^Top of Page

Nuacht

Cúis bhróin do Gael Linn bás Liam Devally

Cúis bhróin do Gael Linn bás Liam Devally

Cúis bhróin do Gael Linn bás Liam Devally a bhí ina tráth ina amhránaí le Cabaret Gael Linn, in éineacht le Kathleen Watkins,Breandán Ó Dúill, Seán McGuire agus oirfidigh eile. Rinne Gael Linn a lán taifeadtaí de Liam a raibh glór séimh teanóir aige agus chraoltaí go minic iad ar chlár Gael Linn ar Raidió Éireann. Ar dheis Dé go raibh a anam.

 

Tógadh an grianghraf ag céadléiriú Cabaret Gael Linni mBun Dobhráin i 1959: Liam Devally ar dheis, in aice leis Kathleen Watkins (sa lár), Breandán Ó Dúill agus Seán McGuire. Sa ghrianghraf freisin tá Gráinne Ní Chormaic, Áine Ní Channa agus Fionnuala Ní Shúilleabháin. Thaisteal Cabaret Gael Linn ar fud na tíre i rith na 1960í agus bhí an-cháil orthu. Eisíodh dhá fhadcheirnín leo ar lipéad Gael Linn.





< Gach Nuacht