Sonraí 2021:
Beidh Bréagchúirt Uí Dhálaigh 2021 ag dul ar aghaidh ar an Aoine 5 Samhain 2021. Chun foireann a chlárú cliceáil ar REGISTER thuas agus is é an Aoine 29 Deireadh Fómhair an dáta deiridh iontrála. Más gá, agus ag brath ar na srianta ag an am, d'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh orainn an dáta a chur siar, é sin nó go ndéanfar an comórtas a reáchtáil ar líne. An rud is tábhachtaí ná an fhoireann a iontráil láithreach ionas go mbeidh fhios againn cé mhéid foirne a bheidh againn!! Má tá aon eolas eile ag teastáil cuir glaoch ar Thomás ag 087.7474297
Download a PDF of this years case HERE
CÁS 2021
AN CHÚIRT ACHOMHAIRC
Idir:
SÍLE UÍ BHRIAIN
GEARÁNAÍ / ACHOMHARCÓIR
- agus –
DONNCHA Ó MURCHÚ
COSANTÓIR / FREAGRÓIR
CEIST
Tá aimseadóir buí darbh ainm Dioscó ag an Uasal Ó Murchú agus tá an madra sin cúig bliana d'aois. Tá nádúr bríomhar agus spraíúil ag an madra. Thart ar a 4 i.n. ar an 25 Lúnasa 2017, bhí an tUasal Ó Murchú agus Dioscó ar chuid den trá agus iad ag baint feamainne don lá, mar a bhí de cheart aige. Ní raibh an madra ar iall. Bhí Bean Uí Bhriain, ar thaitin madraí go mór léi, ag siúl ar an gcosán poiblí cois trá agus, nuair a chonaic sí Dioscó, chuaigh sí caol díreach síos ar an trá tríd garraí príobháideach. Chrom sí chun peataireacht a dhéanamh ar an madra agus léim an madra suas uirthi, rud ba chúis lena titim siar thar chosán siúlóide adhmaid agus a ceann a bhualadh ar chloch. Mar thoradh air sin, d’éirigh drochdhíobhálacha pearsanta di.
AN ARD-CHÚIRT
Chuir Bean Uí Bhriain tús le cás san Ard-Chúirt maidir leis na díobhálacha pearsanta a d’fhulaing sí. D'éiligh sí damáistí ar fhorais faillí agus faoi alt 21 (1) den Acht um Rialú Madraí 1986.
D'éist an Breitheamh Seamus Ó Duinn an cás san Ard-Chúirt agus chinn sé i bhfabhar an Chosantóra. Bhí an dá phointe seo a leanas mar bhunús lena chinneadh:
1. Dúirt an Breitheamh nár leor nach raibh iall ar an madra cois trá chun an dualgas cúraim a shárú.
2. Dúirt an Breitheamh nach bhfuil dliteanas dian san Acht um Rialú Madraí 1986 ach maidir le “hionsaithe” ó ainmhithe amháin agus, anuas air sin, nach ionsaí a bhí in iompar spraíúil bríomhar an mhadra agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh go n-éireodh le Bean Uí Bhriain de réir an tAcht um Rialú Madraí 1986.
Rinne an Gearánaí (Síle Uí Bhriain) achomharc chun na Cúirte Achomhairc i dtaobh an dá phointe sin.
REÁCHTÁIL AN CHOMÓRTAIS
Comórtas é seo do mhic léinn tríú leibhéal ach go háirithe dóibh siúd atá ag déanamh staidéir ar an dlí. Achomharc in aghaidh breith cúirte atá i gceist. Tá sonraí an cháis thuas. Tá an comórtas á reáchtáil ag Gael Linn in onóir Iar-Uachtarán agus Iar-Phríomh Bhreitheamh na hÉireann‚ Cearbhall Ó Dálaigh.
Reáchtálfar réamhbhabhtaí Bréagchúirt Uí Dhálaigh/Gael Linn maidin Dé hAoine 5 Samhain 2021 in Óstaí an Rí (King's Inns)‚ Sráid Henrietta‚ Baile Átha Cliath 1 agus reáchtálfar an chraobh sna Ceithre Chúirt os comhair breithiúna an tráthnóna sin. Ag brath ar líon na bhfoirne tá seans bheag go mbeidh orainn roinnt réamhbhabhtaí a eagrú oíche Déardaoin 4 Samhain 2021.
Clár imlíne an lae:
10.00 – 12.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
12.30 – 14.00 Lón do na hiomaitheoirí.
14.00 Réamhbhabhtaí in Óstaí an Rí.
15.30 Fógra faoin gCraobh.
17.00 – 18.00 An Chraobh‚ Na Ceithre Chúirt.
18.00 – 19.00 Fáiltiú i Seomra Tae na nAbhcóidí‚ Na Ceithre Chúirt
BALLRAÍOCHT NA FOIRNE
Duine amháin ar a laghad agus ceathrar ar a mhéid. Ar aon fhoireann ní bheidh ag caint ach beirt ar a mhéid, Abhcóide Sinsir agus Abhcóide Sóisir. Is féidir le duine amháin páirt a ghlacadh sa Bhréagchúirt mar Abhcóide Sinsir. Ní gá do bhaill uile na foirne a bheith ina mic léinn ar an gColáiste 3ú leibhéal céanna. Áirítear Óstaí an Rí agus An Cumann Dlí ina gColáistí 3ú leibhéal. Íocfar liúntas taistil agus lóistín más cuí, leo siúd a ghlacfaidh páirt.
DUAISEANNA
Bronnfar buantrófaí Gael Linn agus seic ar €600 ar na buaiteoirí.
Bronnfar seic ar €300 ar an bhfoireann a thagann sa dara háit.
DÁTA DEIRIDH IONTRÁLA
Ní mór iontráil a dhéanamh roimh an Aoine 29 Deireadh Fómhair 2021. Glacfar le hiarratais ar ríomhphost ag seanc@gael-linn.ie. Tá teacht ar fhoirm iontrála ag barr an leathanaigh seo.
RÉAMHULLMHÚCHÁN
Beidh ar gach foireann dhá thaobh an cháis a réiteach agus a phléadáil. Déarfar leis na foirne an lá roimh na réamhbhabhtaí cén taobh den chás a bheidh á phléadáil acu sa chéad bhabhta.
Treoracha i dtaobh na nAighneachtaí:
Moltar do fhoirne leabhair údaráis a chur le chéile agus go mbeidh cóip ann do gach breitheamh (beidh triúr breithiúna sa chraobh).
Leabhair Údaráis:
Ba chóir cóip de gach cás, acht reachtaíochta, nó sliocht ó leabhar dlí, a bhfuil tagairt ann sna haighneachtaí a chur i leabhar údaráis (fillteán den pháipéarachas uile). Má tá aon chás no acht reachtaíochta thar 10 leathnach, moltar diréach an chéad cúpla leathanach, a thugann firicí an cháis ón mbreithiúnas, nó innéacs na reachtaíochta, a chur ar fáil. Moltar gan níos mó ná 6 chás a oscailt agus moltar cásanna Éireannacha a úsáid chomh fada agus is féidir.
NA hAIGHNEACHTAÍ BÉIL
Leanfaidh na haighneachtaí béil mar a leanas:
1. Abhcóide* don achomharcóir : 20 nóiméad
2. Abhcóide* don fhreagróir : 20 nóiméad (*Tig le gach foireann na haighneachtaí a roinnt mar a leanas‚ más mian leis an bhfoireann é)
A. Abhcóide Sinsir : 10 nóiméad B. Abhcóide Sóisir : 10 nóiméad
3. Frisnéis : Abhcóide amháin don achomharcóir : 3 nóiméad
4. Cur i gcoinne na frisnéise – Abhcóide amháin don fhreagróir : 3 nóiméad
Ní cheadófar ábhar nua a thabhairt isteach le linn na frisnéise/cur i gcoinne na frisnéise.Gearrfar pionós ar abhcóidí a sháraíonn na teorainneacha ama. Tá sé tábhachtach d'iomaitheoirí an iomarca léitheoireachta a sheachaint.
Ní cheadófar d'aon fhoireann atá fós sa chomórtas suí isteach ar Chúirt ina bhfuil foirne eile sa chomórtas ag iomaíocht.

AN GHAEILGE
Bréagchúirt Uí Dhálaigh is an Irish Language competition. Short excerpts in English from cases being used to strengthen teams arguments are allowed, however, although they should be kept short and to the point. Irish language law terms are available at www.acmhainn.ie.
As a general guide it is worth looking at site www.mooting.net but bear in mind the rules are not quite the same as those in use at Bréagchúirt Uí Dhálaigh.
Gael Linn is very grateful to Alice Maguire Spencer who is offering her help to the teams participating this year. Alice will deal with any queries regarding the case at a.maguirespencer@lawlibrary.ie or 087.9504109. We are also indebted to Cormac Ó Dúlacháin SC, Daithí Mac Cárthaigh BL, Kate Ní Chonfhaola BL, and to Kings Inns and The Courts Service for their continued support.
There is a copy of the marking system on the Irish version of this page.
Further Information:Tomás Ó Cadhla
Bréagchúirt Uí Dhálaigh
Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2.
F. 087.7474927 R
tomasrua@gael-linn.ie