Tuesday, 07 May 2019

Liam Mac an Iomaire ar shlí na fírinne

Liam Mac an Iomaire ar shlí na fírinne

Is trua le Gael Linn go bhfuil Liam Mac Con Iomaire ar shlí na fírinne mar go raibh sé bainteach leis an eagraíocht ar feadh na mblianta fada. I 1959, bhí Liam ina bhall den chomplacht Aisteoirí na Gaeltachta sa Damer, complacht a thug drámaí le Synge agus Lady Gregory chun stáitse as Gaeilge. Tugadh ardmholadh do Liam as feabhas a chuid aisteoireachta i bpáirt Bheartla: ‘He gave a performance full of pathos and showed great understanding of the mentality of the character he was representing’ (Irish Times). I ngeall ar shaibhreas a chuid Gaeilge, bhíodh Liam ag tabhairt ceachtanna foghraíochta d’aisteoirí eile.

Níos déanaí, sna seascaidí, bhí Liam ar dhuine de na daoine a léigh dánta ar shraith cheirníní do dhaltaí scoile a d’eisigh Gael Linn, Éigse Éireann. Arís, i ngeall ar ghlaineacht a chuid urlabhra, bhí sé ar dhuine de na daoine a d’aithris na ceachtanna ar na ceirníní a ghabhann le Buntús Cainte (1968).

Thug Liam an-tacaíocht do Mhairéad Ní Chinnéide agus stair an Damer á scríobh aici, An Damer: Stair Amharclainne (2008).

 

Ar dheis Dé go raibh a anam uasal.