^Top of Page

Nuacht

Féile Peile Gael Linn 2018 - laochra Laighean !

Féile Peile Gael Linn 2018 - laochra Laighean !

Is laochra Laighean iad foireann Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach, tar éis a mbua ag Féile Peile Gael Linn i Ráth Chairn le déanaí !
Fuaireadar an ceann is fearr ar fhoireann Ghaelscoil an Mhuilinn, An Muileann gCearr, sa Chraobh le scór chuimsitheach 7-9 go go 2-7. Bhí bród an domhain ar mhúinteoir agus traenálaí na foirne, Art Ó Grifín, as éacht seo na bpeileadóirí óga ! Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá – Dé Luain, 30 Aibreán agus Dé Máirt, 1 Bealtaine- agus bhí suas le 160 scoláire rannpháirteach ann ó Ghaelscoileanna na Cúige – Gaelscoil Chill Dara, An Currach, Scoil Uí Riada, Cill Choca, Gaelscoil Eoghan Uí Thuairisc, Ceatharlach, Gaelscoil an Mhuillin, An Muileann gCearr, Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Búinne, Scoil an tSeachtar Laoch, Baile Munna agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn. Foirne meascaithe, le naonúr imreoir an taobh, a bhí i gceist, agus d’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad i rith na féile. Cháiligh na foirne ba airde pointí do na leathchraobhacha, agus ansin an Chraobh. Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí ar bun do na daoine óga.

Tá Gael Linn an-bhuíoch de Chomhcharchumann Ráth Chairn as a gcúnamh le reáchtáil na féile agus den chumann peile áitiúil as an pháirc a chur ar fáil don ócáid. Bhí an fhéile seo I Ráth Chairn ar an gcéad cheann de chúig fhéile peile den chineál céanna a bheidh á n-eagrú ag Gael Linn le linn mhí Bealtaine agus mhí an Meithimh i nGaeltachtaí Chonamara, Thír Chonaill, Múscraí agus na Déise.


Bhronn Jamie Ó Tuama, riarthóir an chomórtais, corn Gael Linn ar an mbeirt chaptaen ó fhoireann bhuacach Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ned Mac Uilliamh( ar dheis) agus Niamh Ní Bhroin ( ar chlé).


< Gach Nuacht