Friday, 01 May 2020

SPRAOICHEIST BUNSCOILE

SPRAOICHEIST BUNSCOILE
 

Beidh Spraoicheist do dhaltaí bunscoile (Rang 3 – Rang 6) ar líne ar siúl gach Máirt ag 12.30i.n. Beidh na ceisteanna ar fad oiriúnach don aoisghrúpa seo, ach tá fáilte roimh pháistí níos óige páirt a ghlacadh ann chomh maith. Níl uait ach ríomhaire glúine AGUS guthán cliste leis an app “Kahoot!” íoslódáilte air chun imirt. Is féidir le níos mó ná páiste amháin in aon tigh páirt a ghlacadh ann ach guthán leis an app “Kahoot!” a bheith ag gach páiste má theastaíonn uathu imirt go neamhspleách. Má tá suim agaibh páirt a ghlacadh sa Spraoicheist, cláraigh anois tríd ríomhphost a sheoladh chuig TomasRua@gael-linn.ie roimh 10.00r.n. ar an Mháirt. Scaip an scéal!