^Top of Page

Nuacht

COMÓRTAS DÍOSPÓIREACHTA UÍ CHADHAIN 2019 -CURAIDH RÉIGIÚNACHA ÓN nGAELTACHT !

COMÓRTAS DÍOSPÓIREACHTA UÍ CHADHAIN 2019 -CURAIDH RÉIGIÚNACHA ÓN nGAELTACHT !
Le foirne ón Spidéal, An Cheathrú Rua agus Daingean Uí Chúis a bhí an svae ag an chéad craobh réigiúnach de chuid Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain 2019 a reáchtaladh in Óstán an South Court, Luimneach ar an gCéadaoin, 5 Nollaig.

Sa chomórtas sóisearach chuaigh foirne ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí agus Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair, Co. Chorcaí, mar aon le Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, i ngleic leis an rún ‘Tá deireadh le ‘comhar na gcomharsan’ in Éirinn!’ Bhí neart le rá ag na cainteoirí óga agus iad ag argóint ar son nó i gcoinne an rúin, agus iad uilig ullmhaithe go hiontach ag a gcuid múinteoirí!

Ina dhiaidh sin, bhí díospóireacht bhreá bhríomhar i measc na bhfoirne sinsearacha ó Choláiste Daibhéid, Corcaigh agus arís eile, ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, Coláiste Chroí Mhuire agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin. Phléigh na cainteoirí seo an t-ábhar tráthúil, ‘Tá na meáin chumarsáide thraidisiúnta cloíte ag na meáin shóisialta!’ Ba léir go raibh an-taighde déanta ag na foirne agus cuireadh tuairimí láidre ó gach taobh os comhair an lucht éisteachta mór a bhí i láthair. Bhain na cainteoirí ar fad a bhí páirteach san ócáid ardchaighdeán díospóireachta amach agus bronnadh gradaim aitheantais orthu uilig.

Bhí jab fíordheacair le déanamh ag na moltóirí, Áine Hensey, Liam Mac a’Mhaoir agus Seosamh Ó hÉanaigh, na buaiteoirí a roghnú, ach ar deireadh, fógraíodh go mbeadh na foirne díospóireachta seo a leanas ( agus ní in aon ord ar leith atá siad ! ) ag dul ar aghaidh go dtí Craobh na hÉireann ag deireadh mhí Eanáir 2019:
Roinn na Sóisear: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis
Roinn na Sinsear: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua


Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn do iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo. Is é seo an chéad ócáid as péire ag a roghnófar na foirne a rachaidh san iomaíocht ag Craobh na hÉireann 2010. Reáchtálfar an dara craobh réigiúnach ar an Mháirt, 11 Nollaig i mBaile Átha Cliath.

    

 


   


 

 



< Gach Nuacht