirm.

Féile Coirm Gael Linn - Clár Samplach

  • 10.30 a.m. Seó Scoile 1
  • 11.00 a.m. Seó Scoile 2
  • 11.30 a.m. Seó Scoile 3
  • 12.00 nóin Seó Scoile 4
  • 12.45 p.m. BRONNADH na nGRADAM (Páistí sheónna na maidine ag imeacht abhaile, páistí sheónna na hiarnóna ag teacht)
  • 1.30 p.m. Seó Scoile 5  
  • 2.00 p.m. Seó Scoile 6
  • 2.30 p.m. Seó Scoile 7
  • 3.00 p.m. Seó Scoile 8
  • 3.45 p.m. BRONNADH na nGRADAM  

Tá an clár seo déanta amach ag glacadh leis go mbeidh 8 seó páirteach. In áiteanna a mbeidh níos lú seónna ná sin ag glacadh páirte, eagrófar an lá in aon seisiún amháin.

Le go mbainfeadh na páistí lántairbhe as an lá agus chun atmasféar a chothú san amharclann, beimid ag súil go bhféachfaidh gach grúpa ar na grúpaí eile sa seisiún céanna leo féin agus go mbeidh na grúpaí uilig ó gach seisiún i láthair ag Bronnadh na nGradam.

Léirmheastóireacht agus Gradaim
Ní comórtas atá i gceist le Coirm ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán ag na Féilte.

Ní bheidh aon teorainn leis an líon gradam a mbeidh cead ag an léirmheastóir a bhronnadh agus déanfar gach dícheall a chinntiú go mbronnfar ar a laghad gradam amháin ar gach grúpa a ghlacann páirt. Tabharfar nótaí léirmheastóireachta do gach grúpa.

Iontráil
Ní mór na foirmeacha iontrála comhlánaithe a bheith ar ais ag Gael Linn roimh 17 Nollaig 2012. Ní mór táille iontrála €20 nó £15 stg a bheith le gach iarratas.

Ní cheadófar d'aon scoil níos mó ná seó amháin a iontráil.

Ginearálta
Beidh sé de cheart ag Gael Linn íomhánna a ghlactar ag Coirm Gael Linn a úsáid mar ábhar poiblíochta don eagraíocht amach anseo.

Tá polasaí árachais dliteanas poiblí ag Gael Linn a chlúdaíonn ár gcuid scéimeanna ar fad.  Ag na himeachtaí a eagraítear do dhaltaí scoile áfach, is éascaitheoir é Gael Linn seachas maoirseoir agus ní mór múinteoir nó duine fásta a bheith ainmnithe ag gach scoil nó eagraíocht a bheidh freagrach as sábháilteacht agus maoirseoireacht na ndaltaí.

Tuilleadh Eolais
Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 01.6753299 R-phost: seanc@gael-linn.ie

 



< Bunscoil