Third Level

Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2023

Overview

Sonraí 2023:

Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2023 ag dul ar aghaidh ar an Aoine 17 Samhain 2023. Chun foireann a chlárú cliceáil ar REGISTER thuas agus is Dé Céadaoin 8 Samhain an dáta deiridh iontrála. An rud is tábhachtaí ná an fhoireann a iontráil láithreach ionas go mbeidh fhios againn cé mhéid foirne a bheidh againn!! Má tá aon eolas eile ag teastáil cuir glaoch ar Thomás ag  087.7474297


Download a PDF of this years case HERE


AN CÁS 2023

Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2023

 

An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí

GEARÁNAÍ / ACHOMHARCÓIR

-        AGUS –

 

Conchubhair Ó Dufaigh

COSANTÓIR / FREAGRÓIR

 

CEIST

Oíche an 18 Aibreán 2019, briseadh isteach in árasán Fiona Nic Risteard ar Lána an tSionnaigh i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bhris an coire glas an dorais, rinne sé a bhealach isteach san árasán agus sa tóir ar earraí a mbeadh luach orthu le díol. Le linn na buirgléireachta, rinneadh damáiste d’earraí luachmhara a bhain le muintir Fiona leis na  cianta, chomh maith le pluid a thug a sin-seanmháthair di.

Bhí sé deireanach san oíche nuair a bhí a seal oibre críochnaithe ag Fiona mar altra. Bhí sí féin agus a páirtí, Seosamh Ó Gríofa, ag siúl ar ais abhaile thart ar an am céanna is a bhí an déantóir coire ag fágáil an árasáin. Chonaic Fiona an coire ag fágáil an árasán le mála earraí ar iompar aige. D’ionsaigh Seosamh an déantóir coire agus é ag iarraidh an mála lán d’earraí a fháil ar ais.

Fágadh Seosamh le súil dhubh de bharr an ionsaithe agus bhí fuil le srón an choirpigh.  D’éirigh le Seosamh an mála a fháil ar ais ach níor thángthas ar roinnt earraí - seodra, €1,300 d’airgead tirim agus ríomhaire glúine.

Rinne Fiona teagmháil leis na Gardaí a d’fhiosraigh an cás go háitiúil agus  tháinig siad ar fhíseáin a bhí taifeadta ar CCTV ó theach tábhairne áitiúil.

Bhreathnaigh an Garda Mac Brádaigh ar an bhfíseán ón CCTV agus d’aithin sé an coire, Conchubhair Ó Dufaigh. Dúirt Fiona agus Seosamh, dá mba ghá, go mbeadh siad sásta dul chuig stáisiún na nGardaí le Garda Mac Brádaigh le deimhniú a thabhairt gurb é a bhí ann. Dúirt an Garda Mac Brádaigh nach mbeadh aon ghá sin a dhéanamh mar gur aithin sé féin Conchubhair sa bhfíseán.

Bhí Garda Mac Brádaigh ar phatról an oíche dár gcionn agus choinnigh sé súil ghéar ar Chonchubhair agus é amuigh ag siúl. Bhí na brístí spóirt agus bróga reatha céanna á gcaitheamh ag Conchubhair is a bhí feicthe ag Garda Mac Brádaigh ar an duine sa bhfíseán CCTV oíche an 18 Aibreán 2019. Nuair a cuardaíodh é, thángthas ar €300 in airgead tirim sna bróga reatha agus ar lastóir a bhí i bpóca leis.

Ghabh Garda Mac Brádaigh Conchubhair agus coinníodh é i Stáisiún Gardaí Shráid an Stórais, áit ar ceistíodh é. Bhí dlíodóir in éineacht le Conchubhair le linn an cheistiúcháin.

Thug Garda Mac Brádaigh Fiona agus Seosamh chuig stáisiún na nGardaí tar éis dó Conchubhair a ghabháil.  Thaispeáin sé pictiúir dóibh de Chonchubhair agus ansin thaispeáin dóibh sé an físeán CCTV den ionsaí. Dheimhnigh Fiona agus Seosamh leis gurb é an fear céanna bhí ann ar oíche an 18 Aibreán 2019, Conchubhair Ó Dufaigh.

AN TRIAIL

Ag tús na trialach, d’iarr Abhcóide an Chúisí go bhfágfaí ar lár an fhianaise aitheantais a bhí ag an nGarda Mac Brádaigh mar gur aithin Garda Mac Brádaigh an tUasal Ó Dufaigh trína chuid oibre mar bhall den Gharda Síochána. Bhí sé le tuiscint go raibh baint ag an Uasal Ó Dufaigh le heachtraí coiriúla roimhe seo.

Bhí Abhcóide an Chúisí ag brath go mór ar chás an An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (DPP) v Maguire [1995] 2 IR 286:

“Chun bunchloch a bheith agat le deimhniú go bhfuil fianaise aitheantais déanta ag finné ar bhonn athbhreithniú a bheith déanta ar fhíseán CCTV, tá sé riachtanach go dtabharfadh an finné le fios cé mhéad aithne a bhí acu ar an té atá i gceist agus cén chaoi go raibh sé ar a gcumas an cúisí a aithint”.

Chuir Abhcóide an Chúisí in iúl go raibh srian mór curtha ar a gcumas aon chineál scrúdú a dhéanamh ar an bhfianaise a bhí ag Garda Mac Brádaigh mar go raibh sé ina bhall den Gharda Síochána agus go raibh baint aige leis an Rannóg Choireachta. D’fhéadfadh sé dá ndéanfaí mionscrúdú ar fhianaise an Gharda Mac Brádaigh go dtiocfaí ar fhianaise go raibh rudaí eile déanta as bealach ag an Uasal Ó Dufaigh.

Le linn an chroscheistithe, ní raibh an Garda Mac Brádaigh in ann na mionsonraí a thabhairt faoi cén caoi ar aithin sé an t-achomharcóir ach dúirt sé gur chas sé leis an Uasal Ó Dufaigh thart ar 15 uair ó thosaigh sé ag obair leis an Gharda Síochána.

Ag an bpointe seo, rinne Abhcóide an Chúisí iarratas chuig an gCúirt scaoileadh leis an ngiúiré ar an mbonn gur chas an Garda Mac Brádaigh le hÓ Dufaigh níos mó ná deich n-uaire le linn a chuid oibre mar bhall den Gharda Síochána, go  raibh ceangal aige leis an Rannóg Choireachta, agus nach raibh aithne aige air ar aon bhonn eile. D’fhágfadh sé sin gurb é an tuiscint a bheadh ag an ngiúiré ná gur fear é an t-achomharcóir a mbeadh aithne ag an nGarda Síochána air mar gheall ar an bhaint a d’fhéadfadh a bheith aige le heachtraí coiriúlachta.

Dhiúltaigh an Breitheamh Séamus Ó Dúinn an t-iarratas agus dúirt:

“Tá sé tugtha le fios agam go soiléir nach raibh srian curtha ar an gcosantóir agus iad i mbun croscheistiú ar an nGarda Mac Brádaigh. Bhí an deis acu croscheistiú a dhéanamh ar Garda Mac Brádaigh agus caithfidh na hAbhcóidí déileáil leis na freagraí atá ann. Tá a dtuairim féin acu ó tharla go n-airíonn siad go bhfuil na freagraí claonta maidir le nithe áirithe”.

Maidir le hinghlacthacht na fianaise aitheantais ag baill An Gharda Síochána, bhí Abhcóidí na gCúisitheoirí ag brath ar chás Oifig Stiúrthóir na nIonchúiseamh v de Paor [2019] IECA 74 agus chuir siad in iúl gur mó an buntáiste a bhí san fhianaise aitheantais ná le héifeacht an chlaontacht.

Ba é seasamh an Ionchúisimh ná go raibh na hearraí a bhfuarthas faoi cheilt ar iompar ag an Uasal Ó Dufaigh ag teacht le gadaíocht.

Rinneadh voir dire ag an triail áit ar iarr an Breitheamh Ó Dúinn ar déanadh paráid aitheantais. D’iarr Abhcóide an Fhreagróra ar an nGarda Mac Brádaigh cén fáth nár déanadh paráid aitheantais. D’fhreagair sé:

Garda Mac Brádaigh: “Bhuel, tar éis agallamh a chur ar Chonchubhair, bhí mé sách cinnte gurb é a bhí ann. Bhí na brístí spóirt agus bróga reatha mar an gcéanna chomh maith. Bhí Fiona agus a páirtí sásta gurb é a bhí ann nuair a chonaic siad an ghrianghraif agus an píosa físe ón oíche sin ar CCTV. Caithfidh sé gurb é a bhí ann, tá aithne agam air le píosa, tá bealach foréigneach ceart leis chomh maith”.

Ar bhonn na fianaise a thug an Garda Mac Brádaigh faoin teip paráid aitheantais a reáchtáil, rinne Abhcóide an Chúisí iarratas an píosa físe a bhí acu ar CCTV den eachtra a chur as an áireamh. Cuireadh in iúl go raibh an físeán ar CCTV á úsáid le fianaise aitheantais an Garda Mac Brádaigh a dhaingniú seachas an tUasal Ó Dufaigh a aithint. Dúradh freisin go raibh sé thar a bheith míchuí go raibh an t-ionchúiseamh ag brath ar an bpíosa físe atá ar CCTV den eachtra ceal aon chás bailí ón nGarda Síochána gan paráid aitheantais a eagrú.

Seo a bhí le rá ag an mBreitheamh Ó Dúinn faoin teip paráid aitheantais a reáchtáil:

“Is é an cúis go ndéantar paráid aitheantais ná le cosaint a thabhairt don té atá cúisithe agus le cinntiú go bhfuil neamhspleáchas i rannpháirtithe an pharáid a roghnú agus go gcoinnítear taifead air.

Tá sé cloiste agam anois an t-údar a bhí ag Garda Mac Brádaigh gan tabhairt faoi pharáid aitheantais. Ciallaíonn an taithí atá ag an nGarda Mac Brádaigh mar bhall den Gharda Síochána go bhféadfadh sé Ó Dufaigh a aithint le cinnteacht.

Tá fianaise cloiste agam chomh maith gur dheimhnigh Fiona Nic Risteard agus Seosamh Ó Gríofa gurb é an tUasal Ó Dufaigh a bhí ann tar éis dóibh grianghraif agus an físeán CCTV den eachtra a fheiceáil.

Tá mé sásta go raibh údar maith ag An Garda Síochána córas tánaisteach aitheantais a úsáid.”

Fuarthas Conchubhair Ó Dufaigh ciontach agus cúisíodh é as buirgléireacht a dhéanamh faoi 12 den Acht um Cheartas Coiriúil (Coir Ghadaíochta agus Caimiléireachta), 2001. Ghearr an Breitheamh Séamus Ó Dúinn tréimhse príosúnachta seacht mbliana ar Chonchubhair Ó Dufaigh, leis an sé mhí dheireanach ar fionraí.

Tá an Cúisí, Conchubhair Ó Dufaigh ag lorg dúshlán a thabhairt ar an gciontú ar na forais achomhairc seo a leanas:

 

 

 

Forais Achomhairc

i.                Go ndearna breitheamh uasal na trialach botún i bhfíric agus sa dlí mar gur thug sé cead do na Gardaí fianaise aitheantais a thabhairt.

ii.              Go ndearna breitheamh uasal na trialach botún mar gur dhiúltaigh sé scaoileadh leis an ngiúiré de dheasca  na fianaise claonta ó fhinné an Gharda.

iii.             Go ndearna breitheamh uasal na trialach botún sa dlí agus ar fhíric mar gur dhiúltaigh sé an t-iarratas ó Abhcóide an Chúisí an píosa físe ón CCTV a chur as an áireamh ar na cúinsí gur theip ar na Gardaí paráid aitheantais a reáchtáil gan aon mhíniú réasúnach a bheith tugtha cén fáth ar theip orthu sin a dhéanamh.

iv.             I bhfianaise na gcúinsí, gur tháinig an ghiúiré ar chinneadh mímhuiníneach agus/nó urchóideach.  



REÁCHTÁIL AN CHOMÓRTAIS

Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist. Tá sonraí an cháis thuas. Tá an comórtas á reáchtáil ag Gael Linn in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann‚ Cearbhall Ó Dálaigh.

Reáchtálfar réamhbhabhtaí Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn maidin  Dé hAoine 17 Samhain 2023 in Óstaí an Rí (King's Inns)‚ Sráid Henrietta‚ Baile Átha Cliath 1  agus reáchtálfar an chraobh sna Ceithre Chúirt ós comhair breithiúna an tráthnóna sin. Ag brath ar líon na bhfoirne tá seans bheag go mbeidh orainn roinnt réamhbhabhtaí a eagrú oíche Déardaoin 16 Samhain 2023.


Clár imlíne an lae:

10.00 – 12.00 Réamhbhabhtaí  in Óstaí an Rí.
12.30 – 14.00 Lón do na hiomaitheoirí.
14.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
15.30 Fógra faoin gCraobh.
17.00 – 18.00 An Chraobh‚ Na Ceithre Chúirt.
18.00 – 19.00 Fáiltiú  i Seomra Tae na nAbhcóidí‚ Na Ceithre Chúirt


BALLRAÍOCHT NA FOIRNE

Duine amháin ar a laghad agus ceathrar ar a mhéid. Ar aon fhoireann ní bheidh ag caint ach beirt ar a mhéid, Abhcóide Sinsir agus Abhcóide Sóisir. Is féidir le duine amháin páirt a ghlacadh sa Bhréagchúirt mar Abhcóide Sinsir. Ní gá do bhaill uile na foirne a bheith ina mic léinn ar an gColáiste 3ú leibhéal céanna. Áirítear Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí ina gColáistí 3ú leibhéal. Íocfar liúntas taistil agus lóistín más cuí, leo siúd a ghlacfaidh páirt.


DUAISEANNA

Bronnfar buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí. 
Bronnfar seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.


DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA

Ní mór iontráil a dhéanamh roimh Dé Céadaoin 8 Samhain 2023. Glacfar le hiarratais tríd REGISTER a bhrú ag barr an leathanaigh seo.


RÉAMHULLMHÚCHÁN

Beidh ar gach foireann dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Déarfar leis na foirne an lá roimh na réamhbhabhtaí cén taobh den chás a bheidh á phléadáil acu sa chéad bhabhta.


Treoracha i dtaobh na nAighneachtaí:

Moltar do fhoirne leabhair údaráis a chur le chéile agus go mbeidh cóip ann do gach breitheamh (beidh triúr breithiúna sa chraobh).


Leabhair Údaráis:

Ba chóir cóip de gach cás, acht reachtaíochta, nó sliocht ó leabhar dlí, a bhfuil tagairt ann sna haighneachtaí a chur i leabhar údaráis (fillteán den pháipéarachas uile). Má tá aon chás no acht reachtaíochta thar 10 leathnach, moltar diréach an chéad cúpla leathanach, a thugann firicí an cháis ón mbreithiúnas, nó innéacs na reachtaíochta, a chur ar fáil. Moltar gan níos mó ná 6 chás a oscailt agus moltar cásanna Éireannacha a úsáid chomh fada agus is féidir.


NA hAIGHNEACHTAÍ BÉIL

Leanfaidh na haighneachtaí béil mar a leanas:
1. Abhcóide* don achomharcóir : 20 nóiméad 
2. Abhcóide* don fhreagróir : 20 nóiméad (*Tig le gach foireann na haighneachtaí a roinnt mar a leanas‚ más mian leis an bhfoireann é) 
A. Abhcóide Sinsir : 10 nóiméad B. Abhcóide Sóisir : 10 nóiméad
3. Frisnéis : Abhcóide amháin don achomharcóir : 3 nóiméad

4. Cur i gcoinne na frisnéise – Abhcóide amháin don fhreagróir : 3 nóiméad

Ní cheadófar ábhar nua a thabhairt isteach le linn na frisnéise/cur i gcoinne na frisnéise. Gearrfar pionós ar abhcóidí a sháraíonn na teorainneacha ama. Tá sé tábhachtach d'iomaitheoirí an iomarca léitheoireachta a sheachaint.

Ní cheadófar d'aon fhoireann atá fós sa chomórtas suí isteach ar Chúirt ina bhfuil foirne eile sa chomórtas ag iomaíocht.


Sa_chirt

AN GHAEILGE

Bréagchúirt Uí Dhálaigh is an Irish Language competition. Short excerpts in English from cases being used to strengthen teams arguments are allowed, however, although they should be kept short and to the point. Irish language law terms are available at www.acmhainn.ie.
As a general guide it is worth looking at site www.mooting.net but bear in mind the rules are not quite the same as those in use at Bréagchúirt Uí Dhálaigh.

Gael Linn is very grateful to all of the barristers who help us prepare for Bréagchúirt Uí Dhálaigh each year. We are particularly grateful to Alice Maguire Spencer for all her work in preparing this year's case, as well as supporting interested teams in their preparation for the Bréagchúirt.

The following people are more than happy to offer their help and support to teams who wish to participate this year:

Alice Maguire Spencer BL          A.MaguireSpencer@lawlibrary.ie             (087) 950 4109

Cecilia Ní Choileáin BL              cecilia.nichoileain@lawlibrary.ie              (087) 217 4703

Daniel McNamara BL                 daniel.mcnamara@lawlibrary.ie               (085) 226 2375 

Cillian McGovern BL                 cillian.mcgovern@lawlibrary.ie                (083) 426 3999

We are also indebted to Cormac Ó Dúlacháin SC, Daithí Mac Cárthaigh BL, Kate Ní Chonfhaola BL,  and to Kings Inns and The Courts Service for their continued support.

There is a copy of the marking system on the Irish version of this page.

Further Information:
Tomás  Ó Cadhla
Bréagchúirt Uí Dhálaigh
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
F. 087.7474927 R tomasrua@gael-linn.ie