^Top of Page

Nuacht

Súgradh Só (1969) Amhráin do Pháistí Cantairí Beaga Átha Cliath seolta ar líne !

Súgradh Só (1969) Amhráin do Pháistí  Cantairí Beaga Átha Cliath seolta ar líne !
Albam gleoite d’amhráin do pháistí é Súgradh Só a eisíodh ar fhadcheirnín i 1969 ach nach raibh fáil air le fada an lá. Anois, tar éis beagnach 50 bliain, tá athmháistriú digiteach déanta ar na buntaifeadtaí agus tá an t-albam ar fáil ar líne ón 27 Iúil 2018.

Cór thar a bheith oillte ab ea Cantairí Beaga Átha Cliath agus iad á stiúradh anseo ag Proinsias Ó Ceallaigh. Tá roinnt amhránaithe cáiliúla a thosaigh amach leis na Cantairí Beaga, a chuaigh ar aghaidh go dtí Cantairí Óga Átha Cliath agus ansin a ghabh go gairmiúil leis an gceol; ina measc Anne Murray, Mary Black, Maxi, Dick &Twink, Siobhán McCarthy agus Mary Stokes. Tabharfaidh liosta traiceanna Súgradh Só a lán daoine ar bhóithrín na smaointe!  Ding Dong Dederó, Cé a Chuirfidh Tú Liom, Mo Chaora Bhán, Amhrán Fíodóireachta, Cuach mo Londubh Buí, Ó Cé hé seo?, Deoín Dí, Óró a Chumainn Ghil, Ailiú Éanaí, Óró a Bhuachaillín,  Amhráinín Síodraimín,  Lúibín Ó Lú,An Síolamhrán, Bád Beag is Bád Mór, Amhrán na Cuiginne, Bog Braon don Seanduine, Cuir a Chodladh,Cranndaí Bogadaí, Trasna na dTonnta,

Mar sin, bí ag faire amach agus ag eisteacht … Spotify, Apple Music, iTunes, Amazon, Deezer, Google Play, YouTube etc Ar fáil freisin ar CD, Cantairí Óga Átha Cliath: Trup, Trup a Chapaillín (1968) agus Fuaireas-sa Cuireadh (1969) www.gael-linn.ie


< Gach Nuacht