Friday, 29 January 2021

Slán le Seán Ó Ceallaigh

Slán le Seán Ó Ceallaigh

Is é scéal mór na seachtaine seo i nGael Linn ná go bhfuil Seán Ó Ceallaigh, Bainisteoir na Scéimeanna Náisiúnta, ag dul ar scor. Is iomaí duine atá a chuid saineolas roinnte aige leo agus oiliúint curtha aige orthu agus is cailliúint mhór a bheidh ann dúinn uile gan é a bheith timpeall na háite. Is cinnte go bhfuil ardmheas ar Sheáin san eagraíocht agus taobh amuigh de agus tá an-aithne air i saol na Gaeilge.

Tá 47 bliain caite ag Seán Ó Ceallaigh ag obair le Gael Linn agus i rith an tréimhse sin, tá an oiread oibre déanta aige don eagraíocht a chuaigh chun leasa dúinn. Chaith Seán an chuid is mó de na blianta ag obair gan dua le scéimeanna oideachais na heagraíochta: na Comórtais Díospóireachta (dara agus tríú leibhéal), Slógadh, Scoláireachtaí Trí Mhí Gaeltachta (bunscoile), Cúrsaí Samhraidh, Féilte Peile, Comórtais Clár Raidió, Cláir Thráth na gCeist ar RTÉ (‘Ceist agam ort’ agus ‘Buille faoi thuairim’), Siansa, Gaelbhratach, Coirm, Scléip agus go leor eile! Is mór chun tairbhe a chuaigh na scéimeanna seo ar fad, á bhuíochas sin d’obair Sheáin. Tá bealach sibhialta, réchúiseach ag Seán agus é i mbun oibre, bíonn gach rud eagraithe go ciúin agus go héifeachtach aige - ní raibh strus riamh air toisc an dea-ullmhúchán a bhíodh déanta aige.

Tá súil againn a Sheáin nach mbeidh sé i bhfad go mbeidh tú thíos ar an ngalf cúrsa i gcomhluadar do chomrádaithe! Go raibh míle maith agat as chuile rud a rinne tú do Gael Linn thar na blianta. Guíonn gach duine i nGael Linn agus i saol na Gaeilge gach rath ort don todhchaí. Bhí an t-ádh linn aithne a chur ort agus a bheith ag obair i do chuideachta. Aireoidh muid uainn go mór tú, ní bheidh do leithéid ann arís.