Thursday, 21 January 2021

Comórtas Scléip Gael Linn BEO ar líne!

Comórtas Scléip Gael Linn BEO ar líne!

Comórtas Scléip Gael Linn ar líne!

 

Don chéad uair riamh, beidh Comórtas Scléip Gael Linn le feiceáil beo ar líne!

 

Craolfar réamhbhabhtaí an chomórtais thar ceithre lá an tseachtain seo chugainn, ón Luain, 25 Eanáir, agus Déardaoin, 28 Eanáir ag 7i.n. Tháinig beagnach 100 iarratas isteach do chomórtas na bliana seo agus fuair na moltóirí deis breathnú ar gach iontráil físe thar thréimhse na Nollag. Is é Micheál Ó Ciaraidh ó MÓC2 a chuirfidh na cláir seo i láthair agus is iad na moltóirí Gráinne Bleasdale agus Pádraig Ó Conghaile (MC Muipéad) a bheidh le feiceáil ar an gclár, thar cheann an phainéal moltóireachta. Craolfar na cláir ar cainéal YouTube Gael Linn agus ar leathanaigh Facebook Gael Linn, Scléip Gael Linn, Molscéal agus MÓC2.

 

Cliceáil anseo don promo / tá naisc chuig na cláir uile thíos.

 

Cuirfear tús leis an tsraith seo i gCúige Mumhan Dé Luain seo chugainn (25 Eanáir) ag 7i.n. Feicfidh muid scoth na gceoltóirí, amhránaithe agus bannaí ceoil ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ó Ghaelcholáiste Muire AG, ó Ghaelcholáiste Chiarraí agus ó Ghaelcholáiste Choilm.

 

Rachaidh muid ó thuaidh don dara clár sa tsraith. Craolfar Réamhbhabhta Chúige Uladh Dé Máirt seo chugainn (26 Eanáir) ag 7i.n. Feicfidh muid scoth na gceoltóirí, amhránaithe agus bannaí ceoil ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, ó Phobalscoil Chloich Cheann Fhaola, ó Choláiste Oiriall, ó Ghaelcholáiste Mhic Dhiarmada agus ó Choláiste Ailigh.

 

Ar an taobh thiar den tír a bheidh muid don tríú clár sa tsraith. Craolfar Réamhbhabhta Chúige Chonnacht Dé Céadaoin seo chugainn (27 Eanáir) ag 7i.n. Feicfidh muid scoth na gceoltóirí, amhránaithe agus bannaí ceoil ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, ó Choláiste an Eachréidh, ó Choláiste na Coiribe, ó Choláiste Naomh Feichín, ó Choláiste Cholmcille, ó Choláiste Croí Mhuire agus ó Scoil Phobail Mhic Dara.

 

Beidh gach iomaitheoir a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí Craobh Scléip 2021 ar eolas againn Déardaoin seo chugainn (28 Eanáir), nuair a chraolfar Réamhbhabhta Chúige Laighean ag 7i.n. Feicfidh muid scoth na gceoltóirí, amhránaithe agus bannaí ceoil ó Ghaelcholáiste Cheatharlach, ó Choláiste na Tulchann, ó Scoil Chaitríona, ó Mheánscoil Gharman, ó Choláiste Cois Life, ó Choláiste Phobail Osraí, ó Ghaelcholáiste Chill Dara, ó Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad agus ó Choláiste Íosagáin agus Eoin.

 

Cé a bheidh ag dul ar aghaidh go dtí Craobh Scléip 2021?! Bí linn do chraoladh an tsraith ’Réamhbabhtaí Scléip 2021’ le haghaidh sin a fháil amach!

 


 

Naisc:

Craolfar na seónna ar na naisc seo thíos:

     Dé Luain, 25 Eanáir @ 7i.n.Réamhbhabhta Chúige Mumhan

Nasc YouTube:  https://youtu.be/7xmR74zGLs4

Nasc Facebook: https://www.facebook.com/677013282417030/posts/3624072464377749/?d=n

Clár na hÓcáide

 

     Dé Máirt, 26 Eanáir @ 7i.n. – Réamhbhabhta Chúige Uladh

Nasc YouTube:  https://youtu.be/eXSnqoqgQfA

Nasc Facebook:  https://www.facebook.com/677013282417030/posts/3624083694376626/?d=n

 Clár na hÓcáide

 

     Dé Céadaoin, 27 Eanáir @ 7i.n. – Réamhbhabhta Chúige Chonnacht

Nasc YouTube:  https://youtu.be/zJWCtdFUuTg

Nasc Facebook: https://www.facebook.com/677013282417030/posts/3626216854163310/?d=n

 Clár na hÓcáide

 

     Déardaoin, 28 Eanáir @ 7i.n.Réamhbhabhta Chúige Laighean

Nasc YouTube:  https://youtu.be/fV2_QxfWwd8

Nasc Facebook: [Beidh an nasc seo ar fáil níos deireanaí anocht/amárach]

 Clár na hÓcáide