^Top of Page

DÍOSPÓIREACHTAÍ AN PHIARSAIGH

                                                                        

Don Nuacht is déanaí cliceáil anseo

 

                                              
                                   TREOIRFHÍSEÁN         CRAOBH NA hÉIREANN 2010


Tá an comórtas seo á reáchtáil ag Gael Linn do scoileanna dara leibhéal nach ndéantar teagasc iontu trí Ghaeilge, agus dóibh siúd amháin.


Aidhm an Chomórtais
Is chun leas na Gaeilge atá an comórtas seo á reáchtáil. Chuige sin molaimid na díospóireachtaí a úsáid mar áis chun an rang iomlán a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid.  Is féidir é seo a dhéanamh ar shlite éagsúla, mar shampla:

iarraidh ar an rang ar fad taighde a dhéanamh ar ábhar an rúin agus ansin é á phlé;
ábhar an rúin a thabhairt mar aiste don rang agus na tuairimí a thagann aníos a phlé sa rang;
an rang ar fad a ghríosadh le freastal ar na díospóireachtaí agus daltaí nach mbeidh ar an bhfoireann a ullmhú roimh ré chun a dtuairimí a thabhairt ón urlár ag deireadh na díospóireachta.

Reáchtáil an Chomórtais
Bíonn suas le ceithre fhoireann páirteach i ngach díospóireacht.  Téann dhá fhoireann ar aghaidh ó gach babhta suas go dtí leibhéal reigiúnach. Ag na Craobhacha Réigiúnacha, áfach, ní théann ar aghaidh ach foireann amháin, agus téann an fhoireann sin díreach ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann.
Tar éis an dáta deiridh iontrála socraítear ionaid agus dátaí do na babhtaí tosaigh ar fud na tíre.  Cuirtear an sceideal seo chuig na múinteoirí.  Ní athraítear na socruithe seo.  Má tharrangaíonn foireann/ foirne siar leantar ar aghaidh leis an díospóireacht le pé líon foirne a bhíonn fágtha.
Tar éis dhá nó trí bhabhta (ag brath ar líon na n-iarratas) eagraítear ceithre Chraobh Réigiúnacha ag a mbronntar duaiseanna.  Téann buaiteoir gach Craobh Réigiúnach [foireann amháin] ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann. 

Na Foirne
Triúr a bhíonn ar gach foireann agus bíonn suas le ceithre fhoireann san iomaíocht i ngach babhta díospóireachta.  Labhraíonn an triúr ar an taobh céanna den rún.  Chomh maith lena chuid pointí féin a dhéanamh bíonn sé de dhualgas ar an gCaptaen sainmhíniú a dhéanamh ar an rún agus seasamh a fhoirne ina leith a leagan amach.  Ní bhíonn ar an gCaptaen labhairt faoi dhó.
 
Tá sé riachtanach go mbíonn ionadaí ag gach foireann ar eagla nach mbíonn duine den triúr ar fáil ar lá díospóireachta.
 
Duaiseanna
Bronntar duaiseanna aonair i bhfoirm plaiceanna ag na Craobhacha Réigiúnacha. Ag Craobh na hÉireann bronntar buanchorn an chomórtais ar churaidh na hÉireann, Sóisear agus Sinsear.  Freisin bronntar dearbháin de luach €250 an ceann ar bhuaiteoirí na Craoibhe san dá rannóg. Bronntar dearbháin de luach €50 ar na cainteoirí eile sa Chraobh.
 
Tugtar cuireadh do bhuaiteoirí an chomórtais shóisearaigh páirt a ghlacadh i ‘Ri Chéile’. Féile díospóireachta í seo a reachtálann Gael Linn agus Comunn na Gaidhlig in Albain le tacaíocht ó Colcmille.  Beidh 'Ri Chéile 2013' ar siúl san fhómhar in Éirinn; dáta agus ionad le fógairt.

Bronntar teastais ar bhaill na bhfoirne ar fad a ghlacfaidh páirt sa chomórtas ag an mbabhta deireanach ina mbeidh siad páirteach.  Bronnfar teastas speisialta ar na cainteoirí ar fad sa Chraobh.

Rialacha Ginearálta
1. Tá an comórtas oscailte do iarbhunscoileanna seachas gaelcholáistí agus scoileanna gaeltachta.  
2. Bíonn dhá roinn sa chomórtas - Roinn na Sóisear agus Roinn na Sinsear.
3. Is do mhic léinn sna ranganna Teastais Shóisirigh Roinn na Sóisear.
4. Is do mhic léinn sna ranganna Ardteistiméireachta Roinn na Sinsear (Idirbhliain san áireamh).
5. Ní ceadmhach d'aon scoil níos mó ná foireann amháin a chur isteach ar Roinn na Sóisear agus foireann amháin ar Roinn na Sinsear.
6. Bíonn táille iontrála €15.00 le híoc ag gach foireann. Dé Luain 26 Meán Fómhair 2012 an dáta deireadh iontrála.
7. Ní bhíonn dul thar bhreith na moltóirí ag na babhtaí díospóireachta agus ní chuirtear marcanna ar fáil.
8. Déantar iarracht amanna agus ionaid a roghnú a fheileann do na hiomaitheoirí ach caithfidh múinteoirí glacadh leis na socruithe a dhéanann Gael Linn. Bíonn formhór na mbabhtaí ar siúl ar 4.30 p.m. nó 5 p.m.

Réiteach don Díospóireacht
9. Tugtar an rún do na foirne seachtain ar a laghad roimh gach babhta díospóireachta.
 
Am agus Ord na gCainteoirí 
10. Labhraíonn Captaen gach foireann ar dtús, ansin Cainteoir 2 ó gach foireann
agus ar deireadh Cainteoir 3 ó gach foireann. (A1, B1, C1, D1, A2, B2, C2, D2, A3, B3, C3, D3)
 
11. Roinn na Sóisear - Tugtar trí nóiméad do gach cainteoir. 
Roinn na Sinsear - Tugtar ceithre nóiméad do gach cainteoir.
 
12. Buailtear an clog nuair a bhíonn nóiméad amháin fágtha ag cainteoir agus arís nuair a bhíonn an t-am istigh. Ní thugtar marcanna ar aon chaint a dhéantar tar éis an dara clog agus féadtar marcanna a bhaint de dhuine a théann thar fóir ar fad.
 
Stiúradh na Díospóireachta
13. Labhraítear tríd an gcathaoirleach i gcónaí agus caithfear géilleadh dá údarás.
14. Ní ceadmhach cur isteach ar chainteoir, ach, nuair a bhíonn an comórtas thart, féadann an cathaoirleach an díospóireacht a oscailt don urlár.

Taisteal
Ón tríú babhta ar aghaidh íoctar síntiús i leith costais taistil leis na foirne a mbíonn orthu turais fhada a dhéanamh.  Íoctar suim de €30 le gach foireann a thaistealaíonn níos mó ná 50 míle ó bhaile, agus €60 le gach foireann a thaistealaíonn níos mó ná 100 míle ó bhaile.  Íoctar liúntas taistil speisialta leis na foirne a bhíonn páirteach i gCraobh na hÉireann.
  
Córas Marcála
Bíonn 100 marc an duine le gnóthú ag na cainteoirí agus iad roinnte mar seo a leanas

RANNÓGA Captaen 
(100 marc)
Cainteoir 2
(100 marc)
Cainteoir 3
(100 points)
Obair Fhoirne
(20 marc)
Sainmhíniú agus Leagan Amach 20



Tuairimíocht 40



Bréagnú 20



Teacht i láthair 25



Líofacht Ghaeilge 15



IOMLÁN




IOMLÁN MARCANNA DON FHOIREANN

Ginearálta
Beidh sé de cheart ag Gael Linn íomhánna a ghlactar ag imeachtaí Gael Linn a úsáid mar ábhar poiblíochta don eagraíocht amach anseo.
Tá polasaí árachais dliteanas poiblí ag Gael Linn a chlúdaíonn ár gcuid scéimeanna ar fad.  Ag na himeachtaí a eagraítear do dhaltaí scoile áfach, is éascaitheoir í Gael Linn seachas maoirseoir agus ní mór múinteoir nó duine fásta a bheith ainmnithe ag gach scoil a bheidh freagrach as sábháilteacht agus maoirseoireacht na ndaltaí.

TUILLEADH EOLAIS
Jamie Ó Tuama, Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
01.6753308  R-phost: jamieot@gael-linn.ie



< Iarbhunscoil