Post Primary

Scléip Gael Linn (Talent Competition)

Overview



Scléip Gael Linn 2024

 

Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá oscailte do na hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge amháin, le béim ar na healaíona comhaimseartha. Tugtar deis do dhaltaí iar-bhunscoile ceol, amhráin, agus rince a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóirí proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre. 

Beidh réamhbhabhtaí Scléip ar siúl i rith mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna in amharclanna timpeall na tíre. Is iad seo dátaí na réamhbhabhtaí: 

  •       Dé Céadaoin, 15 Samhain 2023: An Bosca Dubh, Br. na Díghe, Co. na Gaillimhe 
  •       Dé Máirt, 21 Samhain 2023: Amharclann an Alley, An Srath Bán, Co. Thír Eoghain
  •       Déardaoin, 23 Samhain 2023: Amharclann Clasach, Cluain Tarbh, BÁC
  •       Dé Céadaoin, 29 Samhain 2023: Amharclann an Ionaid Óige, Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí

Beidh Craobh na hÉireann den chomórtas ar siúl ar an Máirt, 30 Eanáir 2024 i mBaile Átha Cliath.



IONTRÁIL AR SCLÉIP   

Tar éis duit na rialacha/coinníollacha ginearálta thíos ar fad a léamh go cúramach, líon isteach an fhoirm iontrála ag barr an leathanaigh, agus seol ar aghaidh chugainn í, leis an táille chuí roimh an dáta deiridh iontrála, Déardaoin, 20 Deireadh Fómhair 2023.

(Má bhíonn aon fhadhb agat déan teagmháil le Mairéad Ní Neachtain, maireadn@gael-linn.ie / 087 359 3957).  

 

 COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA

·       Tá an comórtas oscailte do dhaltaí sna hiar-bhunscoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid lán-Ghaeilge amháin agus caithfidh gach iomaitheoir a bheith ag freastal go lánaimseartha ar cheann de na scoileanna sin.

·       Is do dhaltaí sna ranganna Teastas Sóisearaigh Rannóg na Sóisear agus is do dhaltaí sna ranganna Ardteistiméireachta Rannóg na Sinsear. Áirítear daltaí na hidirbhliana mar dhaltaí sinsearacha. I dTuaisceart Éireann, beidh an rannóg shóisearach oscailte do dhaltaí GCSE agus an rannóg shinsearach do dhaltaí A-Leibhéal. Rannóg amháin (i.e. Daltaí Sóisearacha nó Daltaí Sinsearacha, nó meascán de na haoisghrúpaí seo) a bheidh sa chomórtas Slua-Amhránaíochta.

·    Ceadaítear d’aon scoil suas le beirt iomaitheoir/dhá ghrúpa a iontráil i ngach comórtas (i.e. 2 Sóisear/2 Sinsear/2 ghrúpa). Ní féidir le duine atá páirteach i gcomórtas aonair shóisearach a bheith páirteach sa gcomórtas sinsearach freisin.

·    Sna comórtais do ghrúpaí ina bhfuil dhá rannóg iontu i.e. Sóisear agus Sinsear, beidh cead ag duine ó rang sóisearach a bheith i ngrúpa sinsearach, fad is nach mbíonn an duine sin páirteach sa chomórtas céanna sa rannóg shóisearach le grúpa eile. In aon chomórtas do ghrúpaí ní bheidh cead ag aon duine a bheith páirteach sa chomórtas céanna le dhá ghrúpa dhifriúil. Dar ndóigh, ní féidir le dalta sinsearach páirt a ghlacadh in aon chomórtas shóisearach.

·   Is gá múinteoir ón scoil a bheith luaite mar theagmhálaí ar an bhfoirm iontrála. Is féidir le caomhnóir freastal ar an gcomórtas leis an iomaitheoir sa chás nach bhfuil an múinteoir ainmnithe ar fáil.

·    Is tríd an ríomhphost is mó a choinneofar i dteagmháil leis na múinteoirí a bheidh ag déileáil linn maidir le Scléip. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach seoladh ríomhphoist na scoile agus seoladh ríomhphoist an mhúinteora féin a bheith soiléir ar an bhfoirm iontrála. Ní roinnfear aon sonraí pearsanta le haon tríú páirtí.

·   Glacfar le téama ar bith ach caithfidh liricí na hamhráin a bheith in oiriúint do chomórtas scoile (ní cheadaítear píosaí ciníocha, díobhálacha, nimhneacha srl)

·       Beidh sé de cheart ag Gael Linn íomhánna a ghlactar ag imeachtaí Gael Linn a úsáid mar ábhar poiblíochta don eagraíocht amach anseo ach an cead sin a bheith faighte againn roimh ré ó scoileanna.

 

 Cur chun cinn na Gaeilge

·       Tá an comórtas seo á reáchtáil trí mheán na Gaeilge agus is í an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teanga fheidhmeach an chomórtais. Ní ghlacfar ach le míreanna trí Ghaeilge agus iarrtar ar mhúinteoirí agus ar chaomhnóirí a chinntiú go bhfuil Gaeilge á labhairt ag na rannpháirtithe le linn imeachtaí Scléip.

·       Moltar go ndéanfadh múinteoirí léamh profaí ar liricí.

·       Déanfar dícháiliú ar aon duine a úsáideann fuaimriain le liricí in aon teanga seachas i nGaeilge. Moltar leagan ‘karaoke’ a úsáid mura bhfuil ceol le liricí i nGaeilge oiriúnach.

 

Ar an lá

·       Is gá cloí le hord reatha an lae.

·       Caithfidh gach mír a bheith laistigh den am atá ceadaithe.

·       Iarrtar ar gach scoil bheith i láthair don chomórtas iomlán, oiread agus is féidir, agus a bheith mar lucht féachana nuair nach bhfuil siad ar stáitse.

·       Ní cheadófar rannpháirtíocht tuismitheoirí nó múinteoirí ar an stáitse féin.

·       Tá cead éide scoile nó gnáthéadaí a chaitheamh. Faoin scoil atá sé an cinneadh sin a dhéanamh.

·       Is faoi na hiomaitheoirí atá sé aon fheisteas, uirlis cheoil, aimplitheoirí nó taca atá de dhíth orthu a eagrú.

·       Má tá fuaimrian taca in úsáid ag iomaitheoirí tá sé tábhachtach an ceol a sheoladh ag úsáid wetransfer.com chuig maireadn@gael-linn.ie ar a laghad seachtain roimh réamhbhabhta/craobh. 

 

Moltóireacht

·       Tógfaidh na moltóirí san áireamh an luach siamsaíochta a bhaineann le gach mír agus iad i mbun oibre. Mar threoir dóibh féin agus do na hiomaitheoirí, áfach, beidh an córas marcála thíos in úsáid acu. Ní chuirfear marcanna na moltóirí ar fáil d’aon duine.

·       Is féidir go mbainfear marcanna d’aon mhír a théann thar an uasmhéid ama atá luaite le gach comórtas.

·       Luíonn an cinneadh deiridh maidir le buaiteoir(í) an chomórtais leis na moltóirí. Ní cheadófar aon chomhfhreagras leis na moltóirí maidir lena gcinneadh.

·       Bronnfar áit sa chraobh ar bhuaiteoirí na réamhbhabhtaí.

·       Beidh cead ag iomaitheoirí athruithe a dhéanamh ina léiriú ón réamhbhabhta, go háirithe má bhí siad molta ag an moltóir, ach a bheith cinnte go bhfuiltear fós ag cloí le rialacha an chomórtais.

·       Bronnfar plaiceanna comórtha ar dhuaiseoirí na craoibhe.

·       Bronnfar Gradam Scléip ar an mhír is fearr ag an gCraobh agus bronnfar Gradam Nós.ie ar an amhrán nuachumtha is fearr ag an gCraobh.

 

        Cuirfidh Gael Linn fáilte roimh aiseolas i leith an chomórtais i ndiaidh na craoibhe.

 

Sábháilteacht 

Tá polasaí árachas dliteanas poiblí ag Gael Linn a chlúdaíonn ár gcuid scéimeanna ar fad.  Ag na himeachtaí a eagraítear do dhaltaí scoile, áfach, is éascaitheoir é Gael Linn seachas maoirseoir, agus ní mór múinteoir nó duine fásta a bheith ainmnithe ag gach grúpa a bheidh freagrach as sábháilteacht agus maoirseacht na ndaltaí.   

 

Amhránaíocht Pop/Rac/Rap
(le féintionlacan)

Guth/ Guthanna
35

Tionlacan

25

Rithim

10

Léiriú/Luach
Siamsaíochta
20

Rogha Amhráin
10

IOMLÁN

100

Amhránaíocht
Pop/Rac/Rap
(le tionlacan ó fhuaimrian taca)

Guth

50

Rithim

15

Léiriú/Luach Siamsaíochta
20

Rogha Amhráin
15

IOMLÁN

100

Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol

Scileanna
Ceoil
50

Léiriú/Luach
Siamsaíochta
20

Rithim

10

Rogha Ceoil

20

 

IOMLÁN

100

Slua-amhránaíocht

Guthanna

40

Léiriú/Luach
Siamsaíochta
20

Rithim

10

Gluaiseachtaí

20

Rogha Amhráin
10

IOMLÁN

100

Rince Cruthaitheach

Scileanna
Rince
30

Cóiréagrafaíocht

30

Oiriúint an Cheoil
20

Léiriú/Luach
Siamsaíochta
20

 

IOMLÁN

100

 


NA COMÓRTAIS (NB! Déan tagairt do na COINNÍOLLACHA GINEARÁLTA thuas chomh maith!)

 

1. Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap le féintionlacan (Sóisear agus Sinsear)

Glacfar le hamhránaithe aonaracha amháin sa chomórtas seo, agus iad i mbun amhránaíochta le féintionlacan ceoil. Beifear ag súil le hamhráin sa stíl Pop, Rac, Rap, srl.

Glacfar le hamhráin le liricí nuachumtha nó le liricí a aistríodh go Gaeilge. Cuirfear fáilte ar leith roimh shaothar iomlán nuachumtha, idir ceol agus liricí, agus iarrtar ar na hiomaitheoirí a chur in iúl ón stáitse más saothar nuachumtha atá i gceist.

Moltar go láidir go ndéanfadh múinteoirí léamh profaí ar liricí.

Ní ghlacfar le fuaimrian taca sa chúlra ná le ceoltóir ar bith eile ar an stáitse.

Glacfar le meascraí.

Beidh cead ag scoileanna suas le 2 iomaitheoir a iontráil sa rannóg shóisearach agus suas le 2 iomaitheoir a iontráil sa rannóg shinsearach.

Uasmhéid ama – 4 nóiméad.

 
2. Amhránaíocht Aonair sa stíl Pop/Rac/Rap, le tionlacan ó fhuaimrian taca (Sóisear agus Sinsear)
Glacfar le hamhránaithe aonaracha amháin sa chomórtas seo, agus iad i mbun amhránaíochta le tionlacan ó fhuaimrian taca. Beifear ag súil le hamhráin sa stíl Pop, Rac, Rap srl.
Glacfar le hamhráin le liricí nuachumtha nó le liricí a aistríodh go Gaeilge. Cuirfear fáilte ar leith roimh shaothar iomlán nuachumtha, idir ceol agus liricí, agus iarrtar ar na hiomaitheoirí a chur in iúl ón stáitse más saothar nuachumtha atá i gceist.
Moltar go láidir go ndéanfadh múinteoirí léamh profaí ar liricí.
Glacfar le meascraí.
Beidh cead ag scoileanna suas le 2 iomaitheoir a iontráil sa rannóg shóisearach agus suas le 2 iomaitheoir a iontráil sa rannóg shinsearach.
Uasmhéid ama - 4 nóiméad

3. Popghrúpa/Racghrúpa, le féintionlacan (Sóisear agus Sinsear)
Glacfar le grúpaí, ina bhfuil íosmhéid de 3 agus uasmhéid de 8, agus iad i mbun amhránaíochta le féintionlacan ceoil. Beifear ag súil le hamhráin sa stíl Pop, Rac, Rap, srl.
Glacfar le hamhráin le liricí nuachumtha nó le liricí a aistríodh go Gaeilge.
Cuirfear fáilte ar leith roimh shaothar iomlán nuachumtha, idir ceol agus liricí, agus iarrtar ar na hiomaitheoirí a chur in iúl ón stáitse más saothar nuachumtha atá i gceist.
Moltar go láidir go ndéanfadh múinteoirí léamh profaí ar liricí.
Ní ghlacfar le fuaimrian taca sa chúlra.
Beidh cead ag scoileanna suas le 2 ghrúpa a iontráil sa rannóg shóisearach agus suas le 2 ghrúpa a iontráil sa rannóg shinsearach.
Glacfar le meascraí.
Uasmhéid ama – 4 nóiméad.


4. Ceol Uirlise Aonair sa stíl Pop/Rac/Snagcheol (Sóisear agus Sinsear)

Glacfar le hiomaitheoirí aonaracha amháin sa chomórtas seo, agus iad i mbun ceoil ar a rogha uirlise (m.sh. sax, pianó, giotár, giotár leictreach nó eile).
Beidh cead fuaimrian taca a úsáid mar thionlacan nó is féidir le ceoltóir amháin eile tionlacan beo a chur ar fáil ar stáitse. Má tá ceoltóir eile ag soláthar tionlacain bheo ní mór don cheoltóir seo a bheith san aoisghrúpa céanna leis an iomaitheoir.
Cuirfear fáilte ar leith roimh shaothair nuachumtha agus iarrtar ar na hiomaitheoirí é a chur in iúl ón stáitse más saothar nuachumtha atá i gceist.
Beifear ag súil le ceol sa stíl pop/rac/snagcheol agus ní ghlacfar le ceol clasaiceach ná le ceol traidisiúnta.
Beidh cead ag scoileanna suas le 2 iomaitheoir a iontráil sa rannóg shóisearach agus suas le 2 iomaitheoir a iontráil sa rannóg shinsearach
Glacfar le meascraí.
Uasmhéid ama – 4 nóiméad.

5. Slua-amhránaíocht

Glacfar le grúpaí ina bhfuil íosmhéid de 12 agus uasmhéid de 20 dalta, agus iad i mbun amhránaíochta le fuaimrian tacaíochta ceoil (gan liricí) nó le tionlacan ó cheoltóirí beo ar stáitse (a bheidh san áireamh san uasmhéid de 20 dalta).

Seachas grúpa a bheadh ag canadh cosúil le cór beifear ag súil le léiriú samhlaíoch ina mbeidh béim ar an ngrúpamhránaíocht (ensemble singing), chomh maith le gluaiseachtaí, feisteas srl. chun cur leis.
Glacfar le stíleanna éagsúla amhrán – amhráin rac, popamhráin, rap, ceol tíre (C&W) nó amhráin ó na ceoldrámaí móra ar nós ‘Phantom of the Opera’, ‘Wicked’, Grease srl.
Glacfar le hamhráin le liricí nuachumtha nó le liricí a aistríodh go Gaeilge.
Beidh cead ag scoileanna suas le 2 ghrúpa a iontráil sa chomórtas seo. Comórtas amháin a bheidh ann agus beidh cead daltaí ó ranganna sóisearacha agus ó ranganna sinsearacha a mheascadh.
Moltar go láidir go ndéanfadh múinteoirí léamh profaí ar liricí.
Uasmhéid ama – 5 nóiméad.

6. Rince Cruthaitheach - Grúpaí (Sóisear agus Sinsear)
Glacfar le rince cruthaitheach de chineál ar bith sa chomórtas seo.
Ní ghlacfar le rince ar an sean-nós, rince gaelach nó bailé ann féin ach glacfar le heilimintí díobh mar chuid de léiriú cruthaitheach).
Glacfar le ceol beo ó chúl stáitse nó le fuaimrian taca sa chúlra. Déanfar dícháiliú ar aon duine a úsáideann fuaimrian le liricí in aon teanga seachas i nGaeilge. Moltar leagan ‘karaoke’ a úsáid mura bhfuil ceol le liricí i nGaeilge oiriúnach.
Tá cead frapaí láimhe a úsáid ach níl cead an stáitse a ghléasadh le seit.
Glacfar le grúpaí (beirt go deichniúr) sa chomórtas seo agus má tá ceol beo in úsáid mar thionlacan ó chúl stáitse ní bheidh na ceoltóirí san áireamh.
Beidh cead ag scoileanna suas le 2 ghrúpa a iontráil sa rannóg shóisearach agus suas le 2 ghrúpa a iontráil sa rannóg shinsearach.
Uasmhéid ama – 5 nóiméad. 

 


Tuilleadh eolais:

 

Mairéad Ní Neachtain

 

maireadn@gael-linn.ie             |           087 359 3957

 

Gael Linn, 35 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2. D02 H797