^Top of Page

ABAIR GAEL LINN

AIDHM
Comórtas Caint Phoiblí is ea Abair teoranta do scoileanna 2ú leibhéal i dTuaisceart Éireann agus á reáchtáil ag Gael Linn.  Is í aidhm an chomórtais seo taithí i labhairt na Gaeilge a thabhairt do scoláirí.

RIALACHA GINEARÁLTA

Ceadófar do iomaitheoirí labhairt ar a rogha ábhar ach an t-ábhar a bheith topiciúil agus suimiúil.  Ní mór do gach cainteoir a théann ar aghaidh go dtí an Chraobh ábhar nua a roghnú don bhabhta sin.

LEAGAN AMACH AN CHOMÓRTAIS
Eagrófar líon áirithe babhtaí áitiúla (5 nó 6) ar fud an tuaiscirt le linn míonna Samhain agus Nollaig.  Socrófar na h-ionaid nuair a bheidh na h-iarratais uilig istigh. Is i rith am scoile a reáchtálfar na babhtaí seo. Rachaidh buaiteoirí na ranna éagsúla ag na babhtaí áitiúla ar aghaidh go dtí Craobh Abair.  Beidh trí Roinn iomaíochta in Abair agus beidh cead ag gach scoil uasmhéide de cheathrar cainteoir a iontráil i ngach Roinn.

    Roinn A  (Meánscoileanna) Bliain 11 + 12
    Roinn B  (Scoileanna Gramadaí) Bliain 11 + 12
    Roinn C  (Oscailte) Bliain 13 + 14

DUAISEANNA
Bronnfar céad agus dara duais i ngach roinn ag na babhtaí áitiúla ach na moltóirí a bheith sásta le líon agus caighdeán na gcainteoirí. Bronnfar teastas Gael Linn ar gach cainteoir. Bronnfar plaic agus leath scoláireacht chuig Coláiste Mhachaire Rabhartaigh don chéad agus dara háit i ngach roinn ag an gCraobh.

AN CHRAOBH
Reáchtáltar CRAOBH ABAIR san Earrach gach bliain.

AM
Labhróidh cainteoirí i Roinn A agus i Roinn B ar feadh 3 bhomaite ar a mhéid agus labhróidh cainteoirí i Roinn C ar feadh 4 bhomaite ar a mhéid.  Buailfear clog nuair a bheidh leath bhomaite fágtha agus ag deireadh ama.

MOLTÓIREACHT AGUS CÓRAS MARCÁLA

Ní bheidh aon dul thar bhreith na moltóirí ag babhtaí Abair agus tá sé mar pholasaí Gael Linn gan marcanna na moltóirí a thaispeáint do éinne.

Beidh 100 marc an duine ag na cainteoirí roinnte mar seo:

Tuairimíocht  40
Teacht i láthair  40
Líofacht  20

TÁILLE IONTRÁLA
Beidh táille iontrála de £5 le n-íoc ag gach cainteoir.


TUILLEADH EOLAIS
Gael Linn, Ionad Bhóthar na hArdeaglaise, Bóthar na hArdeaglaise, Ard Mhacha, BT617QX
T: 028. 37 522162   F: 028. 37 510056   R: eolas@gael-linn.net



< Iarbhunscoil