^Top of Page

Nuacht

An-aicsean ag Féile Peile Gael Linn 2018 i Rosmuc!

An-aicsean ag Féile Peile Gael Linn 2018 i Rosmuc!
Bhí aimsir aoibhinn agus an-aicsean ar an nGort Mór, Rosmuc ag Féile Peile Chonnacht 2018 ar an Mháirt, 15 agus Céadaoin, 16 Bealtaine! Ba é seo an dara féile i mbliana den tsraith a eagraíonn Gael Linn i ngach Cúige do lucht Gaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta, le maoiniú ó Foras na Gaeilge.

Dhá fhoireann láidre a bhí páirteach sa Chraobh, Scoil Iognáid, Gaillimh ( curaidh 2017 ), agus Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua. Cluiche spórtúil, cothrom a bhí ann, agus bhí an-chaighdeán peile ag an dá fhoireann, ach d’éirigh le peileadóirí Bhéal Átha na Slua druidim chun cinn ar deireadh, agus bhuadar le scór 1-10 in aghaidh 2-04. Ba é seo an chéad bhua don scoil sa chomórtas seo, agus is cinnte go mbeidh an fhoireann ag ceiliúradh go ceann i bhfad, in éineacht lena múinteoir agus traenálaí bródúil, Nioclás Mac Donnacha! Bhronn riarthóir na gcluichí, Kevin Mhaidhc Ó Conghaile, Corn Gael Linn ar chaptaen na foirne, Oisín Ó Kindregan.

Ocht bhfoireann ar fad ( suas le 160 scoláire agus a gcuid múinteoirí ) ó chontaetha na Gaillimhe agus Ros Comáin a thaisteal go taillte CLG na bPiarsach ar an nGort Mór thar dhá lá na féile– Gaelscoil Dara, Gaillimh, Scoil Iognáid, Gaillimh, Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua, Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin, Scoil Éinne, An Spidéal, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Scoil Náisiúnta,Leitir Móir, mar aon leis an bhfoireann baile, Scoileanna Chamuis agus Rosmuc. Buachaillí agus cailíní ó na hardranganna sna scoileanna seo a bhí ag imirt, le naoinúr an taobh. Tháinig roinnt de na foirne seo tríd babhtaí cáilithe roimhré. Bhí ar a laghad trí cluiche ag gach foireann i rith na féile, agus chuaigh na foirne leis na marcanna ab airde ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha agus ina dhiaidh sin, go dtí an Chraobh. Ba iad Muintir Uí Chonghaile ó Indreabhán a bhí i mbun riaradh agus réiteoireacht na gcluichí, mar is iondúil!

Eagraíodh imeachtaí soisialta mar chuid den fhéile chomh maith, chun deis a thabhairt do na himreoirí óga bualadh le chéile! Agus thapaidh roinnt de na cuairteoirí an deis cuairt a thabhairt ar Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh le linn dóibh a bheith sa cheantar.

Thréaslaigh Jamie Ó Tuama, Gael Linn, a mbua le Scoil Uí Cheithearnaigh agus ghabh sé buíochas le muintir Chamuis/Rosmuc a d’fháiltigh roimh na cuairteoirí, agus go speisialta le Jane Uí Mhainnín agus le CLG na bPiarsach, Rosmuc, as a gcúnamh le reáchtáil na féile ráthúla.

  



< Gach Nuacht