Thursday, 14 May 2020

Teach le Chéile - gach Déardaoin 6i.n.

Teach le Chéile - gach Déardaoin 6i.n.

Tá sraith fhíseáin beo á chraoladh ag Gael Linn ar bhonn seachtainiúil (GACH Déardaoin, @6i.n.) ar leathanach Facebook Gael Linn agus ar leathanach Facebook Molscéal. ‘Teach le Chéile’ an t-ainm atá ar an tsraith, áit ina mbogfar ó theach go teach gach seachtain. Tabharfar cuairt ar amhránaithe, ar cheoltóirí agus ar scéalaithe aitheanta. Is deis iontach é seo le gnéithe difriúla den siamsaíocht a fheiceáil, go háirithe agus muid go léir ag fanacht sa mbaile.

 

Táimid tagtha chuig deireadh an tsraith 'Teach le Chéile' an tseachtain seo (9 Iúil). Bhí an-áthas orainn gurb iad na deartháireacha ceolmhara Pax agus Macdara Ó Faoláin as An Rinn i gCo. Phort Láirge agus Victoria Pierce as St. Paul, Minnesota sna Stáit Aontaithe Meiriceá, a bhí ar ‘Teach le Chéile’. Seinneann na deartháireacha réimse leathan d’uirlisí agus canann siad meascán d’amhráin ar an sean-nós chomh maith le hamhráin thraidisiúnta Béarla. Tá an bheirt acu sa mbanna ceoil clúiteach Nuadán, banna a bhfuil an-dul chun cinn déanta acu agus dhá albam dá gcuid féin eisithe acu, 'Lá Laindí Lugha' (2016) agus ‘Dén Díobháil’ (2019). Bíonn siad le cloisteáil ag seinm ag ócáidí in Éirinn agus thar lear. Tá Victoria aitheanta mar dhuine de na ceoltóirí óga is fearr a sheinneann ceol traidisiúnta sna Stáit Aontaithe, i Minnesota ach go háirithe, áit ina mhaireann roinnt de na réaltaí ceoil traidisiúnta is mó le rá ar nós Paddy O'Brien, Seán Gavin agus dlúthchara Victoria, Dáithí Sproule. Is amhránaí agus tionlacaí den scoth í Victoria chomh maith le bheith ina banjodóir cumasach. Tá an triúr seo le chéile sa Rinn ó thosaigh an dian-ghlasáil agus tá siad ríméadach an ceolchoirm seo a roinnt libh!

 

Pax Ó Faoláin

Is fidléir agus amhránaí é Pax atá dílis dá cheird ceoil agus do thraidisiún ceoil agus amhránaíocht na nDéise, chomh maith le dúil a bheith aige i stíleanna ceoil traidisiúnta éagsúla ar fud na tíre. Chríochnaigh sé BMus i gCeolscoil Chorcaí i 2019 inar dhírigh sé a chuid staidéar ar thaibhiú agus tá cúrsa MA i mBainistiú Ealaíona agus Léiritheoireacht Chruthaitheach i UCC díreach críochnaithe aige le déanaí. Tá sé mar aidhm aige na healaíona Gaelacha a chur chun cinn in aon slí gur féidir leis agus tá súil aige a shaol a chaitheamh dá réir.

 

Macdara Ó Faoláin

Tá Macdara aitheanta ar dhuine de na tionlacaithe is fearr i saol an cheoil traidisiúnta agus is veidhleadóir agus amhránaí den scoth é chomh maith. Is sár-dhéantúsóir uirlise é Macdara chomh maith agus tá a thuiscint ar an bouzouki agus uirlisí téada le feiceáil sna huirlisí a dhéanann sé. Tá sé tar éis taifead le cúpla ealaíontóir thraidisiúnta eile le cúpla bliain anuas, Páraic Mac Donnchadha agus Shane Meehan ina measc, chomh maith le taifeadtaí baile d'ard chaighdeán a eisiúint le ceoltóirí eile agus ina aonar ar YouTube le linn na dianghlasála.

 

Victoria Pierce

Is í Victoria duine de na ceoltóirí óga is fearr a sheinneann an cheol thraidisiúnta i Meiriceá agus tá ardmheas uirthi i measc lucht leanta an cheoil thraidisiúnta. D'fhoghlaim sí neart uirlisí is í ag fás aníos i Uganda, an veidhlín agus giotár clasaiceach ina measc, ach dhírigh sí ar an mbanjo le roinnt blianta anuas agus thosaigh sí ag seinm leis an réalta ceoil Daithí Sproule i Minneapolis ó bhog sí ann. Seinneann Daithí agus Victoria le chéile go minic agus tá rian Dhaithí ar an stíl atá aici ar an ngiotár chomh maith leis an stíl amhránaíochta atá aici. Tá sí ag foghlaim Gaeilge ó Mhacdara ó thosaigh siad ag dul amach lena chéile agus seans go gcloisfear roinnt amhránaíochta as Gaeilge uaithi sa cheolchoirm!

 

Is féidir féachaint siar ar 'Teach le Chéile' le Pax & Macdara Ó Faoláin & Victoria Pierce anseo agus ar gach eipeasóid eile sa tsraith thíos! Tá súil againn gur bhain sibh taitneamh as 'Teach le Chéile'!

 

Go dtí seo ar 'Teach le Chéile:

Peadar Ó Riada, 7 Bealtaine

Cuireadh tús leis an tsraith ‘Teach le Chéile’ ar an Déardaoin, 7 Bealtaine. Ó Chúl Aodha a bhí an craoladh, leis an gceoltóir iomráiteach Peadar Ó Riada. Sheinn Peadar roinnt poirt dá chuid féin ar an gconsairtín agus rinne sé cur síos ar na píosaí. Tá teacht fós ar Pheadair agus na píosaí a sheinn sé dúinn anseo.

 

Máire Ní Choilm, 14 Bealtaine

Chuamar ó Riada amháin go Riada eile, Déardaoin, 14 Bealtaine nuair a thugamar cuairt ar bhuaiteoir Chorn Uí Riada 2019, Máire Ní Choilm. Amhránaí ar an sean-nós mór le rá is ea í, as Mín an Iolair, na Doirí Beaga. Tá an-aithne ar mhuintir Mháire mar cheoltóirí, a hathair Gerry ina measc. Roinn sí neart eolais agus amhráin áille linn. Tá teacht ar chlár Mháire agus a cuid amhráin anseo.

Is féidir teacht ar liricí na hamhráin a chan Máire anseo.

 

Pádraig Ó Briain, 21 Bealtaine

Bhí an scéalaí aitheanta, Pádraig Ó Briain linn ar an Déardaoin, 21 Bealtaine. Rugadh Pádraig i gCo. Chiarraí, is scéalaí nádúrtha é agus scéalta ínste aige ar fud na tíre seo go léir. Bhí sé go minic mar scéalaí ag an bhféile iomráiteach ar Oileán Chléire. Tá sé ábalta scéalta a rá atá oiriúnach do gach éinne ó aois 3 go 103. Baineann daoine fíor thaitneamh as a scéalta, a dhánta agus a chuid amhráin - ínste ina shlí speisialta, spórtúil féin. Tá teacht ar Phádraig agus ar na scéalta a d'inis sé dúinn anseo.

 

Na Casaidigh: Feargus, Maitiú agus Stiofán, 28 Bealtaine

Bhí an-áthas orainn go raibh Feargus Ó Casaide agus a bheirt mhac, Maitiú agus Stiofán linn 28 Bealtaine. As Gaoth Dobhair ó dhúchas, ach atá ag cur fúthu anois i Raghnallach, tá cáil bainte amach ag Clann Uí Chasaidigh go hidirnáisiúnta ó lár na n-ochtóidí mar ghrúpa ceoltóirí traidisiúnta. Bíonn meascán d’uirlisí á sheinm acu, na píb uilleann, an fheadóg stáin, an bodhrán, an giotár chomh maith mar fhonnadóireacht álainn. Tá a gcáil féin bainte amach ag an chéad ghlúin eile de Na Casaidigh. Ghlac Stiofán páirt i gcomórtas Siansa Gael Linn 2016 agus d’éirigh lena ghrúpa an bua a fháil. Bronnadh gradam Ceoltóir Óg na Bliana TG4 ar Mhaitiú in 2015 agus tá albaim eisithe aige leis na grúpaí ‘The Bonnymen’ agus ‘Ré’. Tá teacht ar Na Casaidigh - Feargus, Maitiú, Stiofán agus a gcuid amhráin anseo.

Tá liricí na hamhráin a chan siad anseo.

 

Caoimhín Ó Fearghail, 4 Meitheamh

Thugamar aghaidh ar An Rinn i nGaeltacht Phort Láirge ar an 4 Meitheamh, áit a rabhamar leis an gceoltóir aitheanta Caoimhín Ó Fearghail. Tá cáil bainte amach ag Caoimhín go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar cheoltóir oilte. Chas sé píosaí ceoil dúinn ar na píb uilleann agus ar an bhfeadóg stáin chomh maith. Is féidir féachaint ar an eipeasóid anseo


Má tá suim agat níos mó ceoil a chloisteáil ó Chaoimhín tá gach eolas anseo.



Étáin agus Máire Ní Churraoin (An Chéad Ghlúin Eile), 11 Meitheamh

Ba iad na deirfiúracha áille Étáin agus Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, Co. na Mí a bhí linn ar an 11 Meitheamh. Tá cáil bainte amach ag an gclann mar cheoltóirí agus amhránaithe ar an sean-nós. Chan siad amhráin ar an sean-nós aitheanta dúinn agus bhí scéalta deasa acu chomh maith. Is féidir féachaint ar an eipeasóid anseo.

 

Gheobhaidh tú cóip de liricí na hamhráin a chan siad anseo.

 

Lasairfhíona Ní Chonghaile, 18 Meitheamh

Bhí an-áthas orainn go raibh an t-amhránaí álainn Lasairfhíona Ní Chonaola, as Inis Oírr Árainn linn ar an 18 Meitheamh. Amhránaí ar an sean-nós clúiteach í Lasairfhíona, atá ag gabhail fhonn ó bhí sí an-óg. Chan sí amhráin ar an sean-nós aitheanta go binn dúinn agus rinne sí cur síos ar chúlra na hamhráin chomh maith. Is féidir breathnú siar leis an eipeasóid anseo.

 

Is féidir teacht ar liricí na hamhráin a chan Lasairfhíona anseo.

 

Áine Ní Ghlinn, 25 Meitheamh

Is í an t-iriseoir, file, drámadóir agus scríbhneoir do pháistí Áine Ní Ghlinn a bhí linn ar an 25 Meitheamh. Tá sí ag feidhmiú mar Laureate na nÓg (2020-2022) Chomhairle Ealaíon na hÉireann faoi láthair. D'inis sí scéalta deasa dúinn agus dúirt sí roinnt dá cuid dánta féin chomh maith. Is féidir féachaint ar an eipeasóid anseo

 

IMLÉ agus Róisín Seoighe

 

Ba iad an banna clúiteach IMLÉ a bhí linn ar an 2 Iúil agus bhí aoi speisialta leo ar an gclár, an t-amhránaí agus cumadóir iomráiteach as Conamara, Róisín Seoighe. Chas siad amhráin ón chéad albam a d’eisigh IMLÉ agus roinnt amhráin nua, ‘Do Chuid Jeans’, amhrán nua a eisíodh faoi lipéad Gael Linn ar an 10 Iúil. Is féidir libh éisteacht siar leis an eipeasóid anseo