Dréimire don Ardteistiméireacht, Ardleibhéal
Foilsítear Dréimire i 6 chaibidil ó Dheireadh Fómhair go hAibreán. Is in aghaidh na míosa a dhéantar gach caibidil a chur i gcló agus an t-ábhar a thaifeadadh. Dá bhrí sin bíonn an t-ábhar i gcónaí suas chun dáta.
I ngach caibidil beidh
- píosaí sainscríofa ar chúrsaí reatha, e.g., cúrsaí na tíre agus cúrsaí idirnáisiúnta, oideachas, sainspéiseanna na hóige – ceol, spórt etc.
- ailt oiriúnacha agus ceisteanna léamhthuisceana leo
- nótaí agus cleachtaí gramadaí
- ailt ar an gcúrsa ainmnithe litríochta agus ar Stair na Gaeilge
- CD (saor in aisce) agus script do gach rang agus ceisteanna cluastuisceana i gcló sa chaibidil.
Más mian leat cóip shamplach de chaibidil a fheiceáil, níl le déanamh agat ach í a lorg.