Is í aidhm An Scéim Oidhreachta ná oidhreacht shaibhir chultúr na hÉireann a sholáthar do scoileanna nach múinteoir an Ghaeilge iontu. Foghlaimíonn daltaí faoi logainmneacha, faoi shloinnte, faoi stair na Gaeilge, faoi thraidisiún Gaelach na bProtastúnach, faoin cheol Gaelach agus faoin dá thraidisiún. Beidh seans ag daltaí triail a bhaint as an Ghaeilge labhartha.
Reachtáil na Scéime
Cuirtear an Scéim Oidhreachta ar fáil de réir éilimh. Maireann an scéim 8 go 10 seachtain agus uair an chloig gach seachtain. Beidh cur i láthair ar achan ábhar agus seans ceisteanna a chur ag deireadh gach seisiún.
Ábhar na Scéime
Logainmneacha – seisiún ar mhórlogainmneacha Thuaisceart na hÉireann agus ar logainmneacha thart ar cheantar na scoile
Sloinnte – ceardlann ar shloinnte coitianta Thuaisceart na hÉireann agus míniú ar shloinnte gach scoláire
Béarla na hÉireann – ós-spléachadh ar thionnchar na Gaeilge ar an Bhéarla i dTuaisceart na hÉireann
Traidisiúin Gaelach na bProtastúnach – scagadh ar an mhór-obair a rinne Protastúnaigh i gcaomhnú na Gaeilge
Stair agus Staid na Gaeilge – Stair na Gaeilge agus an staid ina bhfuil sí sa lá atá inniu ann
Peirspictíocht Phrotastúnach – Ag foghlaim na Gaeilge mar Phrotastúnach
Ár gComhoidhreacht Cheoil – Ceardlann ar an cheol agus ar an amhránaíocht sa dá thraidisiún i dTuaisceart na hÉireann
An Ghaeilge – Seans an Ghaeilge labhartha a fhoghlaim agus a chleachtadh
Tá an scéim ar fáil fríd an bhliain acadúil. Thig ann scéim a chur in oiriúint do dhaoine fásta. Tá an scéim seo saor in aisce do scoileanna
Tuilleadh Eolais
Gael Linn, Ionad Bhóthar na hArdeaglaise, Bóthar na hArdeaglaise, Ard Mhacha BT617QX.
T. 028 37 522162 F. 028 37 510056 R. eolas@gael-linn.net

< Iarbhunscoil