^Top of Page

Nuacht

FÉILE PEILE RÁTHÚIL SA RINN!

FÉILE PEILE RÁTHÚIL SA RINN!
Chruinnigh suas le 160 scoláire agus a gcuid múinteoirí i gColáiste na Rinne le déanaí don chéad fhéile i gCúige Mumhan de chuid Féilte Peile Gael Linn 2018. Thar dhá lá, Dé Máirt, 5 agus Dé Céadaoin, 6 Meitheamh a a reáchtáladh an ócáid bhliantúil seo.

Chuaigh ocht bhfoireann chun páirce ó Ghaelscoil Chluain Meala, Scoil Gharbháin, Dún Garbhán, Gaelscoil Mhichíl Cíosóig, Inis, An Mhódhscoil, Luimneach, Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, Gaelscoil Pheig Sayers, Corcaigh, Scoil na nÓg, Gleann Maghair agus foireann nascaithe áitiúil ó Scoil Náisiúnta na Rinne/Scoil Bhaile Mhic Airt, An Sean Phobal. Scoláirí ó na hardranganna, idir bhuachaillí agus cailíní, sna scoileanna seo a bhí ag imirt agus tháinig roinnt de na foirne seo tríd babhtaí réamhcháilithe le bheith páirteach sa bhféile. Bhí neart cluichí le n-imirt ag na foirne thar an dá lá agus ba é Domhnall Ó Murchadha ón Rinn a bhí ag feidhmiú mar riarthóir orthu ag an bhféile.

Chas peileadóirí Scoil na nÓg, Gleann Maghair agus Gaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ar a chéile sa chraobh i gcluiche a bhí cothrom, spórtúil, ach is ag foireann Thrá Lí a bhí an bua ar deireadh, le scór 4-8 go 4-4. An cúigiú bua as a chéile don scoil sa chomórtas seo, bhí áthas an domhain ar na captaein, Ella Ní Chonchúir agus Shane Ó Ceallaigh, Corn Gael Linn a ghlacadh ar ais arís. Ba iad Colm Ó hAiniféin, Déaglán Ó Cuill agus Cáit Uí Churraín na múinteoirí a thraenáil agus a d’ullmhaigh an fhoireann don chomórtas. Bhí an aimsir go breá le linn na féile agus bhain na daoine óga ar fad an-sult as an bpeil agus as as na himeachtaí sóisialta a eagraíodh dóibh istoíche. Tá Gael Linn an-bhuíoch de fhoireann Choláiste na Rinne agus de gach éinne a chuidigh ar aon bhealach le reáchtáil na féile.

Beidh an dara féile i gCúige Mumhan, chun freastal ar éileamh ó na scoileanna, ar bun i mBaile Bhúirne ar an 12 agus 13 Meitheamh.



< Gach Nuacht