^Top of Page

Nuacht

Albam Mhuintir Chatháin ar fáil anois ar CD

Albam Mhuintir Chatháin ar fáil anois ar CD
Céadeisiúint ar CD den albam álainn seo a eisíodh i 1985. Dolores Keane agus a muintir i mbun ceoil agus amhrán- Cill Chais, Dónal Óg, Anach Cuain, agus bailéid mhóra mar The May Morning Dew.
Bhí sé de bhua ag Dolores gur fhás sí aníos i dteaghlach a bhí báite go hiomlán  i saibhreas ceoil. Bhí clú agus cáil bainte amach ag a beirt aintíní, Sarah agus Rita, i measc lucht an cheoil. Ach ní hí Dolores amháin a thug léi bua an cheoil ón tseanmhuintir. Ar an albam seo, cloistear a deirfiúracha Teresa agus Christina, a deartháireacha Matt, Seán, Pat agus Noel, chomh maith lena máthair Bridie, agus a hathair Matt. 

CLICEÁIL ANSEO CHUN É A CHEANNACH



< Gach Nuacht