I gcomhar le hAodhán Ó Deá, Comhordaitheoir na gCumann Gaelach agus le Peadar de Blúit, Aontas na Mac Léinn in Éirinn eagrófar Comórtas Díospóireachta Gael Linn don tríú leibhéil arís i mbliana. Beidh Peadar agus Aodhán i mbun réamhbhabhtaí a eagrú le linn mhí Dheireadh Fómhair agus rachaidh ceithre fhoireann ar aghaidh chuig Craobh na hÉireann, a reáchtálfar ar an Satharn 3 Samhain 2012 ag féile an Oireachtais i Leitir Ceanainn.
Bronnfar Corn Gael Linn/The Irish Times agus duaiseanna airgid ar na buaiteoirí.
Tuilleadh eolais le fáil ó Pheadar de Blúit ag 083.1434405 nó gaeilge@usi.ie
Tugann Gael Linn tacaíocht freisin do chumainn i gColáistí Tríú Leibhéil chun díospóireachtaí a eagrú ina gColáistí féin nó tabhairt faoi chomórtas eadar-choláistí. Cabhair i bhfoirm comhairle agus airgid a bhíonn i gceist.
Tuilleadh Eolais:
Seán Ó Ceallaigh,
Gael Linn
01.6753299 097.2510980 seanc@gael-linn.ie

< Triú Leibhéal