BRÉAGCHÚIRT UÍ DHÁLAIGH/GAEL LINN 2012 - AN CÁS
Tá an cás seo déanta in am reatha (real time).
Ospidéal Naomh Caitríona v Iníon M
Seoladh Iníon M chun ospidéil go luath maidin inniu, tar éis di bheith gortaithe go dona sa chloigeann i dtimpiste tráchta bóthair. Tá sí 38 seachtaine torrach. Go gairid tar éis di bheith tógtha chuig ospidéal máithreachais Naomh Caitríona, thosnaigh sí sa luí seoil. Rinne an Máistir, an Dochtúir Uí Chonaill, scrúdú uirthi, agus bheartaigh sí gur "dóichí go raibh sé níos sábhailte" an leanbh a thabhairt ar an saol tré ghearradh Caesarach.
Nuair a chuir an bhean ghlúin in iúl d'Iníon M céard a bhí beartaithe ag an Máistir, dhiúltaigh Iníon M an obráid a cheadú, toisc go raibh baol láidir ann go mbeadh gá aici le fuilaistriú tar éis na hobráide, agus, mar Fhinné Iaivénach, nach bhféadfadh sí glacadh lena leithéid. D'iarr sí ar an bhfoireann leighis go gceadófaí di an páiste a thabhairt ar an saol í féin, go foighneach. Bhí Iníon M comhtholgtha áfach, agus go gairid i ndiaidh an chomhrá seo, thosnaigh sí ag cailliúint comhfheasa.
Nuair a d'fhill an Máistir ar an mBarda Luí Seoil, bhí Iníon M gan aithne, gan urlabhra. Dúirt an bhean ghlúin leis an Máistir go raibh Iníon M tar éis cead a dhiúltú don ghearradh Caesarach, agus thaispeáin sí di an cárta réamhthreorach a fuarthas ina sparán. Dúirt an cárta nár theastaigh ó shealbhóir an chárta, "mar dhuine de na Finnéithe Iaivé le tuairim dhaingean, dhiaganta", go dtabharfaí táirgí fola di, faoi chúinsí de chineál ar bith.
Bheartaigh an Máistir an leanbh a thabhairt ar an saol tré ghearradh Caesarach. Ag am lóin inniu rinne an Máistir iarratas éigeandála os comhair na hArd Chúirte agus d'éirigh léi órdú a fháil ón mBreitheamh Mac Lochlainn ag ceadú an ghearrtha Chaesaraigh, agus fuilaistriú a dhéanamh ar Iníon M, dá mba gá.
Thug an Breitheamh Mac Lochlainn na cúiseanna seo a leanas lena chinneadh:
1. Ní raibh Iníon M inniúil an chóir leighis a dhiúltú.
2. Ní thugann reiligiún bunús bealaí chun cóir leighis a dhiultú.
3. Tá ceart an linbh gan breith chun a bheatha comhionann le ceart na máthar chun a beatha, agus, mar sin, ag tabhairt gach rud san áireamh, caithfear toil na máthar a chur ar leataobh chun cosaint a thabhairt do shaol an linbh gan bhreith.
Díreach tar éis don ordú a bheith déanta, thug dlíodóirí Iníon M fógra don chúirt go raibh treoracha faighte acu ó theaghlach Iníon M achomharc a dhéanamh ar an ordú. Rinneadar achomharc éigeandála ar ordú an Bhreithimh Mac Lochlainn.
Cuirfidh an tAchomharcóir na pointí dlí seo a leanas os comhair na cúirte:
1. De réir Airteagal 40.1, Airteagal 40.3.1, Airteagal 40.3.2 agus Airteagal 42.1 de Bhunreacht na hÉireann agus Airteagail 8 agus 9 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, tá an ceart ag Iníon M diúltú do chibé cóir leighis is mian léi atá molta ag an Iarratasóir.
2. Caithfear Airteagal 40.3.3 de Bhunreacht na hÉireann a léamh i gcomhthéacs an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine, agus má tá coimhlint idir ceart an linbh gan bhreith agus féinriar na máthar, ní mór don chúirt tús áite a thabhairt don fhéinriar.
Iarratasóir/Freagróir - Ospidéal Naomh Caitríona
Achomharcóir - Iníon M
Gluais:
luí seoil = in labour, bean ghlúin = midwife, gearradh Caesarach = Caesarean section, comhtholgtha = concussed, cailliúint comhfheasa = losing consciousness, fuilaistriú = blood transfusion, Finné Iaivénach = Jehovah’s Witness
Reáchtáil an Chomórtais
Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist. Bíonn sonraí an cháis ar fáil roimh ré. Eagraíonn Gael Linn an comórtas in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann‚ Cearbhall Ó Dálaigh.
Reáchtáltar réamhbhabhtaí Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn ar maidin in Óstaí an Rí (King's Inns)‚ Sráid Henrietta‚ Baile Átha Cliath 1 agus reáchtáltar an chraobh sa Chúirt Uachtarach os comhair breithiúna an tráthnóna sin. Is i mí na Samhna a reáchtáltar an comórtas de ghnáth. Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn ar siúl i mbliana ar an Aoine 9 Samhain 2012.
Ballraíocht na Foirne
Duine amháin ar a laghad agus ceathrar ar a mhéid. Ar aon fhoireann ní bheidh ag caint ach beirt ar a mhéid, Abhcóide Sinsir agus Abhcóide Sóisir. Is féidir le duine amháin páirt a ghlacadh mar Abhcóide Sinsir. Ní gá do bhaill uile na foirne a bheith ina mic léinn ar an gColáiste 3ú leibhéal céanna. Áirítear Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí ina gColáistí 3ú leibhéal. Íoctar liúntas taistil agus lóistín más cuí leo siúd a ghlacann páirt.
Duaiseanna
Bronntar buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí.
Bronntar seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.
Dáta Deiridh Iontrála
Ní mór na foirmeacha iontrála a bheith i seilbh Gael Linn roimh 6 Samhain 2012.
Réamhullmhúchán
Bíonn ar gach foireann dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Deirtear leis na foirne an lá roimh na réamhbhabhtaí cén taobh den chás a bheidh siad ag pléadáil sa chéad bhabhta. Moltar do gach fhoireann 3 chóip de na cásanna a dtagrófar dóibh sna haighneachtaí béil a chur ar fáil ag gach Cúirt. (Ní gá ach cóip den gcéad leathanach agus cóip de na leathanaigh ina bhfuil na haltanna a ndéanfar tagairt dóibh a thabhairt seachas na cásanna ina iomláine)
Clár imlíne an lae:
10.00 – 12.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
12.30 – 14.00 Lón do na hiomaitheoirí.
14.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
15.30 Fógra faoin gCraobh.
17.00 – 18.00 An Chraobh‚ Na Ceithre Chúirt.
18.00 – 19.00 Fáiltiú i Seomra Tae na nAbhcóidí‚ Na Ceithre Chúirt
Na hAighneactaí
Leanfaidh na haighneachtaí béil mar a leanas:
1. Abhcóide* don achomharcóir : 25 nóiméad
2. Abhcóide* don fhreagróir : 25 nóiméad (*Tig le gach foireann na haighneachtaí a roinnt mar a leanas‚ más mian leis an bhfoireann é)
A. Abhcóide Sinsir : 15 nóiméad B. Abhcóide Sóisir : 10 nóiméad
3. Frisnéis : Abhcóide amháin don achomharcóir : 3 nóiméad
4. Cur i gcoinne na frisnéise – Abhcóide amháin don fhreagróir : 3 nóiméad
Ní cheadófar ábhar nua a thabhairt isteach le linn na frisnéise/cur i gcoinne na frisnéise.
Gearrfar pionós ar abhcóidí a sháraíonn na teorainneacha ama. Tá sé tábhachtach d'iomaitheoirí an iomarca léitheoireachta a sheachaint.
Ní cheadófar d'aon fhoireann atá fós sa chomórtas suí isteach ar Chúirt ina bhfuil foirne eile sa chomórtas ag iomaíocht.
Gaeilge
Is í an Ghaeilge teanga an chomórtais. Beidh cead áfach ag baill foirne sliochtanna a léamh i mBéarla ó chásanna atá á n-úsáid acu chun tacú lena gcuid argóintí, ach gan dul thar fóir leis.
Téarmaí Gaeilge
Tá teacht ar théarmaí dlí i nGaeilge sa leabhar Focal Sa Chúirt le Leachlann Ó Catháin, Aturnae, foilsithe ag Coiscéim, agus ar an suíomh gréasáin www.achmainn.ie.
Córas Marcála
Dáilfear marcanna as 100 ar gach mac léinn de réir na scéime Marcála seo a leanas:
A Ábhar (30 Marc)
-
Aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna atá os comhair na cúirte
-
Ábhar a d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chinneadh na cúirte a phlé agus an t-ábhar sin amháin
-
Feasacht a léiriú ar na cinntí a d'fhéadfadh an chúirt a dhéanamh
-
An úsaid chuí a bhaint as cáipéisí ábhartha
-
Plé mar is cuí a dhéanamh le hoifigigh na cúirte
-
Cruinneas ó thaobh na bhfíricí agus ó thaobh an dlí de
B Struchtúr (20 MARC)
-
Feasacht a léiriú maidir leis an gcéim ag a bhfuil na himeachtaí
-
An t-ábhar a chlúdach go héifeachtach laistigh de na teorainneacha ama
-
Gach pointe a ghlacadh in ord loighciúil
-
An tábhacht agus an suntasacht chuí a thabhairt do gach pointe
C Úsáid Gutha (30 MARC)
-
Labhairt ar luas ciallmhar
-
Neamhchinnteacht a sheachaint
-
Labhairt amach go soiléir agus os ard
-
Téarmaí oiriúnacha a úsáid
-
Cúram a dhéanamh de theacht i láthair agus comharthaíocht choirp
-
An iomarca tagairtí do nótaí agus go háirithe léamh amach nótaí focal ar fhocal a sheachaint
D Cumas Argóna (20 MARC)
-
An dlí agus fíricí a úsáid leis an sprioc atá ag teastáil a bhaint amach
-
Argóintí fiúntacha a chur chun cinn agus argóintí nach bhfuil fiúntas leo a sheachaint
-
Aon laige sa chás a phlé mar is cuí
-
Freagairt oiriúnach a dhéanamh ar aon idirghabháil a dhéanann an breitheamh
Tá Gael Linn buíoch de na hAbhcóidí Daithí Mac Cárthaigh agus Ruadhán Mac Aodháin as a gcuid oibre maidir leis an gcomórtas seo. I gcás aon cheisteanna i dtaobh an cháis is féidir teagmháil a dhéanamh le Ruadhán ag 087.9182722 nó (ruadhanmac@gmail.com). Mar threoir ghinearálta is fiú féachaint ar an suíomh www.mooting.net ach coinneáil in aigne nach mar a chéile go díreach na rialacha atá in úsaid ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh.
Tuilleadh Eolais:
Seán Ó Ceallaigh
Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
01.6753299 F 01/6704180 R seanc@gael-linn.ie

< Triú Leibhéal