Friday, 10 May 2019

Féile Peile Ráthúil i Ráth Chairn !

Féile Peile Ráthúil i Ráth Chairn !
Chruinnigh suas le 160 scoláire agus a gcuid múinteoirí i Ráth Chairn le déanaí don chéad fhéile de chuid Féilte Peile Gael Linn 2019. Thar dhá lá, Dé Céadaoin, 8 agus Déardaoin, 9 Bealtaine, a reáchtáladh an ócáid bhliantúil seo. Chuaigh ocht bhfoireann chun páirce- Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach, Scoil Uí Riada, Cill Chóca, Scoil an tSeachtar Laoch, Baile Munna, Scoil Santain, Tamhlacht, Gaelscoil an Mhuilinn, An Muileann gCearr, Gaelscoil Chill Dara, Gaelscoil Thulach na nÓg, Dún Bóinne agus an fhoireann baile, Scoil Uí Ghramhnaigh, Ráth Chairn. Scoláirí ó na hardranganna, idir bhuachaillí agus cailíní, sna scoileanna seo a bhí ag imirt. Bhí ar a laghad trí cluiche le n-imirt ag gach foireann le linn na féile. Chas peileadóirí Uí Riada Chill Choca agus Gaelscoil Chill Dara ar a chéile sa chraobh i gcluiche a bhí cothrom, spórtúil, ach is ag foireann Chill Chóca a bhí an bua ar deireadh, le scór 4-08 go 2-10. Bhí áthas an domhain ar na captaein, Evan Ó Fearghaill agus Rianna Nic Róibín, glacadh le Corn Gael Linn thar cheann na foirne. Ba iad Pól de Brochtúin agus Avril Nic an tSíthigh na múinteoirí a thraenáil agus a d’ullmhaigh an fhoireann don chomórtas. Comhghairdeas leo! Cé nach raibh an aimsir thar moladh beirte, bhain na daoine óga ar fad an-sult as an bpeil agus as as na himeachtaí sóisialta a eagraíodh dóibh istoíche. Tá Gael Linn an-bhuíoch de Chomharchumann Ráth Chairn, den gcumann peile áitiúil, agus de gach éinne a chuidigh ar aon bhealach le reáchtáil na féile.