^Top of Page

Nuacht

An-spórt ag Féile Peile Gael Linn i mBaile Bhúirne!

An-spórt ag Féile Peile Gael Linn i mBaile Bhúirne!
Bhí an-spórt ag peileadóirí óga ó Ghaelscoileanna agus ó scoileanna Gaeltachta le chéile ag Féile Peile Gael Linn i mBaile Bhúirne le déanaí ! Thar dhá lá, Dé Máirt, 12 agus Dé Céadaoin, 13 Meitheamh, a reáchtáladh an ócáid bhliantúil seo. Ba é seo an fhéile deireannach den tsraith de fhéilte a d’eagraigh Gael Linn i ngach cúige i mbliana, agus é ar an dara ceann a reáchtáladh i gCúige Mumhan, chun freastal ar an éileamh mhór ó na scoileanna sa taobh sin tíre.
Ocht bhfoireann a bhí páirteach san fhéile, ina measc, na scoileanna áitiúla, Scoil Abán Naofa, Baile Bhúirne agus Scoil Lachtaín Naofa, Cill na Martra. Ar na scoileanna a thaisteal go Gaeltacht Mhúscraí don fhéile, bhí, ó chontae Chorcaí, Gaelscoil an Ghoirt Álainn, Corcaigh agus Gaelscoil Thomás Dáibhís, Mala, mar aon le Gaelscol Aogáin, Oileán Chiarraí, Gaelscoil Faithleann, Cill Airne, Scoil Náisiúnta an Chlocháin agus Scoil Eoin Baiste, Lios Póil ó chontae Chiarraí. Bhí na foirne roinnte i ndá ghrúpa de cheithre fhoireann – na scoileanna Gaeltachta i ngrúpa amháin agus na Gaelscoileanna sa ghrúpa eile. Is ar Pháirc an Choláiste a imríodh na cluichí, agus bhí an riarthóir, Kevin Ó Conghaile, an-mholtach faoi na scileanna maithe peile a bhí ag na buachaillí agus cailíní go léir ! Bhí ar a laghad trí chluiche ag gach foireann, agus chuaigh na foirne ba airde marc ar aghaidh go dtí na leathchraobhacha, agus ansin go dtí an Chraobh. Is idir fhoirne Chiarraí, Gaelscoil Aogáin, Oileán Chiarraí agus Scoil an Chlocháin, Clochán Bhréanainn, a imríodh an cluiche ceannais, uair a bhí bua chuimsitheach ag peileadóirí Ghaelscoil Aogáin le scór 4-4 go 0-3. Ba é Tomás Ó Conchúir an múinteoir a thraenáil agus a d’ullmhaigh an fhoireann don chomórtas. Bhronn Seán Ó Ceallaigh Corn Gael Linn ar a gcaptaen, Billy Breathnach, agus ghabh sé le buíochas le gach éinne a chuidigh le reáchtáil na féile. Bronnadh duais don fhoireann Gaeltachta ab fhearr ar Scoil an Chlocháin, a bhí faoi stiúr a múinteora, Cathal Ó Dubhda. Mar aon leis na cluichí, tugadh deis do na scoláirí – suas le 160 ar fad ó na scoileanna éagsúla -aithne a chur ar chéile istoíche ag na himeachtaí soisialta a eagraíodh dóibh. In ainneoin an t-athrú san aimsir, bhí na rannpháirtithe uilig den tuairim go raibh an-fhéile ann ! Comhghairdeas le foireann Ghaelscoil Aogáin as a mbua - is cinnte go mbeidh an-cheiliúradh sa scoil !




< Gach Nuacht