Ar an gCéadaoin 22 Eanáir 2020 tabharfaidh foirne díospóireachta ó scoileanna lán-Ghaeilge éagsúla ó cheann ceann na tíre aghaidh ar Óstán Salthill, Bóthar na Trá, Gaillimh chun dul san iomaíocht i gCraobh na hÉireann de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain.
Tá Comórtas Uí Chadhain á reáchtáil ag Gael Linn do iar-bhunscoileanna a ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge, agus bhí suas le 50 foireann páirteach ann ó thús na scoilbhliana seo. Eagraítear an comórtas le hurraíocht ó Fhoras na Gaeilge. Seo an chéad uair riamh a reáchtáladh an Chraobh i nGaillimh agus tá Gael Linn ag súil le slua mór, go háirithe ó na scoileanna ó Chonamara a bheas páirteach!
Dhá dhíospóireacht, Sóisear agus Sinsear, a bheas ann ar an gCéadaoin seo chugainn agus is é Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás naGaeltachta a bheidh mar aoichainteoir ag an ócáid. Tá sean taithí ag Micheál ar chomórtais díospóireachta Gael Linn mar gur ghlac sé féin páirt iontu ina óige agus é ag freastal ar Choláiste Éinne i nGaillimh.
Beidh deis ag na buaiteoirí ar phríomhdhuaiseanna arbh fhiú €1,000 an ceann iad, i dtaca le Corn Uisne i Rannóg na Sóisear agus Corn Gael Linn i Rannóg na Sinsear, a thabhairt leo ag Craobh na hÉireann.
Seo a leanas na socruithe don dá dhíospóireacht agus beidhfáilte mhór roimh an bpobal.
Ionad: Óstán Salthill, Bóthar na Trá, Gaillimh
Dáta: Dé Céadaoin 22 Eanáir 2020 Am: 4.30 p.m.
4.30 p.m.- Sóisear
Foireann A: Pobalscoil Chorca Dhuibhne, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Foireann B: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. naGaillimhe
Foireann C: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath
Foireann D: Coláiste Pobail Ráth Chairn, Ráth Chairn, Áth Buí, Co. na Mí
Rún: Tá cúis ghearáin ag feirmeoirí nahÉireann!
5.45 p.m.- Sinsear
FoireannA: Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe
FoireannB: Coláiste Eoin, Baile an Bhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath
FoireannC: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
FoireannD: Pobalscoil Ghaoth Dobhair, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn
Rún: Ba cheart dúinn bata agus bóthar a thabhairt don rialtas seo ag an olltoghchán atá le teacht!
Dóibh siúd nach mbeidh ábalta freastal ar an ócáid beidh na díospóireachtaí á chraoladh beo ar leathanach Facebook Molscéal TG4 !
Tuilleadh Eolais: Sean Ó Ceallaigh, Gael Linn,seanc@gael-linn.ie 01 6753299 nó
Tomás Ó Cadhla, Gael Linn, tomasrua@gael-linn.ie 087 7474927

Pobalscoil Chorca Dhuibhne - Sóisear

Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua- Sóisear
Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal - Sinsear
Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua - Sinsear

Coláiste Eoin, Sinsear

Coláiste Pobail Ráth Chairn - Sóisear

Pobalscoil Ghaoth Dobhair - Sinsear

Coláiste Eoin - Sóisear