^Top of Page

DÍOSPÓIREACHTAÍ UÍ CHADHAIN

Don nuacht is déanaí cliceáil anseo

 



TREOIRFHÍSEÁN

Tá an comórtas seo á reáchtáil ag Gael Linn do iarbhunscoileanna a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge, agus dóibh siúd amháin.

Aidhm an Chomórtais
Is chun leas na Gaeilge atá an comórtas seo á reáchtáil. Chuige sin is dóigh linn gur feidir na díospóireachtaí a úsáid mar áis chun an teanga a mhúineadh trí rannpháirtíocht an ranga go léir.  Is féidir é seo a dhéanamh ar shlite éagsúla, mar shampla:

  • an rang ar fad a chur ag déanamh taighde ar ábhar an rúin
  • ábhar an rúin a thabhairt mar aiste don rang agus na tuairimí a thagann aníos a phlé sa rang
  • an rang ar fad a ghríosadh le freastal ar na díospóireachtaí
  • mic léinn nach mbeidh ar an bhfoireann a ullmhú roimh ré chun a dtuairimí a thabhairt ón urlár ag deireadh na díospóireachta

Reáchtáil an Chomórtais
Bíonn suas le ceithre fhoireann páirteach i ngach díospóireacht.  Téann dhá fhoireann ar aghaidh ó gach babhta.

Cuirfear tús le comórtas na bliana seo sa tseachtain dar tús 7 Deireadh Fómhair 2013.  Cuirfear liosta na socruithe amach chuig na múinteoirí ar a laghad seachtain roimh ré.  Ní athrófar na socruithe seo. Má tharrangaíonn foireann/foirne siar leanfar ar aghaidh leis an díospóireacht leis an líon foirne a bheidh fágtha.

Tar éis an chéad nó an dara babhta (ag brath ar líon na n-iarratas) eagrófar dhá Chraobh Réigiúnach ag a mbronnfar duaiseanna.  Is i mí na Nollag 2013 a eagrófar na Craobhacha seo.  Rachaidh dhá fhoireann ón dá chraobh sin ar aghaidh go dtí an Craobh na hÉireann i mí Eanáir 2014.  

Is tríd an ríomhphost is mó a choinneofar i dteagmháil leis na múinteoirí a bheas ag déileáil linn maidir leis an gcomórtas seo.  Dá bhrí sin tá sé tábhachtach seoladh ríomhphoist na scoile agus seoladh ríomhphoist an mhúinteora fein a bheith soiléir ar an bhfoirm iontrála.
 
Na Foirne
Triúr a bhíonn ar gach foireann agus bíonn suas le ceithre fhoireann san iomaíocht i ngach babhta díospóireachta.  Labhraíonn an triúr ar an taobh céanna den rún. Chomh maith lena chuid pointí féin a dhéanamh bíonn sé de dhualgas ar an gCaptaen sainmhíniú a dhéanamh ar an rún agus seasamh a fhoirne ina leith a leagan amach.  Ní bheidh ar an gCaptaen labhairt faoi dhó.
 
Tá sé riachtanach go mbíonn ionadaí ag gach foireann ar eagla nach mbíonn duine den triúr ar fáil ar lá na díospóireachta.

Cuirtear treoracha cuimsitheacha ar fáil do gach múinteoir a iontrálann foireann ar conas tabhairt faoi fhoireann a ullmhú do dhíospóireacht.  Tá treoirfhíseán ar bharr an leathanaigh seo freisin.

Taisteal
Ó thús an chomórtais íoctar méid áirithe costais taistil leis na foirne a mbíonn orthu turais fhada a dhéanamh. Íoctar suim de €30 le gach foireann a thaistealaíonn níos mó ná 50 míle ó bhaile, agus €60 le gach foireann a thaistealaíonn níos mó ná 100 míle ó bhaile. 

Íoctar liúntas taistil speisialta leis na foirne a bhíonn páirteach i gCraobh na hÉireann.

Ginearálta
Beidh sé de cheart ag Gael Linn íomhánna a ghlactar ag imeachtaí Gael Linn a úsáid mar ábhar poiblíochta don eagraíocht amach anseo.

Tá polasaí árachais dliteanas poiblí ag Gael Linn a chlúdaíonn ár gcuid scéimeanna ar fad. Ag na himeachtaí a eagraítear do dhaltaí scoile áfach, is éascaitheoir é Gael Linn seachas maoirseoir agus ní mór múinteoir nó duine fásta a bheith ainmnithe ag gach scoil a bheidh freagrach as sábháilteacht agus maoirseoireacht na ndaltaí. 

Rialacha Ginearálta
1. Tá an comórtas oscailte do iarbhunscoileanna a ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge.
(Maidir le scoileanna a bhfuil sruth Gaeilge iontu, má roghnaítear dalta ar bith, fiú duine amháin, atá sa sruth Gaeilge le labhairt ar fhoireann caithfidh an fhoireann sin páirt a ghlacadh i gComórtas Uí Chadhain. Má roghnaítear daltaí nach bhfuil sa sruth Gaeilge féadfaidh an fhoireann páirt a ghlacadh i gComórtas an Phiarsaigh, an comórtas díospóireachta eile a eagraímid do scoileanna nach ndéantar teagasc trí Ghaeilge iontu).

2. Bíonn dhá roinn sa chomórtas - Roinn na Sóisear agus Roinn na Sinsear.

3. Is do mhic léinn sna ranganna Teastais Shóisirigh Roinn na Sóisear.

4. Is do mhic léinn sna ranganna Ardteistiméireachta Roinn na Sinsear (Idirbhliain san áireamh).

5. Ní ceadmhach d'aon scoil níos mó ná foireann amháin a chur isteach ar Roinn na Sóisear agus foireann amháin ar Roinn na Sinsear.

6. Bíonn táille iontrála €15.00 le híoc ag gach foireann.  Dé Máirt 20 Meán Fómhair 2013 an dáta deiridh iontrála.

7. Ní bheidh aon dul thar bhreith na moltóirí ag na babhtaí díospóireachta agus ní chuirtear marcanna ar fáil.

8. Déantar iarracht amanna agus ionaid a roghnú a fheileann do na hiomaitheoirí ach caithfidh múinteoirí glacadh leis na socruithe a dhéanann Gael Linn. Bíonn formhór na mbabhtaí ar siúl ar 4.30 p.m. nó 5 p.m.  

Réiteach don Díospóireacht
9. Tugtar an rún do na foirne seachtain ar a laghad roimh gach babhta díospóireachta.

Am agus Ord na gCainteoirí
10. Labhraíonn Captaen gach foireann ar dtús, ansin Cainteoir 2 ó gach foireann agus ar deireadh Cainteoir 3 ó gach foireann. (A1, B1, C1, D1, A2, B2, C2, D2, A3, B3, C3, D3)
 
11.  Roinn na Sóisear - Tugtar trí nóiméad do gach cainteoir. 
       Roinn na Sinsear - Tugtar ceithre nóiméad do gach cainteoir.
 
12. Buailtear an clog nuair a bhíonn nóiméad amháin fágtha ag cainteoir agus arís nuair a bhíonn an t-am istigh. Ní thugtar marcanna ar aon chaint a dhéanfar tar éis an dara clog agus féadtar marcanna a bhaint de dhuine a théann thar fóir ar fad.

Stiúradh na Díospóireachta
13. Labhraítear tríd an gcathaoirleach i gcónaí agus caithfear géilleadh dá údarás.

14. Ní ceadmhach cur isteach ar chainteoir, ach, nuair a bhíonn an comórtas thart, féadann an cathaoirleach an díospóireacht a oscailt don urlár.

Duaiseanna
Bronntar duaiseanna aonair i bhfoirm plaiceanna ar na cainteoirí ar fad ag na Craobhacha Réigiúnacha. Ag Craobh na hÉireann bronnfar Corn Uisne agus seic €1,000 ar churaidh na hÉireann i Roinn na Sóisear agus bronnfar Corn Gael Linn agus seic €1,000 ar churaidh na hÉireann i Roinn na Sinsear. Bronnfar seic  €250 an fhoireann ar na foirne eile sa Chraobh. 
 
Tabharfar cuireadh do bhuaiteoirí náisiúnta an chomórtais shóisearaigh páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’. Féile díospóireachta í seo ag a mbíonn cainteoirí i láthair as Éirinn agus as Albain.  Gael Linn agus Comunn na Gaidhlig in Albain a eagraíonn an fhéile le tacaíocht ó Colmcille.  Beidh ‘Ri Chéile 2013’ ar siúl san fhómhar in Albain; dáta agus ionad le fógairt.
 
Bronnfar teastais ar bhaill na bhfoirne ar fad a ghlacfaidh páirt sa chomórtas ag an mbabhta deireanach ina mbíonn siad páirteach. Bronnfar teastas speisialta ar na cainteoirí ar fad sa Chraobh. 

 
Córas Marcála
Bíonn 100 marc an duine ag na cainteoirí agus iad roinnte mar seo a leanas

RANNÓGA

Captaen
(100 marc)
Cainteoir 2
(100 marc)
Cainteoir 3
(100 marc)
Obair Fhoirne
(20 marc)
Sainmhíniú agus Leagan Amach 25
Tuairimíocht 45
Bréagnú 25
Teacht i láthair agus Líofacht 30
IOMLÁN
IOMLÁN MARCANNA DON FHOIREANN
 










 

TUILLEADH EOLAIS
Jamie Ó Tuama, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
01.6753308  R-phost: jamieot@gael-linn.ie



< Iarbhunscoil