^Top of Page

Nuacht

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 – ríméad ar churaidh réigiúnacha !

Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 – ríméad ar churaidh réigiúnacha !
Bhí ríméad ar fhoirne díospóireachta ón Spidéal, ón Cheathrú Rua agus ó Daingean Uí Chúis tar éis gur roghnaíodh mar churaidh iad ag an dara Craobh Réigiúnach de chuid Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2018 le déanaí ! Bhí an ócáid ar siúl san Óstán South Court, Luimneach, ar an gCéadaoin, 6 Nollaig 2017.

Sa chomórtas sóisearach chuaigh foirne ó Choláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, in éineacht le foirne na Gaillimhe, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, i ngleic leis an rún ‘Tá an troid ar son chaomhnú na timpeallacht á cailliúint againn in Éirinn!’ Bhí neart le rá ag na cainteoirí óga agus iad ag argóint ar son nó i gcoinne an rúin, agus iad uilig ullmhaithe go hiontach ag a gcuid múinteoirí!

Ina dhiaidh sin, bhí díospóireacht bhreá bhríomhar i measc na bhfoirne sinsearacha ó Choláiste Íde, An Daingean agus arís eile, ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Coláiste Chroí Mhuire agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin. Phléigh na cainteoirí seo an t-ábhar ‘Tá an ciníochas go forleathan in Éirinn go fóill’. Ba léir go raibh an-taighde déanta ag na foirne agus cuireadh pointí láidre ó gach taobh os comhair an lucht éisteachta mór a bhí i láthair. Bhain na cainteoirí ar fad a bhí páirteach san ócáid ardchaighdeán díospóireachta amach agus bronnadh gradaim aitheantais orthu uilig.

Bhí jab fíordheacair le déanamh ag na moltóirí, Liam Ó Mathúna, Áine Hensey agus Seosamh Ó hÉanaí, chun na buaiteoirí a roghnú, ach ar deireadh, fógraíodh go mbeadh na foirne díospóireachta seo a leanas ( agus ní in aon ord ar leith atá siad ! ) ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann, a reáchtálfar i mBaile Átha Cliath ag deireadh mhí Eanáir 2018:
Roinn na Sóisear: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Roinn na Sinsear: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua

Beidh na buaiteoirí ríméadacha san iomaíocht ar an lá sin le foirne ó Ghaelcholáiste Dhoire agus Coláiste Oiriall i Roinn na Sóisear, agus le Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Coláiste Eoin i Roinn na Sinsear. Beidh deis ag na foirne uilig ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú €1,000 iad a thabhairt leo, mar aon le Corn Uishne i Roinn na Sóisear agus Corn Gael Linn i Roinn na Sinsear.
Treise leo uilig !

Pobalscoil Chorca Dhuibhne ( Sóisear )


Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua ( Sóisear )


Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal ( Sinsear )


Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua ( Sinsear  )

 





< Gach Nuacht