^Top of Page

Nuacht

Scléip ar an Srath Bán !

Scléip ar an Srath Bán !
In ainneoin na droch-aimsire, bhain idir scoláirí, múinteoirí agus moltóirí sult as réamhbhabhta an tuaiscirt de chuid Scléip Gael Linn 2019 a reáchtáladh in Amharclann an Alley ar an Srath Bán ar an Mháirt, 27 Samhain. Is comórtas tallainne é Scléip atá á eagrú go sonrach do na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, agus atá dírithe ar na healaíona comhaimseartha.

Chruinnigh os cionn dhá chéad iomaitheoir ó Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Gaelcholáiste Dhoire, Dún Geimhin, Coláiste Oiriall, Muineachán, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Coláiste Lú, Dún Dealgan, Scoil Iósaef, Domhnach Mór, agus Coláiste Feirste, Béal Feirste, san amharclann don ócáid bhliantúil seo. Rinneadh léiriú ar rince chruthaitheach agus ar cheol agus amhránaíocht chomhaimseartha – go haonarach agus i ngrúpaí – agus baineadh ard-chaighdeán amach, tríd síos !

Thug na moltóirí, Edel Ní Churraoin, ceoltóir agus craoltóir le Raidió Fáilte, agus Enda Reilly, amhránaí agus cumadóir aitheanta, aischothú do na hiomaitheoirí uilig, in éineacht le moltaí faoi conas barrfeabhas a chur ar ghnéithe áirithe dá léirithe. Bhí cinntí deacra le déanamh acu faoi na míreanna a bheadh ag dul ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas in amharclann Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, ar an gCéadaoin, 30 Eanáir 2018, ach ar deireadh, roghnaíodar na hiomaitheoirí seo a leanas – is maith iad! :

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sóisear: Eoin Ó Fearraigh, Pobalscoil Ghaoth Dobhair,  Co. Dhún na nGall

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan ( Aonair ) – Sinsear Amy Ní Chléirigh, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Amhránaíocht Comhaimseartha, le fuaimrian tacaíochta ( Aonair ) – Sóisear Hanna Nic Pháidín, Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall

Amhránaíocht Comhaimseartha, le fuaimrian tacaíochta ( Aonair ) – Sinsear Lauryn Ní Riain, Coláiste Lú, Dún Dealgan

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sóisear ‘Spleodar’, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Amhránaíocht Comhaimseartha, le féintionlacan (Grúpaí) – Sinsear ‘Rasta Cneasta’, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sóisear Pól Mac Giolla Easpaig, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Ceol Comhaimseartha ( Aonair ) – Sinsear Affraic Ní Bhróithe, Coláiste Ailigh, Leitir Ceanainn

Slua-amhránaíocht Scoil Iósaef, Domhnach Mór, Co. Thír Eoghain

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sóisear: Ciara, Ríoghnach, Deirdre, Erin & Katelyn, Pobalscoil Ghaoth Dobhair

Rince Cruthaitheach ( Grúpaí ) – Sinsear Anna agus Charmene, Pobalscoil Ghaoth Dobhair


< Gach Nuacht