^Top of Page

SIAMSAÍOCHT @ 6!

SIAMSAÍOCHT@6!

Eagraíonn Gael Linn tráthnónta siamsaíochta faoin teideal ‘Siamsaíocht@6!’ i mBaile Átha Cliath.
An aidhm atá leis an tsraith seo ná deis a thabhairt do lucht na Gaeilge san Ardchathair teacht le chéile tar éis lá oibre nó lá siopadóireachta, scaoileadh leis an trácht, deoch a ól, greim beag a bheith acu le n-ithe agus sult a bhaint as ceol den scoth!


Is uair sa mhí ó Dheireadh Fómhair go Bealtaine, ar thráthnónta Déardaoin a bhíonn an chraic, ó 6p.m. – 8p.m. Reáchtáltar na hócáidí  in Amharclann Powerscourt Townhouse, atá lonnaithe ar an dara hurlár den ionad siopadóireachta sin, díreach cúpla coiscéim ó Shráid Grafton.  Bhíodh na ceolchoirmeacha á n-eagrú in amharclann Caifé Bewley’s agus i measc na n-oirfideach a bhí linn thar na blianta bhí Mary Bergin, Cormac de Barra, Máire Breatnach, John Spillane, Donal agus Gerry O'Connor, Mairéad Ní Mhaonaigh, Manus Lunny,  Lumiere, Muireann Nic Amhlaoibh, Matt Cranitch, Jackie Daly, Oisín Mac Diarmada, Séamus Ó Beaglaoich seo blaiseadh beag ! 

Táille Isteach: €15, agus tá fíon, tae agus caifé ar fáil le ceannach

Moltar áirithint a dhéanamh roimhré - 087.2547574 nó  niamh@gael-linn.ie


Le fáil amach cé hiad na ceoltóirí a bheidh linn an chéad mhí eile cliceáil 
anseo

 

 



< Imeachtaí Eile