Wednesday, 15 May 2019

AN-SPÓRT SA CHEATHRÚ RUA AG FÉILE PEILE GAEL LINN !

AN-SPÓRT SA CHEATHRÚ RUA AG FÉILE PEILE GAEL LINN !
Bhí an-spórt ag Féile Peile Chonnacht 2019 sa Cheathrú Rua ar an Mháirt, 14 agus Céadaoin, 15 Bealtaine!
Ocht bhfoireann ar fad ó chontaetha na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Ros Comáin a bhí páirteach san aicsean ar Pháirc an Chathánaigh thar dhá lá na féile - ó Chonamara, Scoil Éinne, An Spidéal, Scoil Sailearna, Indreabhán, Scoil Cholmcille, Ros a’Mhíl, Scoileanna Chamuis/Rosmuc agus an fhoireann baile, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, mar aon le Scoil Iognáid, Gaillimh, Gaelscoil na Cruaiche, Cathair na Mart agus Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin. Buachaillí agus cailíní ó na hardranganna sna scoileanna seo a bhí ag imirt, le naoinúr an taobh, agus tháinig roinnt de na foirne seo tríd babhtaí réamhcháilithe le bheith páirteach sa bhféile.

Bhí an-talann i measc na scoláirí a ghlac páirt sna himeachtaí sóisialta istoíche chomh maith! Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch thar an dá lá, agus thapa roinnt de na cuairteoirí an deis cuairt a thabhairt ar Thrá an Dóilín le linn dóibh a bheith sa cheantar.

Dhá fhoireann láidre a bhí páirteach sa Chraobh, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua agus Gaelscoil de hÍde, Ros Comáin. Bhí an-chaighdeán peile ag an dá fhoireann, ach bhí imreoirí na Ceathrún Rua chun cinn i rith an chluiche, agus bhuadar le scór chuimsitheach 7-12 in aghaidh 1-7 ar deireadh. Bhronn iar-imreoir na Gaillimhe, Seán Ó Domhnaill, Corn Gael Linn ar chaptaen na foirne, Maitiú Ó Domhnaill. Tá dhá bhliain déag ann ó bhuaigh an scoil an comórtas seo agus bhí sceitimíní áthais ar na peileadóirí agus ar a lucht tacaíochta. Is cinnte go mbeidh an fhoireann ag ceiliúradh go ceann píosa, in éineacht lena múinteoir agus traenálaí bródúil, Muiris Mac Gearailt!

Thréaslaigh Tomás Ó Cadhla, Gael Linn, a mbua le foireann Scoil Mhic Dara, agus ghabh sé buíochas le le CLG na Ceathrún Rua as na háiseanna iontacha a chur ar fáil don ócáid, le Muiris Mac Gearailt agus Mary Ní Loinsigh ó Scoil Mhic Dara a rinne an-obair eagrúcháin go háitiúil, agus le gach éinne a chuidigh ar aon bhealach le reáchtáil na féile ráthúla.