^Top of Page

Nuacht

Post mar Oifigeach Tionscadail, Gaelbhratach, fógartha ag Gael Linn

Post mar Oifigeach Tionscadail, Gaelbhratach, fógartha ag Gael Linn

 

Oifigeach Tionscadail – Gaelbhratach
(Athfhógairt)



Scéim í Gaelbhratach a chuireann ar chumas scoileanna gradam aitheantais a fháil as a gcuid oibre chun an Ghaeilge chumarsáideach a chur chun cinn. Urraithe ag Foras na Gaeilge, tugann an scéim tacaíocht agus treoir do mhúinteoirí agus do dhaltaí conas cuspóirí na scéime a chur i gcrích. Duine tionscantach, le Gaeilge ar ardchaighdeán, scileanna láidre idirphearsana agus riaracháin, agus tuiscint ar an gcóras dara leibhéil á lorg chun an scéim a fhorbairt, le tosú i mí Lúnasa.
Foirm iarratais agus tuilleadh eolais ó Máire Harris: eolas@gael-linn.ie, nó www.gael-linn.ie
Spriocdháta: Dé hAoine 20 Iúil 2018.

 



< Gach Nuacht