Is í aidhm Tráth na gCeist Gael Linn seans a thabhairt do dhaoine óga in iarbhunscoileanna Thuaisceart Éireann atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga sin a chluinstin agus a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach, thairbheach, spraíúil, agus tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí Gaeilge agus dá saothar.
Reáchtáil an chomórtais
Reáchtáltar an comórtas seo in ionaid éagsúla, neamhspleách ar a chéile, agus bronntar duaiseanna ar na foirne is fearr i ngach ionad. Leantar le gnáth-nós quizboird. In aon ionad cuirtear na ceisteanna ar na foirne ar fad le chéile. Bíonn ar na foirne na freagraí a scríobh, ach is féidir le baill na foirne labhairt eatarthu féin chun teacht ar fhreagra. Is féidir suas le sé bhabhta ceisteanna a bheith ann, le 8 gceist i ngach babhta. Cuirtear céilí gairid nó ceolchoirm ar siúl i ndiaidh babhtaí na gceisteanna i ngach ionad, chun cur le spraoi na hócáide.
Iomaitheoirí
Bíonn 4 dalta ar gach foireann agus is féidir le hiarbhunscoil ar bith i dTuaisceart Éireann foirne a iontráil. Ní bhíonn teorainn leis an líon foirne gur féidir le scoil a iontráil. Tá an comórtas shóisearach dírithe orthu siúd i mbliain 10, ach glactar le daltaí as bliain 8 nó bliain 9 chomh maith. Maidir leis an gcomórtas shinsireach ní mór do gach duine ar fhoireann a bheith i mbliain 11 nó 12.
Duaiseanna
Bronntar duaiseanna ar gach ball foirne den trí fhoireann is airde marc (Meánscoil agus Scoil Ghramadaí) i ngach ionad.
Iontráil
Ní mór foirmeacha iontrála agus táille de £5 an fhoireann a sheoladh isteach roimh na dátaí deiridh iontrála go dtí: Tráth na gCeist Gael-Linn, Ionad Bhóthar na hArdeaglaise, Bóthar na hArdeaglaise, Ard Mhacha BT617QX.
Clár an Lae ag Tráth na gCeist Gael Linn
| Clárú |
11.00 a.m. |
| Tosú ar Thráth na gCeist |
11.15 a.m. |
| Lón |
12.30 p.m. |
Céilí
|
1.00 p.m. |
| Críoch |
2.00 p.m. |

< Iarbhunscoil