COIRM GAEL LINN 2023

Iarraimid ar mhúinteoirí na rialacha thíos a bhaineann le Coirm a léamh i dtosach sula líonann siad an fhoirm iontrála.
CHUN GRÚPA A IONTRÁIL I COIRM 2023:
1. Cliceáil ar an cnaipe REGISTER NOW chun tú a thabhairt chuig an fhoirm iontrála.
2. Líon isteach an fhoirm iontrála ar líne
2. Roghnaigh do mhodh íocaíochta
4. Cliceáil ar an cnaipe SEOL/SUBMIT chun an fhoirm a chur ar aghaidh
COIRM GAEL LINN
Tá sé mar aidhm ag COIRM lucht bunscoile a spreagadh le seó i nGaeilge a chur ar an ardán a léireoidh na tallanna éagsúla atá ag daltaí na scoile, bídís ón rang céanna nó ó ranganna éagsúla. Sa tslí seo táimid ag súil le meas agus spéis na bpáistí sa Ghaeilge a neartú agus deis a thabhairt dóibh í a chleachtadh chomh maith. Tá Coirm dírithe go príomha ar ghaelscoileanna agus ar bhunscoileanna gaeltachta.
NA SEÓNNA FÉIN• Is éard atá i gceist le Seó Scoile ná seó i nGaeilge nach mairfidh níos faide ná 20 nóiméad ina mbeidh tallanna éagsúla na scoile á dtabhairt le chéile agus á gcur os comhair lucht féachana.
• Tá sé tábhachtach cloí leis an teorainn ama.
• Is féidir seó a léiriú ina bhfuil meascán de mhíreanna -ceol, amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht, rince agus araile. Glacfar le seónna i bhfoirm scoraíochta, cabaret, ceoldráma, dráma nó sceits. Tá físeán de fhéile COIRM le feiceáil thíos.
• Ní mór an Ghaeilge, bíodh sí labhartha nó canta, a bheith le cloisteáil ar feadh seacht nóiméad ar a laghad le linn an tseó (Ní leor, mar shampla, seó a léiriú nach mbeidh ann ach míreanna ceoil agus rince tríd síos).
• Ní cheadófar aon Bhéarla sa seó agus ní bheidh cead fuaimrianta le liricí Béarla a sheinm mar thionlacan lena linn.
• Chun leanúnachas a chruthú d’fhéadfaí téama a roghnú don seó ach ní bheidh sé seo riachtanach.
• D'fhonn compord agus sábháilteacht a chinntiú ní cheadófar níos mó ná 60 páiste in aon seó. Ar ndóigh is féidir seó a chur le chéile le grúpa i bhfad níos lú ná sin. Níl aon íosmhéid i gceist.
• Arís d’fhonn compord agus sábháilteacht a éascú moltar do mhúinteoirí gan páistí ó na ranganna naíonáin a bheith páirteach sa seó. Ní riail é seo áfach!
• Beidh cead ag múinteoir/duine fásta tionlacan ceoil a sholáthar do na páistí i gcás amhránaíochta, nó ceol a sheinm dóibh i gcás rince, ach ní mór é a dhéanamh ó chúl/thaobh an stáitse.
DÁTAÍ COIRM 2023
Dé Céasaoin 8 Feabhra 2023 - Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí
Déardaoin 9 Feabhra 2023 - Amharclann George Bernard Shaw, Ceatharlach
Dé Céadaoin 22 & Déardaoin 23 Feabhra 2023 - Amharclann na Cathrach, Gaillimh
Déardaoin 2 & Dé hAoine 3 Márta 2023 - Amharclann Ghaoth Dobhair, Tír Chonaill
Dé Céadaoin 8 & Déardaoin 9 Márta 2023 Amharclann Clasach, Fionnradharc, BÁC
Dé Máirt 14 Márta 2023 - Amharclann Phlás an Mhargaidh, Ard Mhacha
Dé Céadaoin 15 Márta 2023 - Amharclann Siamsa Tíre, Trá Lí, Co. Chiarraí
IONTRÁILChun grúpa a iontráil lean na treoracha ag barr an leathanaigh.
- An dáta deiridh iontrála ná 16 Nollaig 2022
- Ní cheadófar d’aon scoil níos mó ná seó amháin a iontráil agus an táille iontrála isea €10/£10
LÉIRMHEASTÓIREACHT AGUS GRADAIM- Ní comórtas atá i gceist le COIRM ach tabharfar aitheantas (i bhfoirm ghradaim) do sheónna nó do mhíreanna as seónna a léiríonn ardchaighdeán.
- Ní bheidh aon teorainn leis an líon gradam a mbeidh cead ag an léirmheastóir a bhronnadh agus déanfar gach dícheall a chinntiú go mbronnfar ar a laghad gradam amháin ar gach grúpa a ghlacann páirt. Tabharfar nótaí léirmheastóireachta do gach grúpa.

GINEARÁLTA- Beidh sé de cheart ag Gael Linn íomhánna agus físeáin a ghlactar ag imeachtaí Gael Linn a úsáid mar ábhar poiblíochta don eagraíocht amach anseo, ach cead a bheith faighte againn roimhré ó scoileanna na híomhánna agus na físeáin sin a ghlacadh.
Tuilleadh Eolais: Tomás Ó Cadhla - tomasrua@gael-linn.ie - (087) 7474927