^Top of Page

Nuacht

An-rath ar chomórtas díospóireachta na Maidens i UCD

An-rath ar chomórtas díospóireachta na Maidens i UCD
Reáchtáladh an Chraobh de Chomórtas Maidens na Gaeilge UCD 2017, ar an Déardaoin 2 Márta.
Pléadh an rún; “Má thugtar bia do chrogaill, fillfidh siad arís is arís eile” - Arlene Foster, Ceannaire an DUP. Rún conspóideach agus ámharach a bhaineann leis an ‘Dream Dearg,’ atá ag troid chun Acht Gaeilge agus cearta eile teanga a éileamh ón rialtas ó thuaidh.
Ag tús na hócáide labhair oifigigh  ón choiste eagraithe faoin chomórtas go dtí seo agus ghabhadar a mbuíochas le Gael linn agus Bord na Gaeilge don tacaíocht ar fad, idir urraíocht agus comhairle. Luaigh siad an obair a dhéanann Gael linn mar eagraíocht Ghaeilge - faoi na comórtais díospóireachta a reáchtálann siad do mhic léinn dara leibhéal -  bhí go leor de na hiomaitheoirí sna Maidens páirteach sna comórtais seo agus iad ar scoil, agus luaigh siad an comórtas ag an Oireachtas a d’eagraigh Gael linn agus Conradh na Gaeilge leis na coláistí éagsúla. Labhair siad freisin faoi Bhord na Gaeilge sa choláiste agus faoin scéim cónaithe.

CAINTEOIRÍ:
 
Ag labhairt i bhfabhar:
1)Caoimhín De Baróid
2) Cecily Nic Cionnaith
3) Tadhg Treacy               

Ag labhairt i gcoinne:
1) Rachael Benéid
2) Garett O Cineide
3) Clíodhna Ní Chroidheáin

Cathaoirleach;  Joshua Kyron Glennan ( L&H)
Grianghrafadóir- Freda Ní Dhóláin
Rinne Jamie Mac Uiginn “ tweetáil beo” ón ócáid agus bhí físeanna de na cainteoirí suas aige ar ‘snapchat’.

Moltóirí;

1 - Peadar Ó Lamhna - iar mhac léinn Dlí agus Polaitíochta UCD, agus fear a bhí ag obair le Arlene Foster i Stormont. Bhí cuid mhór eolas ag Peadar ar an rún a bhí á phlé ag thug sé aiseolas do na cainteoirí ag deireadh na hoíche.

2 - Shane Ó Gruagáin - Buaiteoir Maidens 2016 agus Reachtaire an Chumainn Gaelaigh.

3 - Ceithleann Ní Dhúlacháin - Oifigeach Díospóireachta an Chumainn Gaelaigh

Sí Clíodhna Ní Chroidheáin, mac léinn Eolaíochta, a fuair an chéad áit sa chomórtas agus tháinig Caoimhín De Baróid, mac léinn Dlí agus Gnó san dara háit.
D’oscail an cathaoirleach an rún amach chuig an lucht éisteachta ag deireadh na hócáide agus bhí neart tuairimí acu siúd chomh maith.

BUAITEOIR 2017: Clíodhna Ní Chroidheáin

Sa dara háit bhí Caoimhín de Baróid




< Gach Nuacht