Third Level

Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2025

Overview

Sonraí 2025:

Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2025 ag dul ar aghaidh ar an Aoine 7 Samhain 2025. Chun foireann a chlárú cliceáil ar REGISTER thuas agus is Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair 2025 an dáta deiridh iontrála. An rud is tábhachtaí ná an fhoireann a iontráil láithreach ionas go mbeidh fhios againn cé mhéid foirne a bheidh againn!! Má tá aon eolas eile ag teastáil cuir glaoch ar Thomás ag  (087) 7474297


Download a PDF of this year's case HERE

PÁDRAIG Mac GAFRAIDH 

        ACHOMHARCÓIR 

 

v  

 

             AN RÉALTA LAETHÚIL  

     COSANTÓIR  

 

CÚLRA 

 

Aisteoir ó laethanta a óige é Pádraig Mac Gafraidh.  Thug sé tamall sa sobaldráma ‘Beidh Aonach Amárach’.  Bhí an t-ádh dearg ar Phádraig in 2015, agus é dhá bhliain is fiche d’aois, nuair a fuair sé deis páirt a ghlacadh i scannán i Hollywood.  Le rath an scannáin áirithe seo, bhí Pádraig go mór i mbéal an phobail.  Bhog Pádraig leis go dtí Los Angeles chun leanúint lena ghairm aisteoireachta agus ghlac sé páirt i gcuid mhaith scannáin eile.  Fuair sé go leor ainmniúchán agus gradam as ucht a chuid aisteoireachta.  

 

Ag deireadh 2020, phós Pádraig a bhean chéile, Éabha, agus thóg sé sos ón aisteoireacht agus óna bheith os comhair an phobail.  Chaitheadh sé a chuid ama ansin idir Éirinn agus na Stáit Aontaithe.  Tar éis sos a ghlacadh ón aisteoireacht, tuairiscíodh go raibh Pádraig le páirt a ghlacadh i scannán mór Hollywood ‘Galaxy Battles’.  Bhí tús le cur le scannánaíocht go luath in 2024. 

 

Ar an 14 Márta, 2023, d’fhoilsigh nuachtán tablóideach in Éirinn ‘An Réalta Laethúil’, alt dár teideal ‘Ó Réalta go Scannal: Ísliú céime Phádraig Mhic Gafraidh’ 

 

Ba é an scéal san alt seo ná gur tháinig roinnt aisteoirí óga chun tosaigh, a d’oibrigh le Pádraig le déanaí ar thaifid scannáin, ag cur síos air mar dhuine ‘éilitheach, sleamhain agus dímheasúil’. 

 

Tá sé curtha ina leith gur úsáid sé a chuid sinsearachta agus a stádas mar dhuine mór le rá chun brú a chur ar aisteoirí sóisearacha chun freastal ar chleachtadh scannáin nuair nach raibh íocaíocht i gceist, chun breis taifeadtaí a dhéanamh nó chun freastal ar imeachtaí bolscaireachta gan cúiteamh cuí a bheith ar fáil dóibh.  Tuairiscíodh san alt chomh maith go ndéanfadh sé beag is fiú de léiriú agus iarrachtaí na n-aisteoirí sin agus iad i mbun trialacha, á gcáineadh go láidir go poiblí i slí a bhí ‘náireach agus a chuir lagmhisneach’ ar na haisteoirí úd. 

 

Dúirt ‘aisteoir atá ag teacht chun cinn’ anaithnid:  

 

“Tá sé an-deacair go deo ag obair le Pádraig, bím de shíor neirbhíseach timpeall air.  Déanann sé beag is fiú d’aisteoirí óga i gcónaí, gan aon mheas a léiriú ar a gcuid saothair.  Braitheann siad gan mhaith, muna ndéanann siad díreach mar a deir sé leo le déanamh. D’fhéadadh go mbeadh impleachtaí móra ag an mbotún is lú, agus os comhair gach éinne ba mhinic go dtiocfadh fearg an domhain agus an té a bhí páirteach á cháineadh go láidir aige.’.  

 

Léiríonn an píosa san alt go raibh na pátrúin seo dá chuid iompair ar eolas go forleathan san earnáil scannánaíochta in Éirinn agus i Meiriceá, leis an tuiscint go raibh a cháil mar aisteoir faoi scáth a chuid iompair diúltach agus mar a chaith sé go bocht agus mar a rinne sé dúshaothrú ar a chomhghleacaithe le taithí níos lú. 

 

 

Dúradh san alt chomh maith nach raibh an t-iompar seo teoranta leis an teagmháil a bhí ag Pádraig lena chomh-aisteoirí, ach gur bhain an t-iompar céanna le léiritheoirí agus stiúrthóirí freisin.  Tuairiscíodh san alt go raibh cinneadh déanta ag roinnt stiúrthóirí gan oibriú le Pádraig de bharr a ‘phearsantacht mhíshocair’.  Cuireadh ina leith go raibh argóintí agus easaontas aige le stiúrthóirí i dtaobh cinntí cruthaitheacha, gur minic a dhiúltaigh sé treoir a leanúint, ag siúl den seit le linn uaireanta cleachtaidh, nó ag freagairt go crosta d’aon cháineadh cuiditheach ar a chuid oibre. 

 

Bhí an méid a leanas le rá ag stiúrthóir anaithnid: 

 

“Is réalta é Pádraig os comhair an cheamara, ach taobh amuigh de sin, de bharr a chuid feirge agus díomais, bíonn sé dodhéanta é a bhainistiú.  Tá go leor stiúrthóirí san earnáil seo nach mbíonn sásta a bheith ag obair leis mar níl siad ag iarraidh dul sa seans. 

 

 

Dúradh san alt freisin gur ‘rún oscailte’ ab ea é na drochnósanna óil ag Pádraig, agus minic a bhíodh sé ag ól alcóil ar sheiteanna scannáin nó ag imeachtaí eile a bhain leis an earnáil. Cuireadh ina leith go mbíodh sé déanach go minic ag teacht chun oibre, bhí an dealramh go minic air go raibh sé ag fulaingt de bharr óil, go mbíodh boladh dí uaidh agus go raibh ar a laghad uair amháin go raibh gá taifead a chur siar mar go raibh sé ar meisce. 

 

Dhein baill criú anaithnid cur síos ar Phádraig mar ‘sár-aisteoir, nuair nach raibh deoch tógtha aige, ach nach bhféadfaí braith air a thuilleadh de bharr an méid alcóil a bhí á ól aige’.  Dúradh go gcruthódh a chuid iompair teannas ar an seit go rialta.  Bhí go leor ráite sa bhreis air seo gur chuir a dhroch-cháil don ól isteach ar sceidil léiriúcháin agus gur chuir sé isteach ar chaidreamh le léiritheoirí, comhaisteoirí agus criú. 

 

Ar deireadh, cuireadh ina leith san alt, cé gur duine an-phríobháideach ab ea é Pádraig faoina shaol pearsanta, bhí sé oscailte leis na meáin i dtaobh a phósta lena bhean chéile Éabha, ar mhaithe le haird a tharraingt ó chaidreamh seachphósta a deirtear gur tharla le comhaisteoir pósta go luath in 2020.  Luadh san alt i dtaobh an chaidrimh seachphósta, go raibh an scéal seo pléite den chéad uair ar chuntas anaithnid ar Instagram dár teideal ‘Cogar os Ard’, agus mar gheall air seo bhí a thuilleadh tuairimíochta ann i measc úsáideoirí agus iad ag rá go bhféadfadh gurb é Pádraig an duine clúiteach a bhí i gceist sa phostáil seo. 

 

I ndiaidh don alt a bheith foilsithe sa Réalta Laethúil, tuairiscíodh nach mbeadh Pádraig ag glacadh páirte níos mó sa scannán ‘Galaxy Battles’. 

 

Thóg Pádraig cás i gcoinne ‘An Réalta Laethúil’, agus damáistí do chlúmhilleadh á lorg aige. 

 

 

AN ARD-CHÚIRT 

An Breitheamh Seamus Ó Duinn, le giúiré, a d’éist leis an gcás san Ard-Chúirt i mí an Mhárta 2024.  

 

Le linn na héisteachta, rinne abhcóide don Uasal Mac Gafraidh iarratas faoi voir dire go ndéanfaí do-ghlacthana ráitis ó na foinsí amharclainne anaithnide agus na seait scáileáin ó na cuntais ar na meáin shóisialta ag déanamh aithrise ar na ráflaí faoin gcaidreamh seachphósta. Rinne abhcóide ar son an Réalta Laethúil an argóint go raibh na foinsí seo ríthábhachtach chun bunús thuairimí na n-iriseoirí a léiriú agus an chúis go ndearnadh an cinneadh an scéal a fhoilsiú, agus go raibh sé ríthábhachtach anaithnideacht na bhfoinsí a chosaint chun saoirse na meán a chinntiú. 

 

 

Rialaigh an breitheamh go raibh an dá shórt fianaise inghlactha chun an t-ábhar ar a raibh na hiriseoirí ag brath chun a gcuid tuairimí a chur le chéile agus chun cinneadh a dhéanamh an scéal a fhoilsiú a léiriú. Dúirt an breitheamh go deisbhéalach ‘dá mbeadh an giúiré chun beag is fiú a dhéanamh den chúlchaint ar fad, cén t-ábhar cainte a bheadh acu sa bhaile agus iad ag ól tae?’ 

 

Rinne abhcóide don Uasal Mac Gafraidh an argóint go raibh na líomhaintí maidir le  dúshaorú, le bheith ag ól an iomarca alcóil, le díomas, agus le caidreamh seachphósta ina ráitis fhírinneacha agus nár cheart iad a fhágaint leis an ngiúiré i bhfoirm tuairime. 

 

Níor aontaigh an Breitheamh Ó Duinn, agus é ag maíomh gur féidir le breithiúnais meastóireachta agus cáile a bheith ina ‘tuairim mhacánta’, de réir mír 20 den Acht um Chlúmhilleadh 2009, agus d’fhág sé an cheist faoin ngiúiré chun cinneadh a dhéanamh. 

 

Agus clabhsúr á chur le hargóintí ón dá thaobh, thug an Breitheamh Ó Duinn treoir don ghiúiré i dtaobh ‘tuairim mhacánta’ agus mhínigh sé gur féidir leo ‘ráitis mheastóireachta nó ráitis atá claonta faoi shaol príobháideach nó pearsana duine’ a thabhairt san áireamh agus luacháil á dhéanamh ar thuairim mhacánta agus d’fhiafraigh sé den ghiúiré a mheas an bhféadfaí glacadh go réasúnta leis na ráitis mar thuairim.  

 

Maidir leis an gcosaint i dtaobh leas an phobail a d’ardaigh abhcóide don Réalta Laethúil, mhínigh an Breitheamh Ó Duinn don ghiúiré gur féidir iompar réalta scannáin mór le rá, lena n-áirítear rudaí príobháideacha atá ar na meáin shóisialta cheana féin, a mheas mar ábhair atá le leas an phobail. Thug an Breitheamh Ó Duinn treoir don ghiúiré nach gcuirfeadh foinsí anaithnid nó ábhar sna meáin shóisialta a bheith in úsáid mar fhianaise isteach ar an gcosaint go huathoibríoch dá mba rud é go raibh siad sásta gur ghníomhaigh na hiriseoirí go freagrach. 

 

Ba é breith ??an ghiúiré ná cé go raibh na ráitis clúmhillteach, d’éirigh leis an nuachtán na cosaintí i dtaobh tuairim mhacánta agus cosaint leasa an phobail a bhunú. Dá réir sin, caitheadh cás an Uasail Mhic Gafraidh amach. 

 

Tá Pádraig Mac Gafraigh ag iarraidh achomharc a dhéanamh anois i gcoinne chinneadh an Bhreithimh Uí Dhuinn chuig an gCúirt Achomhairc ar na ceithre fhoras seo a leanas: 

 

1. Rinne an Breitheamh Ó Duinn earráid nuair a chinn sé gurbh ionann líomhaintí tromchúiseacha faoi shaothrú, ól, díomas, agus caidreamh scannalach seachphósta agus tuairim mhacánta seachas ráitis fhírinneacha. 

 

2. Theip ar an mBreitheamh Ó Duinn treoir chuí a thabhairt don ghiúiré go gcaithfidh tuairim mhacánta a bheith inaitheanta mar sin agus a leithéid bunaithe ar fhíricí atá fíor. 

 

3. Rinne an Breitheamh Ó Duinn earráid nuair a d’admhaigh sé agus nuair a cheadaigh sé don Réalta Laethúil brath ar fhoinsí anaithnide agus ar ábhar meán sóisialta, rud a chiallaigh nach raibh deis chóir ag an Uasal Mac Gafraigh na ldúshlán a thabhairt i gcoinne na líomhaintí. 

 

4. Theip ar an mBreitheamh Ó Duinn an giúiré a chur ar an eolas go n-éilíonn foilsiú cothrom agus réasúnta fíorú freagrach ar líomhaintí tromchúiseacha de bharr alt 26 den Acht um Chlúmhilleadh 2009. 

 


REÁCHTÁIL AN CHOMÓRTAIS

Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist. Tá sonraí an cháis thuas. Tá an comórtas á reáchtáil ag Gael Linn in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann‚ Cearbhall Ó Dálaigh.

Reáchtálfar réamhbhabhtaí Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn maidin  Dé hAoine 7 Samhain 2025 in Óstaí an Rí (King's Inns)‚ Sráid Henrietta‚ Baile Átha Cliath 1  agus reáchtálfar an chraobh sna Ceithre Chúirt ós comhair breithiúna an tráthnóna sin. Ag brath ar líon na bhfoirne tá seans bheag go mbeidh orainn roinnt réamhbhabhtaí a eagrú oíche Déardaoin 6 Samhain 2025.


Clár imlíne an lae:

10.00 – 12.00 Réamhbhabhtaí  in Óstaí an Rí.
12.30 – 14.00 Lón do na hiomaitheoirí.
14.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
15.30 Fógra faoin gCraobh.
17.00 – 18.00 An Chraobh‚ Na Ceithre Chúirt.
18.00 – 19.00 Fáiltiú  i Seomra Tae na nAbhcóidí‚ Na Ceithre Chúirt


BALLRAÍOCHT NA FOIRNE

Duine amháin ar a laghad agus ceathrar ar a mhéid. Ar aon fhoireann ní bheidh ag caint ach beirt ar a mhéid, Abhcóide Sinsir agus Abhcóide Sóisir. Is féidir le duine amháin páirt a ghlacadh sa Bhréagchúirt mar Abhcóide Sinsir. Ní gá do bhaill uile na foirne a bheith ina mic léinn ar an gColáiste 3ú leibhéal céanna. Áirítear Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí ina gColáistí 3ú leibhéal. Íocfar liúntas taistil agus lóistín más cuí, leo siúd a ghlacfaidh páirt.


DUAISEANNA

Bronnfar buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí. 
Bronnfar seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.


DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA

Ní mór iontráil a dhéanamh roimh Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair 2025. Glacfar le hiarratais tríd REGISTER a bhrú ag barr an leathanaigh seo.


RÉAMHULLMHÚCHÁN

Beidh ar gach foireann dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Déarfar leis na foirne an lá roimh na réamhbhabhtaí cén taobh den chás a bheidh á phléadáil acu sa chéad bhabhta.


Treoracha i dtaobh na nAighneachtaí:

Moltar do fhoirne leabhair údaráis a chur le chéile agus go mbeidh cóip ann do gach breitheamh (beidh triúr breithiúna sa chraobh).


Leabhair Údaráis:

Ba chóir cóip de gach cás, acht reachtaíochta, nó sliocht ó leabhar dlí, a bhfuil tagairt ann sna haighneachtaí a chur i leabhar údaráis (fillteán den pháipéarachas uile). Má tá aon chás no acht reachtaíochta thar 10 leathnach, moltar diréach an chéad cúpla leathanach, a thugann firicí an cháis ón mbreithiúnas, nó innéacs na reachtaíochta, a chur ar fáil. Moltar gan níos mó ná 6 chás a oscailt agus moltar cásanna Éireannacha a úsáid chomh fada agus is féidir.


NA hAIGHNEACHTAÍ BÉIL

Leanfaidh na haighneachtaí béil mar a leanas:
1. Abhcóide* don achomharcóir : 20 nóiméad 
2. Abhcóide* don fhreagróir : 20 nóiméad (*Tig le gach foireann na haighneachtaí a roinnt mar a leanas‚ más mian leis an bhfoireann é) 
A. Abhcóide Sinsir : 10 nóiméad B. Abhcóide Sóisir : 10 nóiméad
3. Frisnéis : Abhcóide amháin don achomharcóir : 3 nóiméad

4. Cur i gcoinne na frisnéise – Abhcóide amháin don fhreagróir : 3 nóiméad

Ní cheadófar ábhar nua a thabhairt isteach le linn na frisnéise/cur i gcoinne na frisnéise. Gearrfar pionós ar abhcóidí a sháraíonn na teorainneacha ama. Tá sé tábhachtach d'iomaitheoirí an iomarca léitheoireachta a sheachaint.

Ní cheadófar d'aon fhoireann atá fós sa chomórtas suí isteach ar Chúirt ina bhfuil foirne eile sa chomórtas ag iomaíocht.


Sa_chirt

AN GHAEILGE

Bréagchúirt Uí Dhálaigh is an Irish Language competition. Short excerpts in English from cases being used to strengthen teams arguments are allowed, however, although they should be kept short and to the point. Irish language law terms are available at www.acmhainn.ie.
As a general guide it is worth looking at site www.mooting.net but bear in mind the rules are not quite the same as those in use at Bréagchúirt Uí Dhálaigh.

Gael Linn is very grateful to all of the barristers who help us prepare for Bréagchúirt Uí Dhálaigh each year. We are particularly grateful to Alice Maguire Spencer for all her work in preparing this year's case, as well as supporting interested teams in their preparation for the Bréagchúirt.

The following people are more than happy to offer their help and support to teams who wish to participate this year:

Alice Maguire Spencer BL          A.MaguireSpencer@lawlibrary.ie             (087) 950 4109

Cecilia Ní Choileáin BL              cecilia.nichoileain@lawlibrary.ie              (087) 217 4703

Daniel McNamara BL                 daniel.mcnamara@lawlibrary.ie               (085) 226 2375 

Cillian McGovern BL                 cillian.mcgovern@lawlibrary.ie                (083) 426 3999

We are also indebted to Cormac Ó Dúlacháin SC, Daithí Mac Cárthaigh BL, Kate Ní Chonfhaola BL,  and to Kings Inns and The Courts Service for their continued support.

There is a copy of the marking system on the Irish version of this page.

Further Information:
Tomás  Ó Cadhla
Bréagchúirt Uí Dhálaigh
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
F. 087.7474927 R tomasrua@gael-linn.ie