Wednesday, 05 June 2019

FÉILE PEILE COIS MARA THOIR SA RINN!

FÉILE PEILE COIS MARA THOIR SA RINN!
Is laochra peile iad foireann Gaelscoil Mhichíl Chíosóig, Inis, Contae an Chláir, tar éis a mbua ag Féile Peile Gael Linn cois mara thoir sa Rinn le déanaí ! I gcluiche cothrom, spórtúil, fuaireadar an ceann is fearr ar fhoireann Scoil na nÓg, Gleann Maghair, Contae Chorcaí, sa Chraobh le scór 3-9 go 3-7. Bhí bród an domhain ar mhúinteoirí agus ar thraenálaithe na foirne, Dónal Ó hAiniféin, Sharon Uí Riain agus Ruairí Chesser, as éacht seo na bpeileadóirí óga! Bhronn Tadhg Ó hUallacháin, Imreoir Peile Phort Láirge an corn ar chaptaen na foirne, Marco Ó Cléirigh.

Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá – 4/5 Meitheamh - agus bhí suas le 160 scoláire rannpháirteach ann ó Ghaelscoileanna na Cúige – Gaelscoil Pheig Sayers, Gaelscoil an Ghoirt Álainn agus Scoil na nÓg, Gleann Maghair ó Chorcaí, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig, Inis, Contae an Chláir, Gaelscoil Chluain Meala, Gaelscoil Thiobraid Árainn agus Scoil Gharbháin, Dún Garbhán, mar aon le foireann áitiúil nascaithe, Scoil Náisiúnta na Rinne/Scoil Bhaile Mhic Airt, ó Chontae Phort Láirge. Foirne meascaithe, le naoinúr imreoir an taobh, a bhí i gceist, agus d’imir gach foireann trí chluiche ar a laghad i rith na féile. Cháiligh na foirne ba airde pointí do na leathchraobhacha, agus ansin an Chraobh.

D’fhan formhór na gcuairteoirí faoi dhíon ársa Choláiste na Rinne , agus bhí deis acu cairdeas a chothú le scoláirí ó scoileanna eile. Anuas ar na cluichí peile, cuireadh tráth na gceist boird, ceolchoirm agus céilí ar bun do na daoine óga, agus thapaidh roinnt de na scoileanna an deis cuairt a thabhairt ar áiteanna spéisiúla le linn dóibh a bheith sa cheantar.

Tá Gael Linn an-bhuíoch de Leanne Uí Mhurchú agus de fhoireann Choláiste na Rinne as an aire a thugadar do gach aoinne i rith na féile agus as na háiseanna iontacha a chur ar fáil. Ba é seo an dara féile i gCúige Mumhan i mbliana agus an féile deireannach den tsraith Cúige a d’eagraigh Gael Linn i mbliana do lucht Gaelscoileanna agus bunscoileanna Gaeltachta.