^Top of Page

Nuacht

Comórtas Gailf as Gaeilge - Torthaí

Comórtas Gailf as Gaeilge - Torthaí
Bhí an-lá againn arís i mbliana ag an gcomórtas ‘Galf as Gaeilge’ ar an Satharn 10 Meitheamh, agus suas le 50 ghalfaire san iomaíocht ar chúrsa iomráiteach Esker Hills, club bhaile Shane Lowry. Comórtas ‘Scramble’ a bhí againn le 3 ar gach foireann. B’as Conamara an chuid is mó de na foirne ach bhíodar ann freisin ó Dhún Dealgan agus roinnt ó Bhaile Átha Cliath. Oireachtas na Gaeilge agus Gael Linn a d’eagraigh an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge agus táimid an-bhuíoch de Sheán Ó Gallchóir ó ghalfchúrsa Dunmurry Springs a chuir roinnt duaiseanna ar fáil freisin. Chuir Ray Molloy an-fháilte romhainn ar fad in Esker Hills agus bhí sé soiléir go bhfuil ard-mheas aige ar an nGaeilge. Dar ndóigh caitheann sé go leor dá chuid ama saor thiar i gConamara.   Bhí an ceol ar fheabhas tráthnóna Dé Sathairn ón ghrúpa ‘Fiúntas’, grúpa a tháinig sa dara háit sa chomórtas ‘Siansa Gael Linn’ i mbliana. Táimid ag súil le dul ar ais go Esker Hills an bhliain seo chugainn agus má tá spéis ag éinne imirt ann ní gá ach scéal a chur chuig seanc@gael-linn.ie nó chuig Liam Ó Maoladha ag liam@antoireachtas.ie
Seán Ó Ceallaigh



Na buaiteoirí le Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn

Foireann Dhún na nGall

Foireann Dhún Dealgan

Buaiteoirí na bliana seo caite, ach cá raibh siad i mbliana?

Tá neart pictiúir eile le feiceáil ón ócáid ANSEO , a bhuíochas le Colin Ó Conghaile ó Oireachtas na Gaeilge!


< Gach Nuacht