Third Level

Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn 2024

Overview

Sonraí 2024:

Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2024 ag dul ar aghaidh ar an Aoine 8 Samhain 2024. Chun foireann a chlárú cliceáil ar REGISTER thuas agus is Dé hAoine 1 Samhain an dáta deiridh iontrála. An rud is tábhachtaí ná an fhoireann a iontráil láithreach ionas go mbeidh fhios againn cé mhéid foirne a bheidh againn!! Má tá aon eolas eile ag teastáil cuir glaoch ar Thomás ag  087.7474297


Download a PDF of this year's case HERE

AN CHÚIRT ACHOMHAIRC

 

 

Idir:

FIONNUALA UÍ FHIACHÁIN AGUS NEASA NÍ BHEARTLAIGH

GEARÁNAITHE / ACHOMHARCÓIRÍ

 

-agus-

 

 

CLÁR DE RÓISTE

 

COSANTÓIR / FREAGRÓIR

 

 

CÁS LE RÉITEACH

 

D’fhág Aidan agus Maeve Ó Beartlaigh a dtigh cónaithe go luath ar maidin an 18ú Iúil 2022 chun saoire míosa a chaitheamh ar thuras mara in Barbados.  Is scoláire dlí í Clár de Róiste a bhfuil cónaí uirthi díreach in aice le muintir Uí Bheartlaigh.  Eagraíonn Clár de Róiste cóisir agus teachtanna le chéile go minic.  Ar oíche an 21 Iúil, bhí cóisir prosecco, péinteáil agus machnamh á eagrú ag Clár de Róiste.  Le linn an chóisir sin, chuaigh cuirtín trí thine, de bharr coinneal lasta a bheith fágtha in aice leis.  Scaip an tine go mear, agus dódh tigh de Róiste agus tigh Uí Bheartlaigh, a bhí in aice lámha, go talún.


Is bean aosta í Fionnuala Uí Fhiacháin, comharsa le muintir Uí Bheartlaigh, a bhí ina cara dílis le muintir Uí Bheartlaigh le blianta fada agus tharlódh go minic go dtabharfadh sí aire d’iníon mhuintir Uí Bheartlaigh um thráthnóna.  Tá sláinte Bn. Uí Fhiacháin ag dul in olcas le déanaí, tá a cuimhne ag dul in olcas agus fuair sí diagnóis den ghalar Alzheimer le gairid.  Ar oíche an 21 Iúil 2022, chonaic Bn. Uí Fhiacháin tigh Uí Bheartlaigh á dhó go talún agus de bharr a meabhair a bheith ag teip uirthi, chreid sí go raibh muintir Uí Bheartlaigh fós sa bhaile.  Bhuail taom scaoill í agus le dithneas rith sí trína tigh féin.  Agus í ag rith síos an staighre, thit sí, agus bhris sí a féimear clé in dhá áit.


Thóg sé tamall fada ar Bhn. Uí Fhiacháin teacht thar n-ais chuici féin, b’éigean di tamall fada a chaitheamh ag freastal ar theiripe fhisiciúil athshlánúcháin agus anois caithfidh sí bata siúil a úsáid agus í ag bogadh timpeall.  Freastalaíonn Bn. Uí Fhiacháin ar sheisiúin le síciatraí go rialta mar go mbíonn spléachadh siar aici ar oíche an 21ú Iúil 2022.

 

 

Chuir Bn. Uí Fhiacháin tús le himeachtaí dlíthiúla san Ard-Chúirt ag lorg damáistí i gcóir neamairt i gcoinne Clár de Róiste.

 

 

Bhí Neasa Ní Bheartlaigh, iníon do Aidan agus Maeve, sa bhaile nuair a tharla an tine.  Bhí an t-ádh léi go raibh sí ábalta éalú ón tine gan aon mhór dochar tarlaithe di, seachas ionanálú deataigh.  Ach, chonaic Neasa scrios á dhéanamh ar thigh a muintire, agus chaill sí gach rud a bhí aici sa tigh, lena n-áirítear roinnt nithe a bhain lena teaghlaigh a bhí aici le fada an lá.  Sna míonna tar éis an tine, d’fhulaing Neasa le tromluí ag teacht uirthi go rialta, le taom scaoill agus le spléachadh siar.  Diagnóisíodh go raibh Neamhord Strus Iarthrámach (PTSD) trom uirthi de bharr tine na hoíche 21 Iúil 2022.

 

 

Chuir Neasa Ní Bheartlaigh tús le himeachtaí dlíthiúla san Ard-Chúirt ag lorg damáistí i gcóir neamairt i gcoinne Clár de Róiste.

 

 

An Ard-Chúirt

I dtaobh cás Neasa, chaith an Breitheamh Seamus Ó Duinn an cás amach ar an mbunús nach féidir damáistí a fháil le haghaidh suaitheadh néargógach de thoradh damáiste a fheiscint do mhaoin nó sealúchas pearsanta.  Agus an cinneadh seo tógtha aige, bhraith an Breitheamh ar bhreithiúnas Hamilton CJ sa chás Kelly v Hennessey [1995] 3 I.R. 253, á rá nach bhfuil suaitheadh néarógach inchaingne ach sa chás go mbíonn gortú i gceist do dhuine / do dhaoine.

 

I dtaobh cás Bn. Uí Fhiacháin, chaith an Breitheamh Seamus Ó Duinn an cás amach ar an mbonn nach raibh na damáistí a d’fhulaing Bn. Uí Fhiacháin intuartha de bharr a díchuimhne.  Dúirt sé go mbeadh gnáth-chomharsa le gnáth-mheabhair tar éis a thabhairt chun cuimhne go raibh an tigh follamh ag an am.

 

 

Tógann Neasa agus Bn. Uí Fhiacháin araon achomharc i dtaobh cinneadh a thug an Breitheamh Ó Duinn.

 

 

Éisteofar leis an dá achomharc in aon ghníomh amháin.

 

1.     Tógann Neasa achomharc leis an argóint go raibh:-

 

Seamus Ó Duinn mí-cheart leis an mbrí a bhain sé as Kelly v Hennessey nuair a chinn sé nach bhfuil cás ceadaithe  i dtaobh damáiste do mhaoin, nó, gur cheart an cás a chur ar neamhní.

 

 

2.     Tógann Bn. Uí Fhiacháin achomharc ag argóint go raibh:-

 

An Breitheamh Ó Duinn mí-cheart chun a díchuimhne a mheas, de bharr gníomhú an “cloigeann blaoisc uibhe” (“egg-shell skull”).





REÁCHTÁIL AN CHOMÓRTAIS

Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist. Tá sonraí an cháis thuas. Tá an comórtas á reáchtáil ag Gael Linn in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann‚ Cearbhall Ó Dálaigh.

Reáchtálfar réamhbhabhtaí Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn maidin  Dé hAoine 8 Samhain 2024 in Óstaí an Rí (King's Inns)‚ Sráid Henrietta‚ Baile Átha Cliath 1  agus reáchtálfar an chraobh sna Ceithre Chúirt ós comhair breithiúna an tráthnóna sin. Ag brath ar líon na bhfoirne tá seans bheag go mbeidh orainn roinnt réamhbhabhtaí a eagrú oíche Déardaoin 7 Samhain 2024.


Clár imlíne an lae:

10.00 – 12.00 Réamhbhabhtaí  in Óstaí an Rí.
12.30 – 14.00 Lón do na hiomaitheoirí.
14.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
15.30 Fógra faoin gCraobh.
17.00 – 18.00 An Chraobh‚ Na Ceithre Chúirt.
18.00 – 19.00 Fáiltiú  i Seomra Tae na nAbhcóidí‚ Na Ceithre Chúirt


BALLRAÍOCHT NA FOIRNE

Duine amháin ar a laghad agus ceathrar ar a mhéid. Ar aon fhoireann ní bheidh ag caint ach beirt ar a mhéid, Abhcóide Sinsir agus Abhcóide Sóisir. Is féidir le duine amháin páirt a ghlacadh sa Bhréagchúirt mar Abhcóide Sinsir. Ní gá do bhaill uile na foirne a bheith ina mic léinn ar an gColáiste 3ú leibhéal céanna. Áirítear Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí ina gColáistí 3ú leibhéal. Íocfar liúntas taistil agus lóistín más cuí, leo siúd a ghlacfaidh páirt.


DUAISEANNA

Bronnfar buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí. 
Bronnfar seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.


DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA

Ní mór iontráil a dhéanamh roimh Dé hAoine 1 Samhain 2024. Glacfar le hiarratais tríd REGISTER a bhrú ag barr an leathanaigh seo.


RÉAMHULLMHÚCHÁN

Beidh ar gach foireann dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Déarfar leis na foirne an lá roimh na réamhbhabhtaí cén taobh den chás a bheidh á phléadáil acu sa chéad bhabhta.


Treoracha i dtaobh na nAighneachtaí:

Moltar do fhoirne leabhair údaráis a chur le chéile agus go mbeidh cóip ann do gach breitheamh (beidh triúr breithiúna sa chraobh).


Leabhair Údaráis:

Ba chóir cóip de gach cás, acht reachtaíochta, nó sliocht ó leabhar dlí, a bhfuil tagairt ann sna haighneachtaí a chur i leabhar údaráis (fillteán den pháipéarachas uile). Má tá aon chás no acht reachtaíochta thar 10 leathnach, moltar diréach an chéad cúpla leathanach, a thugann firicí an cháis ón mbreithiúnas, nó innéacs na reachtaíochta, a chur ar fáil. Moltar gan níos mó ná 6 chás a oscailt agus moltar cásanna Éireannacha a úsáid chomh fada agus is féidir.


NA hAIGHNEACHTAÍ BÉIL

Leanfaidh na haighneachtaí béil mar a leanas:
1. Abhcóide* don achomharcóir : 20 nóiméad 
2. Abhcóide* don fhreagróir : 20 nóiméad (*Tig le gach foireann na haighneachtaí a roinnt mar a leanas‚ más mian leis an bhfoireann é) 
A. Abhcóide Sinsir : 10 nóiméad B. Abhcóide Sóisir : 10 nóiméad
3. Frisnéis : Abhcóide amháin don achomharcóir : 3 nóiméad

4. Cur i gcoinne na frisnéise – Abhcóide amháin don fhreagróir : 3 nóiméad

Ní cheadófar ábhar nua a thabhairt isteach le linn na frisnéise/cur i gcoinne na frisnéise. Gearrfar pionós ar abhcóidí a sháraíonn na teorainneacha ama. Tá sé tábhachtach d'iomaitheoirí an iomarca léitheoireachta a sheachaint.

Ní cheadófar d'aon fhoireann atá fós sa chomórtas suí isteach ar Chúirt ina bhfuil foirne eile sa chomórtas ag iomaíocht.


Sa_chirt

AN GHAEILGE

Bréagchúirt Uí Dhálaigh is an Irish Language competition. Short excerpts in English from cases being used to strengthen teams arguments are allowed, however, although they should be kept short and to the point. Irish language law terms are available at www.acmhainn.ie.
As a general guide it is worth looking at site www.mooting.net but bear in mind the rules are not quite the same as those in use at Bréagchúirt Uí Dhálaigh.

Gael Linn is very grateful to all of the barristers who help us prepare for Bréagchúirt Uí Dhálaigh each year. We are particularly grateful to Alice Maguire Spencer for all her work in preparing this year's case, as well as supporting interested teams in their preparation for the Bréagchúirt.

The following people are more than happy to offer their help and support to teams who wish to participate this year:

Alice Maguire Spencer BL          A.MaguireSpencer@lawlibrary.ie             (087) 950 4109

Cecilia Ní Choileáin BL              cecilia.nichoileain@lawlibrary.ie              (087) 217 4703

Daniel McNamara BL                 daniel.mcnamara@lawlibrary.ie               (085) 226 2375 

Cillian McGovern BL                 cillian.mcgovern@lawlibrary.ie                (083) 426 3999

We are also indebted to Cormac Ó Dúlacháin SC, Daithí Mac Cárthaigh BL, Kate Ní Chonfhaola BL,  and to Kings Inns and The Courts Service for their continued support.

There is a copy of the marking system on the Irish version of this page.

Further Information:
Tomás  Ó Cadhla
Bréagchúirt Uí Dhálaigh
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
F. 087.7474927 R tomasrua@gael-linn.ie